Méid an Téacs

Óráidithe óga ag treabhadh chun cinn i ndíospóireachtaí Ghael Linn

Feabhra 5, 2013

Bhain dhá scoil éachtaí móra amach ag Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain a bhí ar siúl I gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Dé Céadaoin, 30 Eanáir 2013.

Dea-scéal a bhí ann d’fhoireann Choláiste Eoin a ndeachaigh i gcoinne foirne ó Choláiste Rís, Dún Dealgan, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Coláiste Íde, Daingean Uí Chúis sa chraobh sóisearach agus a chroch leo an corn. Ba é an rún a bhí á phlé ná ‘Tá an stát seo rófhlaithiúil lena chúnamh don tríú domhan.’

I gcraobh na sinsear, ba é foireann de chuid Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua (Fionnuala de Bhailís, Síofra Ní Shé agus Muireann Ní Fhatharta) a roghnaíodh mar fhoireann bhuaiteach an chomórtais faoin rún díospóireachta: ‘Tá mórchinntí an rialtais seo ar leas an náisiúin’.

Chuaigh foirne ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Coláiste Eoin, Baile Átha Cliath i gcoinne a chéile ach ar deireadh chuaigh an corn go Gaillimh.

Bronnadh corn agus duais €1,000 ar na foirne buaiteacha agus duais €250 an fhoireann ar na foirne eile a bhí rannpháirteach sa chraobh.

Chomh maith leis sin, tugadh cuireadh d’fhoireann Choláiste Eoin, buaiteoirí an chomórtais shóisearaigh páirt a ghlacadh san fhéile cainte i ‘Ri Chéile’’ a reáchtálann Gael Linn gach bliain do chainteoirí óga Gaeilge/Gaidhlig i gcomhar le Comunn na Gaidhlig, Alba.

Iarchainteoirí sa chomórtas den chuid is mó a bhí sna moltóirí a bhí ar an bpainéal – An Dr. Róisín Ní Ghairbhí, Liam Mac an Mhaoir, Kevin de Barra, Máire Mhic Mhathuna agus an Dr. Regina Uí Chollatáin.

Is é an an Seanadóir Ó Clochartaigh a bhí mar aoichainteoir ar an oíche agus a thug ardmholadh do na foirne uilig. Thagair sé don ghéarchéim eacnamaíoch ina chuid cainte ach mhol sé a bheith dóchasach faoin todhchaí ainneoin na gcúrsaí a chuireann imní ar phobal na tíre faoi láthair.

Ghlac os cionn 50 foireann páirt sna babhtaí éagsúla a bhí ar siúl ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite ar fud na tíre.

Foilsithe ar Gaelport