Méid an Téacs

Líonra Réigiúnach – Cruinniú i nDroichead na Bandan, 7ú Márta

Márta 30, 2011

Tá Gaelscoileanna Teo. ag iarraidh gréasán tacaíochta a spreagadh idir scoileanna, le go mbeidh deiseanna rialta ag pobail na scoile saineolas agus taithí a roinnt ar a chéile, dúshláin a phlé agus obair i dteannta a chéile. Chuige sin, tá an tír roinnte i 16 réigiúin againn agus táimid i mbun cruinnithe a eagrú i ngach ceann acu siúd.  Tugtar cuireadh do phobail na scoileanna áitiúla teacht agus bualadh le chéile i dteannta le hionadaí ón eagraíocht. Beidh cruinniú sa Munster Arms Hotel i nDroichead na Bandan, Co. Chorcaí ar an 7 Aibreán ag 5pm. Seo thíos na scoileanna atá san áireamh sa cheantar:

  • Gaelscoil Bheanntraí
  • Scoil Mhuire
  • Gaelscoil Dhochtúir Uí Súilleabháin
  • Gaelscoil Cloch na gCoillte
  • Gaelcholáiste Chloch na gCoillte
  • Gaelscoil Dhroichead na Banndan
  • Gaelscoil Chionn tSáile
  • Gaelscoil Uí Riada
  • Gaelscoil Uí Ríordáin
  • Gaelcholáiste Choilm
  • Gaelscoil Mhúscraí

Tá na cruinnithe ar oscailt do phobal uile na scoileanna; foireann, Boird Bainistíochta, tuismitheoirí agus coistí bunaithe lonnaithe sa cheantar – ar ndóigh bheadh gach fáilte roimh toscaireacht ón scoil/coiste má tá cúpla duine gur mian leo teacht! Cuirfear tae, caife agus ceapairí ar fáil, beidh cur i láthair gearr ann maidir leis na tacaíochtaí atá ar fáil ó Ghaelscoileanna Teo. agus ansin beidh deis plé ann ar na féidearthachtaí a fheiceann sibh i leith tacú agus comhoibriú lena chéile amach anseo.

Tá tuilleadh eolais le fáil ach ríomhphost a chur go Clare: cspainneach@gaelscoileanna.ie.