Méid an Téacs

Plean Aicsin um Bulaíocht á lainseáil ag na hAirí Quinn agus Fitzgerald

Eanáir 30, 2013

Tá Plean nua Aicsin um Bulaíocht á lainseáil ag an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D. agus an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Frances Fitzgerald T.D.
Leagann an Plean amach dhá aicsean déag chun cabhrú le bulaíocht a chomhrac agus a chosc i mbunscoileanna agus i scoileanna dara leibhéal. Tá na haicsin seo atá beartaithe ag tógáil ar an scothobair atá ar siúl cheana féin ina lán scoileanna chun bulaíocht a chomhrac agus a chosc.

Is léir ón tuarascáil chomh maith go bhfuil tacaíocht ó na tuismitheoirí agus ón bpobal i gcoitinne riachtanach má táthar chun bulaíocht a chomhrac agus a chosc agus nach fadhb le réiteach ag na scoileanna amháin í.

Agus an Plean Aicsin á lainseáil i mBaile Átha Cliath, dúirt an tAire Quinn gur ghlac sé go ginearálta leis na haicsin atá beartaithe sa tuarascáil agus go bhfuil iarrtha aige ar a chuid oifigeach a chinntiú go dtosnóidh an obair ar iad a fheidhmiú láithreachin consultation with teachers, parents and management bodies at first and second-level.

Tá €500,000 imfhálaithe aige chun tacú le feidhmiú an Phlean Aicsin um Bulaíocht in 2013.

I measc an dá aicsean déag atá beartaithe ag an Meitheal Oibre tá:

  • Tacaíocht a thabhairt d’fheachtas sna meáin a bheidh dírithe ar chibearbhulaíocht agus spriocdhírithe go sainiúil ar dhaoine óga mar chuid de Lá an Idirlín Shábháilte 2013;
  • Suíomh gréasáin nua frithbhulaíochta a bhunú;
  • Tosnú láithreach ar nósanna imeachta náisiúnta nua frithbhulaíochta a fhorbairt do na scoileanna uile. Cuimseoidh siad seo teimpléad polasaí frithbhulaíochta agus córas teimpléad chun teagmhais bhulaíochta i scoileanna a thaifead. Táthar ag súil le hiad seo a bheith ar bun faoi thosach na scoilbhliana nua;
  • Plean comhordaithe oiliúna a cheapadh do bhoird bainistíochta agus tuismitheoirí;
  • Tacaíocht a sholáthar ón Roinn Oideachais agus Scileanna do Sheachtain Stand Up Awareness Against Homophobic Bullying a reáchtáil Seirbhísí Óige BeLong To;
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar an tSeirbhís Tacaíochta Oideachais Múinteoirí mar atá faoi láthair chun a shainaithint cén oiliúint agus cén Fhorbairt Leanúnach Ghairmiúil a bheadh ag teastáil ó mhúinteoirí chun cabhrú leo bulaíocht a chomhrac go héifeachtach.

Chomh maith leis an bPlean Aicsin a fheidhmiú, d’fhógair an tAire Quinn go mbeidh an Roinn Oideachais agus Scileanna ag tacú le leasú ar an gClár Bí Slán do bhunscoileanna. Rachaidh an Clár leasaithe i ngleic le cineálacha nua baoil, cibearbhulaíocht san áireamh, agus cuimseoidh sé taighde nua agus dea-chleachtas i réimse na cosanta leanaí mar aon le hathruithe agus forbairtí oideachasúla i dtéarmaí beartas, soláthair agus curaclaim.

Tá líon áirithe moltaí eile sa Phlean Aicsin lena mbreithniú a thuilleadh ag Airí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile. Áirítear ina measc siúd:

  • Moladh chun Grúpa Feidhmithe don Fhrithbhulaíocht a bhunú;
  • Go rachadh an Roinn Oideachais agus Scileanna i dteagmháil le foilsitheoirí leabhar a tháirgeann ábhair do scoileanna chun dul i ngleic le fadhb na steiréitíopála;
  • Creatlach Náisiúnta nua don Fhrithbhulaíochta leagfadh amach tiomantas an Rialtais don bhulaíocht a chosc agus a chomhrac do pháistí agus do dhaoine óga ón luathóige go dtí an aosacht, san áireamh;
  • Taighde maidir leis na nósanna imeachta i ndlínsí eile féachaint an bhféadfaí iad seo a úsáid chun feabhas a chur ar chóras na hÉireann;
  • Cuideachtaí na meán sóisialta agus teileachumarsáide agus soláthraithe seirbhíse idirlín a spreagadh chun bheith ag obair i gcónaí le Gníomhaireachtaí Stáit, ENRanna, tuismitheoirí agus daoine óga chun feasacht a ardú faoin gcibearbhulaíocht agus faoin gcaoi is féidir déileáil léi.

Tá an Plean Aicsin um Bulaíocht ag teacht i ndiaidh an Fhóraim Frithbhulaíochta a reáchtáil na hAirí Quinn agus Fitzgerald i gcomhar lena chéile i mBealtaine 2012. Mar chuid den Fhóram sin lorg an tAire Quinn aighneachtaí faoin bhulaíocht ó pháirtithe leasmhara agus bhunaigh sé meitheal chun plean aicsin a chur le chéile faoin bhulaíocht a chosc agus a chomhrac i scoileanna.

Agus an Plean Aicsin á lainseáil, dúirt an tAire Quinn, “Féadann an bhulaíocht dul i gcion go tubaisteach ar pháistí agus daoine óga, agus uaireanta tagann tragóid as. Is é sin an fáth go bhfuil an Plean Aicsin seo chomh tábhachtach sin. Glacaim go ginearálta leis na haicsin atá beartaithe agus is mian liom anois iad a fheiceáil á bhfeidhmiú láithreach, taobh le tionscnaimh ghaolmhara eile sa réimse seo ar a n-áirím an tionscnamh nua, Folláine in Iar-Bhunscoileanna: Treoirlínte do Chothú na Meabhairshláinte agus do Chosc an Fhéinmharaithe (2013), a lainseálfaidh mé níos déanaí sa tseachtain.”

Dúirt an tAire Fitzgerald, “Céim shuntasach an chéim atá á tógáil inniu mar chuid de dhearbhthiomantas an Rialtais chun dul i ngleic leis an dtionchar tromchúiseach atá ag an mbulaíocht ar ár bpáistí i gcónaí. Tá an Plean Aicsin seo um Bulaíocht ar an gcéad cheann dá leithéid a bhí againn riamh in Éirinn agus aibhsíonn sé ról ríthábhachtach na scoileanna maidir le déileáil leis an mbulaíocht. Ní sna rangsheomraí amháin a tharlaíonn an bhulaíocht. Mar sin, caithfidh cur chuige níos leithne a bheith againn, agus caithfimid a chinntiú go mbíonn treoirlínte láidre frith-bhulaíochta i bhfeidhm, agus cleachtas láidir, chun daoine óga a chosaint áit ar bith ina mbíonn siad. Ní mór a ainm ceart a chur ar an mbulaíocht; ní mór a dhúshlán a thabhairt agus tabharfar; nuair a thagann sé chun cinn i mbealaí nua, ní mór a dhúshlán sin a thabhairt chomh maith agus tabharfar.”
Tá an Plean ar fáil le híoslódáil ag www.education.ie
Is iad an dá aicsean déag atá beartaithe ag an Meitheal Oibre sa Phlean Aicsin um Bulaíocht ná:

  • Tosnú láithreach ar nósanna imeachta náisiúnta nua frithbhulaíochta a fhorbairt do na bunscoileanna agus na hiar-bhunscoileanna a chuimseodh teimpléad polasaí frithbhulaíochta agus teimpléad chun teagmhais bhulaíochta i scoileanna a thaifead. Tá an Mheitheal Oibre tar éis a mholadh go bhforbrófaí na nósanna imeachta nua seo i gcomhairle leis na Comhpháirtithe Oideachais agus go mbeidís ullamh faoi Mheán Fómhair 2013. Ghabhfaidís seo in ionad treoirlínte 1993 atá i bhfeidhm faoi láthair agus teimpléid pholasaí 2006 a d’eisigh anRoinn Oideachais agus Scileanna;
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar an tSeirbhís Tacaíochta Oideachais Múinteoirí chun riachtanais oiliúna a shainaithint agus chun tacú le soláthar freagartha chuí maidir le Forbairt Leanúnach Ghairmiúil;
  • Oiliúint chomhordaithe agus forbairt acmhainní do bhoird bainistíochta agus tuismitheoirí;
  • Go n-oiriúnófaí na samhla atá ann faoi láthair chun OSPS a mheasúnú agus do mheasúnachtaí scoile-uile, trí cheistneoirí a leasú, agus ar bhealaí eile, chun tuilleadh fianaise a bhailiú maidir le héifeachtacht aicsean na scoile chun cultúr dearfach scoile a chruthú agus an bhulaíocht a chosc agus a chomhrac;
  • Go gcuirfeadh Cigireacht na Scoileanna Measúnú Téamach ar an mBulaíocht i Scoileanna i gcrích;
  • Mar chuid den Fhéinmheasúnú Scoile, gur cheart tacú le scoileanna agus iad ag measúnú a n-éifeachtachta féin chun cultúr dearfach scoile a chruthú agus an bhulaíocht a chosc agus a chomhrac;
  • Go mbunófaí suíomh gréasáin nua náisiúnta frithbhulaíochta;
  • Go soláthródh an Roinn Oideachais agus Scileanna Seachtain Stand Up Awareness Against Homophobic Bullying a reáchtáil Seirbhísí Óige BeLong To;
  • Tacaíocht a thabhairt d’fheachtas sna meáin a bheadh dírithe ar chibearbhulaíocht agus spriocdhírithe go sainiúil ar dhaoine óga mar chuid de Lá an Idirlín Shábháilte 2013;
  • Taighde ar thacaí éifeachtacha do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a bheadh arna sheolú ag an Údarás Náisiúnta Míchumais;
  • Taighde ar leitheadúlacht agus tionchar na bulaíochta atá bainteach leis na meáin shóisialta, ar mheabhairshláinte agus iompraíocht fhéinmharaithe i measc daoine óga, a bheadh arna éascú ag an Oifig Náisiúnta um Fhéinmharú a Chosc;
  • Bearta chun feasacht a ardú, treoirlínte faoi gach cineál agus sórt bulaíochta san áireamh, do lucht déanta beartas agus lucht foirne eile i ngníomhaireachtaí stáit a oibríonn in earnáil na scoileanna.

Luann an Mheitheal Oibre chomh maith roinnt moltaí eile lena mbreithniú a thuilleadh:

  • Go mbunófaí Grúpa Feidhmithe don Fhrithbhulaíocht;
  • Go ndéanfaí athbhreithniú ar phrótacail idir na gníomhaireachtaí stáit a sholáthraíonn seirbhísí do scoileanna d’fhonn eolas a chomhroinnt faoi scoileanna agus faoi na páistí agus na daoine óga sna scoileanna sin;
  • Go gcuirfí tagairt don bhulaíocht san áireamh sna Critéir agus Treoirlínte do Sholáthraithe Clár a leagann amach na heilimintí sainordaitheacha agus na torthaí foghlama atá le cuimsiú sna cláir Túsoideachais Múinteoirí;
  • Gur ceart don ROS, CNCM agus comhlachtaí eile atá gafa le forbairt agus feidhmiú an churaclaim na torthaí agus na moltaí a phlé go háirithe i gcomhthéacs forbartha curaclam nua;
  • Gur ceart machnamh a dhéanamh maidir le héileamh ar scoileanna OSPS a chur ar fáil sa tsraith shinsearach;
  • Go rachadh an Roinn Oideachais agus Scileanna i dteagmháil le foilsitheoirí leabhar a tháirgeann ábhair do scoileanna chun dul i ngleic le fadhb na steiréitíopála;
  • Go bhforbrófaí Creatlach Náisiúnta nua don Fhrithbhulaíochta leagfadh amach tiomantas an Rialtais don bhulaíocht a chosc agus a chomhrac do pháistí agus do dhaoine óga ón luathóige go dtí an aosacht, san áireamh;
  • Taighde maidir leis na nósanna imeachta imscrúdaitheacha i ndlínsí eile agus forbairt moltaí faoi athraithe ar chóras na hÉireann más chun a leasa sin a bheadh sé sin;
  • Tuilleadh taighde, monatóireachta agus measúnaithe ar cheisteanna a bhaineann leis an mbulaíocht ar a n-áireofaí monatóireacht agus measúnú ar thionscnaimh i scoileanna agus earnálacha eile d’fhonn tacú le scaipeadh an dea-chleachtais agus d’fhonn fianaise a sholáthar ar mhaithe le tuilleadh forbartha polasaí agus cinnteoireachta;
  • Moltar go soláthródh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige treoir níos mionsonraithe do scoileanna maidir le cad is “bulaíocht thromchúiseach” ann faoi Thús Áite do Leanaí agus cén uair is ceart tarchuir a dhéanamh don FSS;
  • Laistigh de chomhthéacs torthaí agus moltaí an Phlean Aicsin, gur ceart machnamh a dhéanamh maidir le hathbhreithniú ar Phrionsabal 9 sa Chód Cleachtais do Nuachtáin agus Irisí a bhaineann le páistí, agus maidir le tagairt a chur leis a bhainfeadh go sainiúil le láimhseáil scéalta sna meáin faoin mbulaíocht agus faoin bhféinmharú;
  • Molann an grúpa go mbeadh scoileanna i gcónaí ag treisiú lena gcuid comhoibrithe agus idirghníomhaíochta le seirbhísí don óige agus ag cur chun cinn rannpháirtíocht ghníomhach ag daltaí i seirbhísí atá dírithe ar an óige ina gcuid pobal áitiúil;
  • Molann an grúpa go láidir do sheirbhísí, grúpaí agus eagraíochtaí don óige polasaithe frithbhulaíochta a fhorbairt agus a fheidhmiú i gcomhthéacs a gcuid oibre le daoine óga agus leas a bhaint as an raon cúrsaí oiliúna agus tacaíochtaí atá ar fáil trí Chomhairle Náisiúnta na nÓg, Seirbhísí Óige BeLonGTo agus eagraíochtaí óige eile ina leith seo;
  • Aithníonn an Mheitheal Oibre go bhfuil sé de rún ag an CLG sraith ceardlann a rollú amach do chlubanna, dar teideal an CLG ag Comhrac na Bulaíochta, ó mhí Mhárta 2013 amach. Molann an Mheitheal Oibre go n-oibreodh clubanna CLG, mar aon le heagraíochtaí spóirt eile, i gcomhar le scoileanna chun a chinntiú go mbíonn tuiscint choiteann ar an mbulaíocht i réim i measc ár gcuid pobal, mar aon le curanna chuige coiteanna chun an bhulaíocht a chomhrac.

Is léir go bhfuil ról tábhachtach le glacadh ag cuideachtaí na meán sóisialta agus teileachumarsáide agus ag soláthraithe seirbhíse idirlín maidir le bearta a fhorbairt chun an chibearbhulaíocht a chosc agus le meicníochtaí tuairiscithe a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil an chibearbhulaíocht dulta i gcion orthu. Spreagannan Mheitheal Oibre an tionsclaíocht chun bheith ag obair i gcónaí le gníomhaireachtaí agus seirbhísí Stáit Éireannacha, le ENRanna, le tuismitheoirí agus le daoine óga chun feasacht faoin gcibearbhulaíocht agus faoin gcaoi is féidir déileáil léi a ardú.

Meitheal Oibre Frithbhulaíochta
Fágadh mar thasc ar an Meitheal Oibre Frithbhulaíochta plean a fhorbairt chun na tosaíochtaí a shainaithint gur gá aghaidh a thabhairt orthu chun dul i gcomhrac leis an mbulaíocht i scoileanna. De réir Chláir an Rialtais, fágadh mar thasc ar an ngrúpa go sainiúil “aicsin tosaigh a shainaithint a spreagfadh scoileanna chun polasaithe frithbhulaíochta a fhorbairt agus, ach go háirithe, straitéisí chun an mbulaíocht hómafóibeach a chomhrac chun tacaíocht a thabhairt do mhic léinn”.
Bhreithnigh an Mheitheal Oibre Frithbhulaíochta 68 aighneacht agus chuaigh siad i gcomhairle le ranna agus gníomhaireachtaí rialtais, eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), acadóirí agus taighdeoirí, comhghleacaithe ó Shasana agus Albain agus daoine aonair a d’fhulaing an bhulaíocht. Bhreithnigh an Mheitheal Oibre litríocht náisiúnta agus idirnáisiúnta freisin faoin dtopaic, taighde ar churanna chuige agus idirghabhálacha a baineadh triail astu le fiche nó tríocha bliain anuas san áireamh. Breithníodh freisin iarmhairt na bulaíochta agus na torthaí fíorthromchúiseacha a bhíonn uirthi i gcás daoine aonair agus teaghlach.
Bhí an Mheitheal Oibre feasach chomh maith ar an ngá le héisteacht leis an méid a bhí le rá ag páistí agus daoine óga faoin mbulaíocht agus faoin gcaoi a dtéann sí i gcion ar a saol. Bhí Tuarascáil an Ombudsman do Pháistí, a tugadh amach i gcaitheamh na hoibre an-chabhraitheach agus b’amhlaidh do na suirbhéanna éagsúla a rinneadh le déanaí agus do na tuarascálacha ina ndeachthas i gcomhairle le daoine óga.
Bíodh is gur bhain téarmaí tagartha na Meithle Oibre go sainiúil leis an mbulaíocht i scoileanna, aithnímid go bhfuil baol na bulaíochta ann áit ar bith a dtagann páistí, daoine óga agus aosaigh le chéile. Bhí muid feasach chomh maith ar an ról fíorthábhachtach atá le glacadh ag tuismitheoirí agus ag an bpobal mór chun atmaisféar a chruthú nach bhfoighníonn leis na mbulaíocht agus nach gcothaíonn í, agus chun cabhrú le daoine óga teacht aniar a fhoghlaim. Tá ról na dtuismitheoirí agus an phobail mhóir aibhsithe ag an Meitheal sa tuarascáil agus tá roinnt moltaí déanta lena mbreithniú a théann níos faide ná timpeallacht na scoile.

Clár Bí Slán
Tugadh an Clár Bí Slán isteach i mbunscoileanna i 1991 agus é mar aidhm aige clár cuimsitheach scoil-bhunaithe cosanta leanaí a sholáthar, a bhí ag díriú ar (a) an t-eolas, na scileanna agus an tuiscint a chur ar fáil do mhúinteoirí agus tuismitheoirí chun cabhrú leo páistí atá faoina gcúram a chosaint, agus (b) eolas praiticiúil agus scileanna a sholáthar do pháistí chun go bhfanfaidh siad sábháilte agus go lorgóidh siad cabhair ó aosach intaofa faoi bhuarthaí ar bith a bhíonn orthu. Bíodh is go bhfuil na haidhmeanna seo cuí i gcónaí, is gá athruithe a dhéanamh ar an gClár Bí Slán de bharr na mbaol athraitheach a mbíonn ar pháistí aghaidh a thabhairt orthu, chun a chinntiú go mbeidh sé cuí, éifeachtúil i gcónaí.