Méid an Téacs

Leasú Mór ar an Teastas Sóisearach á fhógairt ag an Aire Quinn

Deireadh Fómhair 4, 2012

Tá an tAire Oideachais agus Scileanna ag fógairt go bhfuil sé chun leasú bunúsach a dhéanamh ar an Teastas Sóisearach. Leis na pleananna atá á nochtadh inniu ag an AireRuairí Quinn T.D. beidh na mic léinn, seachas na scrúduithe, ag croílár an chur chuige nua don mheasúnú.

“Tá fhios againn cheana féin go bhfuil líon suntasach de mhic léinn na céad bliana ann nach ndéanann dul chun cinn sa Bhéarla agus sa Mhatamaitic – eochairbhloic thógála na foghlama,” adúirt antAireQuinn.

“Tá an iomarca mac léinn ann a ‘lascann as’ sa dara bliain agus nach ndéanann ateagmháil ar bith leis an bhfoghlaim. Tá fhios againn go bhfuil saol mac léinn na tríú bliana faoi smacht na n-ullmhúchán do scrúduithe an Teastais Shóisearaigh agus go mbíonn an fócas cúngaithe go dtí feidhmíocht sna scrúduithe seachas caighdeán na foghlama. Tá sé thar am an scéal seo a chur ina cheart – ar mhaithe lenár mac léinn agus lenár múinteoirí.”

Is ionann na pleananna atá ag an Aire agus an t-athrú is bunúsaí ar chlár anTeastais Shóisearaigh ó cuireadh deireadh le scrúduithe na Meánteistiméireachta agus an Teastais Ghrúpa in 1991. Tá glactha go ginearálta ag an Aire Quinn le tograí atá curtha faoi bhráid ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) le clár nua timthrialla shóisearaigh a thabhairt isteach.

Beifear ag súil go ndéanfaidh na scoileanna clár a sheachadadh a chuirfidh ar chumas na mac léinn raon leathan scileanna a fhorbairt, ina measc scileanna smaoinimh chriticiúil agus scileanna bunúsacha ar nós na huimhearthachta agus na litearthachta.

Déanfaidh formhór na mac léinn 8 n-ábhar ar a laghad agus 10 n-ábhar iomlána ar a mhéid chun críche an teastasaithe sa timthriall sóisearach nua. Is féidir le mic léinn dhá chúrsa gearra a chur in ionad ábhair iomláin amháin, rud a thabharfaidh deis chun roghanna a dhéanamh ar nós na Sínise nó an Chorpoideachais nó na Litearthachta sna Meáin Dhigiteacha. Beidh scoileanna in ann chomh maith a gcuid cúrsaí gearra féin a thairiscint de réir na sonraíochtaí a bheidh curtha ar fáil ag an CNCM. Tabharfaidh sé seo an tsolúbthacht do scoileanna an clár a chur in oiriúint do riachtanais na mac léinn sa cheantar acu – mar shampla, d’fhéadfadh cúrsa gearr díriú ar ghné den tionsclaíocht áitiúil, den talmhaíocht nó den oidhreacht.

Tá sé aitheanta ag an Aire Quinn go bhfuil an scrúdú reatha tar éis brú mór a chur ar an dteagasc agus ar an bhfoghlaim. Adúirt sé, “Ní scrúdú é an Teastas Sóisearach a thuilleadh a bhuil mórán ag brath air ach mar sín féin caithimid leis amhail is dá mba ‘rith trialach’ don Ardteistiméireacht é – rud a théann chun dochair do mhórán dár mac léinn. Tá fianaise dhiongbháilte ann as mórán tíortha a léiríonn gur fearr a fheidhmeoidh cuid mhór de na mic léinn má bhogann siad ar shiúl ó scrúduithe cheann cúrsa den saghas seo.”

In ionad Scrúduithe cheann cúrsa an Teastais Shóisearaigh cuirfear samhail scoil-bhunaithe mheasúnaithe ina mbeidh an bhéim ar cháilíocht eispéireas foghlama an mhic léinn. Déanfar é seo ar bhonn céimnithe agus is é an Béarla an chéad ábhar a thabharfar isteach do mhic léinn na Céad Bliana in 2014.

Beidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) gafa le measúnú an Bhéarla, na Gaeilge agus na Matamaitice sna blianta tosaigh mar aitheantas ar an ról lárnach a imríonn na hábhair seo san uimhearthacht agus sa litearthacht. Scrúdófar na hábhair seo ag an ardleibhéal agus ag an ngnáthleibhéal, agus measúnófar na hábhair eile go léir ag an ngnáthleibhéal. Soláthróidh an CSS agus an CNCM ábhair chomh maith do scoileanna chun cabhrú leis an measúnú leanúnach ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachtáil na mac léinn.

Níl sa tsamhail scoil-bhunaithe mheasúnaithe seo ach eilimint amháin den chur chuige úr don mheasúnú sa timthriall sóisearach nua. Ó 2014 amach, seasfaidh mic léinn na dara bliana tástálacha caighdeánaithe i léamh an Bhéarla agus sa Mhatamaitic, agus i léamh na Gaeilge i nGaelscoileanna. Ó 2016 amach, cuirfear tástáil chaighdeánaithe san Eolaíocht san áireamh chomh maith. Tá an CNCM ag forbairt chomh maith cárta tuairisce nua do thuismitheoirí a thabharfaidh i bhfad níos mó eolais dóibh i dtaobh dul chun cinn foghlama a mic nó a n-iníne.

Lean an tAire air, “Ní bhaineann sé seo lenár gcuid scoileanna, mac léinn agus múinteoirí bheith ag déanamh tuilleadh oibre sa timthriall sóisearach. Baineann sé le hiad a bheith ag déanamh rudaí i mbealach difriúil. Tá na múinteoirí ag déanamh an-jab cheana féin, ach is minic a bhíonn siad srianta leis na mbrú chun múineadh de réir na tástála. Saoróidh an timthriall sóisearach nua leasaithe múinteoirí agus a gcuid mac léinn. Rachaidh sé chun leasa na dtuismitheoirí chomh maith trín i bhfad níos mó a bheith ar eolas acu faoi ghnóthachtálacha a gcuid páistí thar na trí bliana den timthriall sóisearach ná mar a d’fhéadfaidís a fháil amach riamh ó theastas Scrúdaithe Stáit ag deireadh an Teastais Shóisearaigh.”

Éileoidh an fócas nua ar an measúnú Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (FGL) suntasach do na múinteoirí agus do na Príomhoidí. Cuirfear tús leis na cláir thacaíochta seo in 2013.

“Táim tar éis éisteacht le múinteoirí agus le Príomhoidí a bhí ag iarraidh go mbeadh an timthriall sóisearach nua acmhainnithe go hiomlán. Ní bhaineann na hathruithe atá á bhfógairt agam inniu le coigilt an airgid, le fírinne cosnóidh siad i bhfad níos mó orainn ná mar a tharlódh mura ndéanfainn tada. Fiú in am seo na géarchéime airgeadais, áfach, creideann an Rialtas gur chóir infheistiú inár gcuid páistí agus cuirfidh mé ar fáil na hacmhainní go léir a theastaíonn chun a chinntiú go n-éiríonn leis an timthriall sóisearach nua,” adúirt an tAire Quinn mar fhocal scoir.

Tá fógra an lae inniu ag teacht i ndiaidh fhoilsiú Towards a Framework for Junior Cycle – Innovation and Identity leis an CNCM i mí na Samhna seo caite. Tá pléanna mionsonraithe tar éis bheith ann idir an CNCM, oifigigh as an Roinn Oideachais agus Scileanna, an CSS agus na comhpháirtithe oideachais faoina gcur i bhfeidhm siúd.

Dúirt an Dr. Anne Looney, POF an CNCM, “Tar éis don CNCM athbhreithniú a dhéanamh, ba léir go mba ghá dúinn tosnú ar an bpróiseas a bhain le bogadh ar shiúl ó scrúdú cheann cúrsa i dtreo tuilleadh béime a chur ar an measúnú scoil-bhunaithe, agus chuireamar comhairle ar an Aire ar an mbonn sin. Tá an chomhairle sin glactha aige agus tá sé tar éis dul céim níos faide leis, agus a chomharthú go bhfuil sé ag cur deireadh leis an scrúdú cheann cúrsa a bhíomar i dtaithí air sa chaoi go mbeimid in ann díriú ar an tsamhail scoil-bhunaithe ar mhaithe leis féin, seachas é bheith de bhreis ar an méid a dhéanaimid faoi láthair i scrúdú an Teastais Shóisearaigh. I gcóras atá chomh mór sin i dtaithí ar na scrúduithe, beidh sé ina dhúshlán do gach duine – lastigh den chóras agus lasmuigh de – iad féin a oiriúnú don mheon nua. Ach tá fianaise an taighde soiléir faoi na sochair a théann leis an meon nua sin – do mhúinteoirí, do na mic léinn agus do na tuismitheoirí. Agus go ngabhann na sochair sin ar aghaidh in éineacht leis na mic léinn go dtí an chéad chéim eile dá n-oideachas iar-bhunscoile.”

Dúirt Aidan Farrell, POF an CSS, “Tá an CSS ag súil le bheith ag obair leis an Roinn, leis an CNCM agus leis na comhpháirtithe oideachais chun na tograí seo a chur i gcrích. Oibreoimid go dlúth leis an CNCM chun uirlisí measúnaithe a dhearadh agus a fhorbairt a thacóidh leis na scoileanna agus leis na múinteoirí agus iad ag seachadadh na samhla nua measúnaithe.

Imreoidh an CSS ról criticiúil chun tacú leis an tionscnamh athraithe agus iad ag seachadadh scrúduithe reatha anTeastais Shóisearaigh i gcónaí. Is rud tábhachtach ar fad é go dtugann an t-athrú ag an timthriall sóisearach deis dúinn iarrachtaí níos dírithe a dhéanamh ag an timthriall sinsearach i dtreo modhanna éagsúla measúnaithe thar na hábhair scrúdaithe go léir.”