Méid an Téacs

Féilte Coirm

Samhain 18, 2010

Tá sé mar aidhm ag COIRM GAEL LINN spreagadh a thabhairt do lucht bunscoile seó i nGaeilge a chur ar an ardán a léireoidh na tallanna éagsúla atá ag daltaí na scoile, bídís ón rang céanna nó ó ranganna éagsúla. Sa tslí seo tá Gael Linn ag súil meas agus spéis na bpáistí sa Ghaeilge a neartú agus deis a thabhairt dóibh í a chleachtadh chomh maith.

Eagraítear Féilte Coirm Gael Linn ar fud na tíre in ionaid oiriúnacha, le háiseanna maithe amharclannaíochta le linn Feabhra/Márta. (Ní eagraítear aon fhéile le linn an bhriseadh meántéarma). Socraítear na hionaid agus na dátaí nuair a bhíonn na hiarratais uile istigh agus cuirtear in iúl do na múinteoirí iad roimh Nollaig. Is féilte lánghaeilge iad féilte Coirm. Dá bhrí sin tá Coirm dírithe ar ghaelscoileanna agus ar scoileanna gaeltachta go príomha. Cuirtear fáilte áfach, roimh seónna ó bhunscoileanna eile ach na páistí a bheidh sásta Gaeilge a labhairt agus iad ar láthair na féile.
Ní mór na foirmeacha iontrála comhlánaithe a bheith ar ais ag Gael Linn roimh 6 Nollaig 2010.

Tá tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ar fáil ar shuíomh Ghael Linn.