Méid an Téacs

Ranganna an tSamhraidh – Tairiscint Speisialta

Aibreán 30, 2012

Beidh Gaelchultúr ag cur tús lena ranganna Gaeilge oíche do dhaoine fásta an tseachtain dar tosach an 21 Bealtaine 2012 i mBaile Átha Cliath agus i gCeatharlach. Rang oíche sa tseachtain a bheidh i gceist thar 6 seachtaine.

Tá lascaine speisialta ar fáil dóibh siúd a chuirfidh cúrsa in áirithe roimh an 8 Bealtaine.  Go dtí an dáta sin, €100 seachas €120 an táille a bheidh i gceist. Tapaigh do dheis, mar sin, agus tabhair cuairt ar www.gaelchultur.com chun tuilleadh eolais a fháil agus chun cúrsa a chur in áirithe.