Méid an Téacs

Scríbhneoirí Gaeilge á lorg ag TG4

Iúil 17, 2012

Ag leanacht leis na scéimeanna Síol, Údar agus Scéal, is cúis áthais dúinn an dara bliain den scéim gearrscannáin, Scéal 2, a fhógairt.

An Scéim:

Scéim fhorbartha í Scéal 2 a thugann deis do thallann nua scríbhneoirí/stiúrthóirí le Gaeilge, saothar aitheanta ó litríocht nó béaloideas na Gaeilge a athchóiriú don teilifís agus a thabhairt ó chéim bhun scripte go céim an chraolta.
Is féidir an bun scéal a roghnú as gearrscéal, dán, scéal béaloidis nó aon saothar a léiríonn scéalaíocht na Gaeilge.
Tá an scéim seo ag TG4 oscailte do scríbhneoirí Gaeilge ó cheann ceann na tíre.

Taithí:

Bíodh taithí scáileáin acu nó ná bíodh, agus do stiúrthóirí ar mian leo taithí a fháil ar dhrámaíocht teilifíse i nGaeilge.

Riachtanais:

Réamhriachtanas a bheidh i gceist do gach rannpháirtí go mbeidís líofa sa Ghaeilge agus in ann páirt a ghlacadh trí Ghaeilge i ngach leibhéal agus céim den scéim.
Tá an chéad sraith de Scéal anois taifeadta agus táthar i mbun iarléiriú air. Beidh sé le feiceáil ar TG4 go luath in 2013.

Is é an 24 Lúnasa 2012 an spriocdháta le haghaidh iarratas.

As na hiarratais ar fad roghnófar gearrliosta scríbhneoirí le freastal ar cheardlanna ceirde, faoi stiúir eagarthóra scripte, ag a ndéanfar forbairt bhreise ar gach togra.

Tá Scéal maoinithe ag Gréasán na Meán, BAI agus TG4. Is féidir gach eolas faoi Scéal a fháil ar shuíomh TG4; www.tg4.ie/sceal