Méid an Téacs

Miontuairiscí ó chruinnithe boird Fhoras na Gaeilge 2012 foilsithe

Eanáir 29, 2013

Ní raibh ach seachtar de Chomhaltaí Boird Fhoras na Gaeilge, as Bord de seisear déag, i láthair don phlé nuair a bhí cinntí tábhachtacha le glacadh faoi mhaoiniú na hearnála deonaí Gaeilge sa bhliain 2012, de réir miontuairiscí ó chruinnithe boird Fhoras na Gaeilge a foilsíodh le déanaí.

Ciallaíonn sin go raibh níos lú na 50% den Bhord i láthair agus soláthar airgid d’eagrais dheonacha Ghaeilge ar nós Gael Linn, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge á phlé.

Faoi réir Chomhaontú Aoine an Chéasta bunaíodh An Foras Teanga, Comhlacht Forfheidhmithe Thuaidh/Theas, chun an Ghaeilge agus an Ultais a chur chun cinn. Bunaíodh Foras na Gaeilge, ar 2 Nollaig 1999, leis an nGaeilge a chur chun cinn ar fud na hÉireann, agus iad freagrach as maoiniú eagraíochtaí. Ó shin i leith tá maoiniú bliantúil curtha ar fáil ag Foras na Gaeilge d’eagraíochtaí na hearnála deonaí Gaeilge, maoiniú a íocann as riar na n-eagraíochtaí agus as na tionscadail a chuireann siad i gcrích, agus na seirbhísí a chuireann siad ar fáil don phobal. Faoi láthair is naoi n-eagraíocht déag a fhaigheann bunmhaoiniú den chineál seo ó Fhoras na Gaeilge.

De réir miontuairiscí an Fhorais is é Coiste na nDeontas a dhéanann tuairisc ar bhunmhaoiniú na nEagras Deonach Gaeilge do chruinnithe an Bhoird.

Ag cruinniú den Bhord ar 20 Aibreán 2012, ag a raibh naonúr Comhalta Boird i láthair, b’éigean de bheirt an cruinniú a fhágáil sular glacadh cinntí i leith maoiniú thionscadail éagsúla ar nós Seachtain na Gaeilge, ciste réamhscolaíochta, Clár na Leabhar Gaeilge agus bunmhaoiniú do Ghael Linn agus do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Is chun aon choimhlint leasa a sheachaint arbh ghá do na comhaltaí boird sin an cruinniú a fhágáil.

Ag cruinniú den Bhord ar 29 Meitheamh 2012, d’fhág cúigear comhalta de bharr baol coimhlint leasa lena n-áiríodh Leas-Chathaoirleach an Bhoird nuair a bhí cinneadh á ghlacadh maidir le bunmhaoiniú na n-eagras dheonach uile ar luach €5.68 milliúin ó dheas agus beagnach milliún punt d’eagrais dheonach ó thuaidh do 2012/13.

Athbhreithniú ar an Earnáil Bunmhaoinithe
Léiríonn na miontuairiscí ó chruinnithe na bliana seo caite a foilsíodh le déanaí go bhfuil cinntí atá Foras na Gaeilge ag glacadh maidir leis an Athbhreithniú ar na Earnáil Bhunmhaoinithe faoi cheilt toisc gur faisnéis dhíolmhaithe í faoi Chód Cleachtais maidir le Saoráil Faisnéise.

Ní mórán misnigh a thabharfaidh sé seo do na heagrais dheonacha Ghaeilge atá cheana féin tar éis a gcuid míshástachta a léiriú i litir a sheoladh chuig Aire Stáit na Gaeilge Dinny Mc Ginley TD agus chuig an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh Carál Ní Chuilín MLA maidir le cur chuige Fhoras na Gaeilge agus iad ag ullmhú moltaí críochnaitheacha maoinithe don earnáil dheonach. Luadh sa litir go raibh na heagrais dheonacha míshásta toisc nach raibh eolas ar bith acu maidir leis an moladh/na moltaí atá an Foras ag cur os comhair na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas.

Agus í ag déanamh tagairt d’obair an Bhoird Ultais os comhair an Tionóil le déanaí, dúirt an tAire Ní Chuilín go mbeidh sé amaideach don Bhord Ultais gan taithí agus meon na ngeallsealbhóirí cuí a thabhairt san áireamh agus cinntí á nglacadh i leith tionscadail a bhaineann leis an Ultais.

Is léir ó ghearán na n-eagras Gaeilge nach dóigh leo go bhfuil a dtaithí nó a saineolas á dtabhairt san áireamh agus iad i bhfolús eolais maidir le múnla nua maoinithe Fhoras na Gaeilge.

Tá an tAthbhreithniú ar bhunmhaoiniú na hearnáil deonaí Gaeigle le plé in athuair ag an gcéad chruinniú eile den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas.

Foilsithe ar Gaelport