Méid an Téacs

Sárscoil Fíbín don Idirbhliain

Márta 8, 2017

Reáchtáil Sárscoil Fíbín an chéad dhá ghearrchúrsa dírithe ar lucht na hIdirbhliana in Indreabhán i gConamara le linn na seachtaine seo caite. Scéim píolótach é Sárscoil Fíbín don Idirbhliain ar tugadh faoi le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Thug grúpa scoláirí, buachaillí agus cailíní as Coláiste na hInse, Baile an Bhiataigh, Co. na Mí faoin gcéad ghearrchúrsa agus grúpa cailíní as Scoil Mhuire i gCathair Chorcaí faoin dara gearrchúrsa.

Bhí clár ama cuimsitheach go maith leagtha amach do na grúpaí le linn an chúrsa. Bhí Darach Mac Con Iomaire, stiúrthóir agus scríbhneoir i mbun na gceardlanna drámaíochta agus rinne Pádraig ‘MC Muipéad’ Ó Conghaile ón mbanna ceoil IMLÉ ceardlanna ‘ag rapáil’ as Gaeilge leis na scoláirí sna tráthnónta. Thug an treoraí áitiúil Eoin Ó Tuairisc ar shiúlóid cois cósta sna hAille na scoláirí chun áilleacht an cheantair a bhlaiseadh agus chun cur síos a dhéanamh dóibh ar stair, logainmneacha agus ar shliogéisc an chladaigh. D’fhan na scoláírí i dtithe lóistín áitiúla agus iad á dtumadh i timpeallacht le Gaeilge le linn a dtréimhse linn chun barr feabhais a chur ar a nGaeilge scríofa agus labhartha.

Bhí comhordaitheoirí Idirbhliana ag achainí ar Sárscoil Fíbín le roinnt blianta anuas clár mar seo a chur ar fáil do lucht na hIdirbhliana agus tar éis d’ionadaithe ó Fíbín freastal ar chomdhálacha dírithe ar mhúinteoirí agus ar thaispeántais dírithe ar scoláirí Idirbhliana le dhá bhliain anuas rinne muid an cinneadh gur bhfiú go mór a leithéid de chúrsa a eagrú agus an margadh aimsithe againn. Tá an cúrsa seo ag teacht mar bhrainse eile den chúrsa coicíse samhraidh Sárscoil Drámaíochta Fíbín a bheidh ar siúl don séú bliain as a chéile i mbliana i mí Iúil agus beidh muid ag tabhairt faoi éisteachtaí mórthimpeall na tíre ag deireadh na míosa seo.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na cúrsaí seo téigh chuig ár suíomh gréasáin www.sarscoilfibin.ie nó seol ríomhphost chuig sarscoilfibin@gmail.com

fibin