Méid an Téacs

Fógraíonn an tAire Quinn socruithe pátrúnachta i gcás 14 Iar-bhunscoil nua a bhunófar sna blianta 2013 agus 2014

Iúil 25, 2012

Inniu, d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, T.D., na cinntí atá déanta aige i dtaca le pátrúnacht iar-bhunscoileanna nua a bhunofar sna blianta 2013 agus 2014.

Is iad seo a leanas na pátrúin atá ceaptha:

  • Baile Bhlainséir Thiar, Baile Átha Cliath 15 – Educate Together
  • Droichead Átha, Co. Lú – Patrúnacht i bpáirt idir Coiste Gairmoideachais Chontae Lú agus Educate Together
  • Mullach Eadrad, Baile Átha Cliath 15 a- Iontaobhas Scoileanna Le Chéile
  • Na Clocha Liatha, Co. Chill Mhantáin – Eaglais na hÉireann
  • Lusca, Co. Bhaile Átha Cliath – Coiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath
  • Baile Chláir, Co. na Gaillimhe – Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe
  • An Nás, Co. Chill Dara – Coiste Gairmoideachais Chontae Chill Dara
  • An Uaimh, Co. na Mí – Coiste Gairmoideachais Chontae na Mí
  • *Cathair Chorcaí – Na Bruachbhailte ó Dheas / Carraig Uí Leighin – Coiste Gairmoideachais Chontae Corcaí
  • Maigh Nuad, Co. Chill Dara – Coiste Gairmoideachais Chontae Chill Dara
  • Dún Dealgan, Co. Lú – Coiste Gairmoideachais Chontae Lú
  • Cill Dhéagláin, Co. na Mí – Coiste Gairmoideachais Chontae na Mí
  • *Baile Brigín, Co. Bhaile Átha Cliath – An Foras Pátrúnachta
  • *Dún Droma, Co. Bhaile Átha Cliath – An Foras Pátrúnachta

*Gaelcholáistí a bheidh sna scoileanna seo, a ndéanfar an teagasc iontu trí mheán na Gaeilge

Agus pátrúnacht na scoileanna nua á fógairt aige, dúirt an tAire Quinn “Agus cinneadh á dhéanamh agam faoi phátrúnacht na scoileanna nua seo bhí mé meabhrach ar an ngá atá leis an éileamh soiléir ó thuismitheoirí ar iolrachas agus ar éagsúlacht pátrúnachta a chur san áireamh. I measc na bpátrún a ceapadh tá pátrúin a bhaineann leis an éiteas Caitliceach, le héiteas Eaglais na hÉireann, leis an éiteas ilchreidmheach agus le héiteas Ghaelcholáistí.”

“Táim thar a bheith sásta go mbeidh Educate Together ina phátrún ar scoil amháin agus ina gcomhphátrún ar scoil eile. Níl ach bliain ann ó thug mé aitheantas oifigiúil d’ET mar phátrún dara leibhéal den chéad uair. Is áthas liom, leis, go mbeidh meánscoil dheonach Chaitliceach agus meánscoil dheonach de chuid Eaglais na hÉireann i measc na scoileanna nua. Léiríonn sé sin go soiléir go bhfuilim féin agus an Roinn tiomanta d’aitheantas a thabhairt d’éitis éagsúla agus do roghanna tuismitheoirí.”

“Tá muinín agam go gciallóidh na scoileanna nua seo, le hais na scoileanna atá cheana féin i ngach ceantar, go mbeidh rogha sásúil ag tuismitheoirí agus iad ag lorg an scoil is fearr a léiríonn a n-éiteas féin.”
Buaicphointe is ea fógra an lae inniu ar phróiseas a thosaigh i Meitheamh 2011 an tráth a d’fhógair an tAire go mbeadh 20 iar-bhunscoil á mbunú suas go dtí an bhliain 2017 i suíomhanna éagsúla chun soláthar a dhéanamh do mhéadú ar líon na ndaltaí.

An tráth sin d’fhógair an tAire critéir agus socruithe nua, leis, d’aitheantas na scoileanna nua. Ar áireamh sna socruithe bhí bunú an Ghrúpa um Bunú Scoileanna Nua, grúpa comhairleach neamhspleách a bhunaigh an tAire chun comhairle a chur air i dtaca le pátrúnacht na scoileanna nua tar éis tuarascáil arna hullmhú ag oifigigh na Roinne a bheith breithnithe ag an nGrúpa. Thuairiscigh an Grúpa um Bunú Scoileanna Nua don Aire ag deireadh mhí an Mheithimh.

Iarradh ar phátrúin fianaise ar éileamh tuismitheoirí a sholáthar agus iarratas á dhéanamh ar scoil nua. Lena chois sin, chuimsigh na critéir a úsáideadh chun cinneadh a dhéanamh i dtaca le pátrúnacht an tslí a d’fhéachfadh pátrúin na scoileanna beartaithe le héagsúlacht an tsoláthair i ngach ceantar a leathnú agus a neartú, ag féachaint do thuairimí tuismitheoirí.

Ghlac an tAire buíochas le baill an Ghrúpa um Bunú Scoileanna Nua as a n-ionchur tábhachtach sa phróiseas. Arsa an tAire Quinn: “Chuir mé tús le córas leasaithe um bunú scoileanna nua agus um cheapadh pátrún scoile ionas gur próiseas oibiachtúil trédhearcach a bheadh ann. Ról criticiúil ab ea ról an Ghrúpa um Bunú Scoileanna Nua maidir le baint amach na n-aidhmeanna sin agus is mian liom mo bhuíochas a ghabháil leo as a gcuid oibre.”

Beidh oifigigh na Roinne i dteagmháil go gairid le gach ceann de na forais phátrúnachta roghnaithe maidir leis an lóistíocht a ghabhfaidh le bunú na scoileanna nua.

Osclófar ceithre cinn d’iar-bhunscoileanna i Meán Fómhair 2013, gach ceann díobh faoi phátrúnacht an Choiste Ghairmoideachais áitiúil.

Osclófar deich gcinn d’iar-bhunscoileanna nua i Meán Fómhair 2014. Díobh sin beidh ceithre cinn faoi phátrúnacht an Choiste Ghairmoideachais, ceann amháin faoi phátrúnacht Iontaobhas Scoileanna Le Chéile, dhá cheann faoi phátrúnacht an Fhorais Phátrúnachta, ceann amháin faoi phátrúnacht Eaglais na hÉireann, ceann amháin faoi phatrúnacht Educate Together agus ceann amháin faoi chomh-phátrúnacht Choiste Gairmoideachais agus Educate Together.

I gcás Mhaigh Nuad, Co. Chill Dara agus Bhaile Brigín, Co. Bhaile Átha Cliath, thug an Roinn suntas don ardleibhéal éilimh ó thuismitheoirí ar scoil Ghaeilge sna ceantair sin, rud a aithníodh le linn an phróisis. Ina fhianaise sin, beidh an Roinn ag déanamh socruithe chun an t-éileamh malartach seo a shásamh sa dá cheantar sin sa ghearrthéarma.

Gheofar tuarascáil an Ghrúpa um Bunú Scoileanna Nua chuig an Aire ag www.education.ie > Scoileanna-Coláistí > Eolas > Scoil-Nua-a-Bhunú. Ghlac an tAire Quinn le moltaí an Ghrúpa i ngach cás.