Méid an Téacs

Sainchúrsa creidiúnaithe don earnáil phoiblí forbartha ag Gaelchultúr

Eanáir 29, 2013

Is é an tAire Stáit Donnacha Mac Fhionnlaoich a sheolfaidh ionad úr Ghaelchultúr atá lonnaithe ar 11 Sráid an Cláraigh, Baile Átha Cliath 2 inniu, 29 Eanáir 2013 ag 6i.n.
Tá an spás seo dhá oiread go leith níos mó ná iar-ionad Ghaelchultúr a bhí lonnaithe i bhfoirgneamh Filmbase agus is siombail é don dul chun cinn suntasach atá déanta ag an gcomhlacht le blianta beaga anuas.

Mar aon leis an ionad nua, seolfaidh an tAire Stáit an chéad téarma eile den Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil (Leibhéal 3-6).

Chuir an comhlacht tús leis an gcéad sainchúrsa creidiúnaithe don earnáil phoiblí, Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil i mí Dheireadh Fómhair.

Cuirfear tús le téarma eile den Teastais sa Ghaeilge Ghairmiúil ag tús mhí Feabhra agus beidh dhá leibhéal ar fáil: leibhéal 3 (bonnleibhéal 1/bonnleibhéal 2) agus leibhéal 4 (meánleibhéal 1) de Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí.

Tá na cúrsaí seo dírithe ar fhostaithe de chuid na hearnála poiblí ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge labhartha agus scríofa nó ar fhostaithe i gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Chomh maith leis sin, feileann an cúrsa do bhaill foirne ar gá dóibh seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil don phobal.

Is féidir teacht ar gach eolas maidir leis an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil ar www.gaelchultur.com nó teagmháil dhíreach a dhéanamh: (01) 484 5220; eolas@gaelchultur.com.