Méid an Téacs

PÁTRÚNACHT AR GHAEL-CHOLÁISTÍ NUA BRONNTA AR AN FORAS PÁTRÚNACHTA

Iúil 26, 2012

Tá sé fógraithe inniu ag an Aire Ruairí Quinn go bhfuil pátrúnacht dhá Ghael-Choláiste nua lonnaithe i mBaile Brigín agus i nDún Droma i mBaile Átha Cliath bronnta ar An Foras Pátrúnachta.

Labhair Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí An Foras Pátrúnachta faoin bhfógra a raibh feitheamh mór air, “Fáiltíonn An Foras Pátrúnachta roimh an gcinneadh aitheantas a thabhairt dóibh mar phátrún ar dhá Ghael-Choláiste nua i mBaile Brigín agus i nDún Droma. Is éacht iontach é seo do thuismitheoirí, na Coistí Bunaithe agus gach duine a bhí de shíor ag tiomáint na feachtais do bhunú na nGael-Choláistí. Táimid an-áthasach mar an t-aon phátrún, a bunaíodh le hoideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn, gur thug an próiséas seo deis dúinn an t-éileamh mór ó thuismitheoirí don mhúnla a chuireann muid ar fáil a léiriú.”

Thug Ó hEaghra aitheantas agus buíochas don Aire, an Roinn agus a gcuid oifigigh as a gcuid oibre tríd an bpróiséas seo ar fad. Dúirt Ó hEaghra go raibh comhartha soiléir tagtha ón Roinn go bhfuil gá le freastal ar an éileamh mór d’oideachas lán-Ghaeilge ag an mbun agus ag an dara leibhéal. Lean Ó hEaghra, “Tá An Foras Pátrúnachta ag súil le comhoibriú leis an Roinn le cur leis an bhforbairt do sholáthar d’oideachas lán-Ghaeilge ag gach leibhéal.”

Tharraing na feachtais do phátrúnacht ar na Gael-Choláistí nua neart airde agus tacaíochta poiblí, le méid mór tuismitheoirí ag clárú a gcuid tacaíochta do na scoileanna nua. Tá An Foras Pátrúnachta ag súil le comhoibriú leis na Coistí Bunaithe ag réiteach agus ag eagrú oscailt agus bunú rathúil na scoileanna seo. Lean Ó hEaghra, “Tá na Coistí Bunaithe i ndiaidh na blianta a chaitheamh ag tabhairt a gcuid fuinnimh don fheachtas do bhunú na nGael-Choláistí. Tá buíochas agus creidmheas mór mílteach le dul do gach duine a chuidigh chun scoileanna dara leibhéal lán-Ghaeilge a thabhairt go dtí a gceantair.

Dúirt Cathaoirleach Choiste Bunaithe Choláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín, Tadhg Ó Tuachaigh, “Is nuacht iontach é seo do thuismitheoirí agus pháistí an cheantair go bhfuil oideachas lán-Ghaeilge ar fáil ón naíscoil go dtí an Ard Teist.”

Tá An Foras Pátrúnachta ina phátrún ar 61 bunscoil agus anois 5 mheánscoil. Beidh na Gael-Choláistí nua ina scoileanna comhoideachasúil, ilchreidmheach le héiteas Gaeilge. Rinne Ó hEaghra trácht ar mhisean an phátrúin dá scoileanna, “Tá sé rí-thábhachtach go gcuireann ár scoileanna an leibhéal is airde oideachais trí mheán na Gaeilge ar fáil.”

Tá comhoibriú ar siúl idir An Foras Pátrúnachta agus Coiste Bunaithe i Maigh Nuad le tamall anuas, ar fheachtas do Ghael-Choláiste nua don bhaile. Rinne an pátrún iarratas an-láidir do Ghael-Choláiste don Roinn ag léiriú an t-éileamh ollmhór ó níos mó ná 600 tuismitheoir. Cé go bhfuil díomá ann nár aithin an Roinn Gael-Choláiste an uair seo, cuireann An Foras Pátrúnachta fáilte roimh aitheantas an Aire agus na Roinne don éileamh mór d’oideachas lán-Ghaeilge. Tabharfaidh fógra an Aire roinnt sóláis do thuismitheoirí an cheantair go bhfuil Aonad le hoscailt leis an tuiscint go bhforbróidh sé isteach i nGael-Choláiste neamhspléach faoi cheann cheithre bliana. “Cé nach n-aontaíonn An Foras Pátrúnachta le coincheap an Aonaid, cuireann an pátrún fáilte roimh fhógra an Aire a thugann le fios go mbeidh An Foras Pátrúnachta ag dul i gcomhairle le Coiste Gairmoideachais Chill Dara le múnla sásúil a chruthú a fhorbróidh go Gael-Choláiste.” Ag feidhmiú mar an t-aon phátrún a bunaíodh go sainiúil le hoideachas lán-Ghaeilge a sholáthar, bainfidh An Foras Pátrúnachta leas as an saineolas agus taithí atá san eagraíocht chun cinntiú go mbunófar Gael-Choláiste i Maigh Nuad.

Osclóidh na Gael-Choláistí nua i mí Mheán Fómhair 2014, le suíomh cruinn na scoileanna fós le deimhniú sna ceantair aitheanta. Tugtar comhairle do thuismitheoirí teagmháil a dhéanamh leis An Foras Pátrúnachta le haghaidh tuilleadh eolais ar na scoileanna nua.

Tuilleadh eolais:
Caitríona Bairéad, An Foras Pátrúnachta :: caitriona@foras.ie :: 01-6294110 :: www.foras.ie

Is é AN FORAS PÁTRÚNACHTA an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus an dara leibhéal. Tá 61 bhunscoil agus 3 mheánscoil faoina phátrúnacht. Tá AN FORAS PÁTRÚNACHTA ina phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach) acu. An fhís atá ag AN FORAS PÁTRÚNACHTA ná oideachas lán-Ghaeilge den scoth a chothú, a fhorbairt agus a leathnú sa tír. Tá AN FORAS PÁTRÚNACHTA aitheanta ag An Roinn Oideachais agus Scileanna mar chóras pátrúnachta atá inghlactha agus cuí do scoileanna ag an gcéad agus an dara leibhéal. Bunaíodh AN FORAS PÁTRÚNACHTA sa bhliain 1993 ionas go mbeadh rogha eile ag scoileanna maidir le pátrúnacht.
Tuilleadh eolais: www.foras.ie :: @AFPatrunachta