Méid an Téacs

Comórtas Griangrafadóireachta ‘An Timire’ – spriocdháta ar an 17 Eanáir

Eanáir 9, 2014

An Timire

An gceapann tú go bhfuil féith na griangrafadóireachta agat? Nuair a fheiceann tú griangrafanna in irisí nó nuachtáin, an ritheann an nóisean leat go mbeifeá féin in ann pictiúir níos fearr a thógáil? Bhuel, seo é do sheans. Is é “ An Geimhreadh” téama an chomórtais. Breathnaigh ar na griangrafanna samplacha anseo – is féidir cur chuige ar bith a bheith agat, fad is atá nasc idir d’obair ar bealach éigin leis an nGeimhreadh. Is féidir díriú isteach ar dhaoine, ar an an aimsir, ar an tírdhreach, ar chathracha agus bailte, ar an nadúr nó pé ábhar ar bith eile a thaitníonn leat.

Is féidir an t-eolas a íoslódáil anseo le crochadh ar clár na bhfógraí: Comórtas An Timire

Spriocdáta: Eanáir 17, 2014.

Téama: An Geimhreadh

  • Duaiseanna breátha!
  • Dhá rannóg – faoi agus os cionn ocht mbliana déag d’aois.
  • Glactar le cóipeanna crua nó leaganacha digiteacha jpeg.
  • Is féidir gach iontrálaí trí phictiúr a chur isteach.
  • Eanáir 17, 2014 an spriocdáta le haghaidh iontrálacha.
  • Foilsítear na pictiúir is fearr in eagrán an Earraigh den Timire.

Na duaiseanna?

Tá dhá rannóg sa gcomórtas: (1) Dóibh siúd atá faoi bhun ocht mbliana déag d’aois. (2) Dóibh siúd atá os cionn ocht mbliana déag d’aois.

Sa rannóg (1) thuas beidh dearbhán leabhar ar fiú e60 é, mar chéad duais. Beidh dearbháin ar fiú e10 iad, mar fhodhuaiseanna do cheathrar iontrálaí eile.

Sa rannóg (2) thuas beidh dearbhán leabhar ar fiú e60 é, mar chéad duais. Beidh dearbháin ar fiú e10 iad, mar fhodhuaiseanna do cheathrar iontrálaí eile.

Déanfaidh coiste eagarthóireachta an Timire an breithiúnas ar an gcomórtas. Ní ghlacfar le comhfhreagras maidir le cinntí an choiste.

An bhfoilseofar saothar na mbuaiteoirí?

Feicfear obair na mbuaiteoirí in eagrán an Earraigh den Timire.

Cá seolfaidh mé mo phictiúir?

Is féidir na griangrafanna a chur chuig an seoladh ríomhphost seo: antimire@gmail.com

Nó, is féidir cóipeanna crua a sheoladh chuig: An Timire, 37 Sráid Líosáin Íocht, Baile Átha Cliath 2. Ná déan dearmad gurb é trí phictiúr an méid is mó is féidir le duine amháin a chur isteach. Is é Eanáir 17, 2014 an spriocdáta le haghaidh an comórtas. Is oth linn a rá nach féidir aon saothar a fhaightear tar éis an spriocdáta a chur san áireamh sa gcomórtas.