Méid an Téacs

Scoláireachtaí €2,000 ar fáil do Mháistreachtaí Fiontar DCU

Meitheamh 27, 2011

Tá deich scoláireacht dar luach €2,000 an ceann ar fáil do mhic léinn a chláraíonn ar an gcúrsa MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais agus ar an MA sa Ghaeilge (Sochaí agus Teanga). Bronnfar na scoláireachtaí ar an gcúigear mac léinn is fearr a n-éiríonn leo sa chéad bhliain den dá chúrsa. Bronnfar na scoláireachtaí ag deireadh na chéad bhliana. Le tacaíocht ón gclár Ganntanas Scileanna tá táillí laghdaithe de €2,500 ar an MSc. Fágann seo go gclúdóidh an scoláireacht mórchuid de na táillí iomlána don chéad bhliain den chúrsa sin. Gearrtar táille de €3,286 sa bhliain ar an MA. Clar páirtaimseartha thar dhá bhliain atá sa dá chúrsa.

Freastalaíonn mic léinn ar champas DCU ar 8 deireadh seachtaine sa bhliain, rud a thugann deis do dhaoine nach bhfuil ina gcónaí i mBaile Átha Cliath tabhairt faoin gcúrsa. Is féidir le mic léinn a roghnaíonn gan an tráchtas a dhéanamh ag deireadh na gcúrsaí Dioplóma Iarchéime a ghnóthú. Tá deis Teastas Iarchéime a ghnóthú ar an MA tar éis bliana. Gné tharraingteach den dá chúrsa ná go bhfuil an mheasúnacht ar fad bunaithe ar obair scríofa a dhéanann na mic léinn i rith na bliaina. Is minic go mbíonn an obair bunaithe ar an jab ina bhfuil siad. Bíonn an rud céanna i gceist leis an tráchtas.

MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais (DC627)
Tugann an cúrsa seo deis dóibh siúd a bhfuil bunchéim acu in ábhar seachas gnó nó teicneolaíocht faisnéise saineolas a fháil ar na hábhair sin – margaíocht, bainistíocht, cumarsáid, ilmheáin san áireamh. Tá céimithe an chúrsa ag obair i gcomhlachtaí príomháideacha, san earnáil phoiblí, agus in eagrais dheonacha a bhaineann leis an nGaeilge – mar shampla: Farmer’s Journal; COGG; Coláiste na bhFiann; RTÉ; Údarás Craolacháin na hÉireann. Tá céimithe eile ag obair mar mhúinteoirí nó mar phríomhoidí i mbunscoileanna agus meánscoileanna na tíre.

MA sa Ghaeilge (Sochaí agus Teanga) (DC628)
Ar an gcúrsa seo déanann mic léinn staidéar ar cheisteanna éagsúla a bhaineann le forbairt na Gaeilge sa tsochaí chomhaimseartha. Foghlaimíonn siad na scileanna praiticiúla a chabhróidh leo tionscadail teanga a dhearadh agus a bhainistiú. Foghlaimíonn siad faoi pholasaithe agus chleachtais teanga agus faoi fhorbairt scéimeanna teanga, trí anailís a dhéanamh ar chás-staidéir idirnáisiúnta.  Tá céimithe an chúrsa ag obair in eagraíochtaí éagsúla poiblí agus deonacha, ina measc:  An Chomhairle Mhúinteoireachta; Coláiste na Tríonóide; Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge; Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte; Gaelscoileanna;
MET Éireann.

“Cabhraíonn an mháistreacht go mór liom mar thug sé na bunscileanna gnó dom – tuairiscí a scríobh; conas cur i láthair a dhéanamh ós comhair Stiúrthóir Rugbaí London Irish; conas airgeadas an chomhlachta a bhainistiú; agus conas gnó a fhás, a rialú agus a bhainistiú go laethúil.” a dúirt Tomás Ó Madagáin, comhbhunaitheoir Sports Academy International i Luimneach.  “Bhain mé an-taithí as m’am le Fiontar – bhí na léachtóirí an-chabhrach, bhí an cúrsa an-nuálaíoch agus is taithí iontach í d’éinne atá ag iarraidh dul amach sa saol agus a ghnó féin a thosnú agus a rud féin a dhéanamh. Go bunúsach, tugann sé na scileanna agus an mhuinín duit dul amach agus an obair a dhéanamh. I ndáiríre, níl focal bréige ansin, bhain mé an-taitneamh as ag féachaint siar air.“

Spriocdháta d’Iarratais:
31 Iúil 201

Tuilleadh Eolais:
www.dcu.ie/fiontar