Inis do Scéal – Ceardlann Oiliúna do Naíonraí
Feabhra 9, 2016
DÁTAÍ AN CHEARDLAINNE ATHRUITHE: Beidh an ceardlann margaíochta seo curtha siar ón 9ú Márta chuig 20ú Aibreán. Beidh deis ag aon stiúrthóir a ghlacann páirt sa cheardlann na leabhair álainn seo ón nGúm a bhuachan! Tapaigh an deis!
- Ar mhaith leat tuilleadh a fhoghlaim faoi chonas margaíocht éifeachtach a dhéanamh ar do sheirbhís naíonra?
- Ar mhaith leat tuilleadh úsáideoirí a mhealladh chuig do sheirbhís?
- Ar mhaith leat láithreacht níos mó a bheith ag do naíonra sa phobal áitiúil?
Cuirfear tús go luath le sraith cheardlann phraiticiúil bunaithe ar an treoirleabhar margaíochta, Inis do Scéal, foilsithe ag Gaelscoileanna Teo. i gcomhpháirt le Forbairt Naíonraí Teoranta. Deis iontach a bheidh ann do stiúrthóirí teacht le chéile, freastal ar sheisiún oiliúna fiúntach agus taitneamhach agus dea-chleachtais a roinnt lena chéile. Beidh an chéad cheardlann ar siúl in Óstán Pháirc an Chrócaigh ar an 20ú Aibreán ó 19.00-21.00, agus á cur i láthair ag oifigigh forbartha Gaelscoileanna Teo., Ciara Ní Bhroin agus Cormac Ó Feinneadha. Díreofar sa cheardlann seo ar conas fógraíocht éifeachtach a dhéanamh ar an naíonra agus ar úsáid na meán sóisialta, ar mhaithe le tuismitheoirí a mhealladh agus pobal an naíonra a chothú. Níl gá le haon réamheolas a bheith agat maidir le hábhar na ceardlainne agus beidh neart deiseanna ann le ceisteanna a chur agus plé a dhéanamh ar a bhfuil ann. Níl táille i gceist leis an gceardlann, agus bronnfar cóip den lámhleabhar ar rannpháirtithe. Reáchtáilfear ceardlanna eile i gCorcaigh, Luimneach, Gaillimh agus ceantair eile de réir éilimh sna míonna amach romhainn. Tá an cheardlann ar an 20 Aibreán in Óstán Pháirc an Chrócaigh teoranta do 20 rannpháirtí, agus is gá clárú trí teagmháil a dhéanamh leis an oifig ar 01 8535195 nó oifig@gaelscoileanna.ie.
Tá carrchlos ag an óstán agus tá sé saor in aisce páirceáil ann.