Méid an Téacs

Scéal na Gaeilge – Clár 1 le craoladh ar lá ‘le Pádraig ar TG4

Márta 13, 2012

Mar cheiliúradh ar Seachtain na Gaeilge, tá ROSG an-bhródúil a shraith ceannródach nua, Scéal na Gaeilge, a thabhairt chuig an scáileán.

Dhá chlár faisnéise is ea Scéal na Gaeilge a leanann aistear na teanga ó thús ama go dtí an lá atá inniu ann.

Tríd meascán míreanna beochan, cúlraí scáthlán glas agus taifeadadh ag láithreacha stairiúla, nochtann an tsraith seo stair na Gaeilge le radharc spraíúil ar na scéalta stairiúla agus miotasacha a bhaineann léi.

Físiúil, úr agus bríomhar, tá Scéal na Gaeilge curtha i láthair agus scríofa ag Alan Titley, stiúrtha ag Diarmuid Goggins agus léirithe ag Ciarán Ó Cofaigh do ROSG.

Go minic ní bhíonn tuiscint cheart ag daoine ar céard í an Ghaeilge, céard as a dtagann sí ná cé a labhair í. Ní thuigeann siad gurb í an Ghaeilge an teanga a labhair Cú Chulainn, Naomh Pádraig, Brian Ború, Macbeth agus Dónal Ó Conaill.

Ba í teanga muintir na hÉireann í leis na mílte bliain agus d’fhan sí mar phríomh theanga na tíre go haimsir an Ghorta Mhóir.

I ngan fhios don chuid is mó de dhaonra na tíre, is í an Ghaeilge a labhair a muintir féin go dtí le cúpla glúin anuas.

  • Clár 1 @ 20:30 GMT / 15:30 EST ar an 17ú Márta
  • Clár 2 @ 20:30 GMT / 15:30 EST ar an 19ú Márta