Leagan Gaeilge de láithreán gréasán Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn le seoladh
Bealtaine 13, 2013
Dé Luain an 27 Bealtaine, seolfaidh an Coimisinéir Eorpach, Máire Geoghegan-Quinn, leagan Gaeilge de láithreán gréasán Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn – http://www.euireland.ie/failte
Tugann an láithreán gréasáin léargas cuimsitheach ar institiúidí agus ar bheartais an Aontais Eorpaigh. Is acmhainn luachmhar é do scoileanna a thugann eolas ar an réimse acmhainní atá ar fáil saor in aisce ón Ionadaíocht. Tá eolas úsáideach ar chearta shaoránaigh an Aontais Eorpaigh ann freisin, rud atá ábharach go háirithe i mbliana – Bliain Eorpach na Saoránach 2013. Tá eolas stairiúil ann freisin faoin am a chuaigh Éire isteach sa CEE in 1973 agus faoi thionchar bhallraíocht an AE ar Éirinn, rud eile atá tábhachtach in 2013 ó tharla go bhfuil Éire ag comóradh cothrom 40 bliain de bhallraíocht an AE. Is féidir le cuairteoirí ar an láithreán teacht ar eolas freisin faoi dheiseanna fostaíochta san AE mar aon le cur síos ar dhaoine as Éirinn atá ag obair don Aontas Eorpach.
D’aistrigh foireann aonad Gaeilge an Choimisiúin Eorpaigh in Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin téacs an láithreáin ghréasáin.