Lá den scoth – Comórtas Tras-Tíre 2012
Márta 6, 2012
Ar an gCéadaoin, Feabhra 29ú 2012, chas na paistí le chéile i nDroichead na hInse ó Ghaelscoil Inse Chór, Gaelscoil Bharra, Gaelscoil Naomh Pádraig, Gaelscoil Lios na n-Óg agus Gaelscoil na Camóige. Ar lá breá bog, foirfe chun dul ag rith, chuaigh na páistí chuig an líne réidh don rás.
Is iad na cailíní faoi 10 a thosaigh ar chúrsa 400m, le hAoibh Nic an tSaoir (GSIC) a bhuaigh. B’iad Gaelscoil na Camóige a bhuaigh an comórtas foirne. Lean na buachaillí faoi 10 iad ar chúrsa 500m, le Warren Ó Curráin (GSIC) trasna an líne ar dtús agus a fhoireann taobh thiar mar an chéad fhoireann.
Sna rásaí sinsir, bhuaigh Caoimhe Ní Nualláin (GSIC) a rás 600m ar fhad, le Gaelscoil na Camóige an chéad fhoireann agus b’é Conchúr Ó Broin (Gaelscoil na Camóige) a bhuaigh rás na mbuachaillí thar chúrsa 800m lena fhoireann á leanúint don chéad áit sa chomórtas foirne.
Sár lá a bhí ann don Ghaeilge agus don lúthchleasaíocht le boinn roinnte idir na scoileanna ar fad. Bhí moladh ar leith faighte ón lúthchleasaí Seán Hehir, a bhronn na boinn ar na páistí. Maith sibh a pháistí agus leanaigí ag rith!