SEACHTAIN NA GAEILGE 2011 5 – 17 MÁRTA
Márta 3, 2011
Is féile bhliantúil í Seachtain na Gaeilge a spreagann úsáid theanga agus chultúr na Gaeilge sa bhaile agus thar lear agus beidh sí ar siúl ón 5 – 17 Márta 2011. Le himeachtaí idir thráthnóna comhrá agus chéilithe sráide; blind date agus ranganna surfála ‘as Gaeilge’; tugann sé seans do gach éinne triail a bhaint as an nGaeilge is cuma más cainteoir dúchais nó foghlaimeoir nua atá ionat. Beidh ceolchoirm ‘Ceol’ ar siúl ar an 16ú Márta ag 7.30p.m. i Vicar Street, B.Á.C. 8 mar mór-imeacht Sheachtain na Gaeilge i gcabhair le Barnardos Ireland.
Tugann Seachtain na Gaeilge deis do gach éinne mothú compordach lena gcuid cúpla focail a úsáid agus i mbliana tá Bernard Dunne agus Craig Doyle tagtha ar bhord mar ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2011. Is iar-dornálaí proifisiúnta as Baile Átha Cliath é Bernard Dunne atá i ndiaidh neart suime a chur sa teanga le cúpla bliain anuas, ach go háirithe nuair a thosaigh sé ag foghlaim na Gaeilge arís in iarthar Bhaile Átha Cliath. Dúirt Bernard: ”Tá áthas orm go bhfuil mé bainteach le Seachtain na Gaeilge mar tá paisean pearsanta agam don teanga. Tá mo bheirt pháiste sa naíonra áitiúil, agus tá mé fhéin ag baint taitneamh as foghlaim na teanga.”
Is láithreoir teilifíse agus raidió é Craig Doyle as Baile Átha Cliath. Is ar ‘The Panel’ de chuid RTÉ a fheictear é na laethanta seo ag baint grinn as cúrsaí reatha an tsaoil. Tá clú aige mar fhear spóirt ón am caite aige leis an BBC, ach i mbliana tá sé ag léiriú don phobal an suim atá aige sa Ghaeilge. Agus é ag labhairt le Seachtain na Gaeilge, dúirt Craig: “Tá áthas orm a bheith páirteach le Seachtain na Gaeilge i mbliana. Mothaím go bhfuil an Ghaeilge an-tábhachtach agus mar chroí-lár chultúir agus oidhreacht na hÉireann. Tá mé fhéin ag tabhairt faoi foghlaim na teanga faoi láthair i ndiaidh na blianta, agus déanaim gach iarracht í a úsáid le mo chuid pháistí sa bhaile. Creidim go dtugann Seachtain na Gaeilge deis don bpobal an Ghaeilge a úsáid sa bhaile agus thar lear agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí eagraithe ag an bpobal don phobal. Táim ag súil go mór leis an bhféile!”
Beidh imeachtaí ag tarlú timpeall an domhain idir an 5ú agus 17ú Márta chun Seachtain na Gaeilge ’11 a cheiliúradh. Breathnaigh ar www.snag.ie le haghaidh liosta iomlán na n-imeachtaí a bheidh ar siúl. Mar sin, fiú mura bhfuil úsáid bainte agat as an teanga le tamall, dean iarracht í a labhairt le linn Sheachtain na Gaeilge!
Le haghaidh tuilleadh eolais, teagmhálaithe agallaimh nó íomhánna, déan teagmháil le:
Órla Nic Shuibhne – Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge 2011
F: 01 – 4757401, 087-9845760
E: orla@snag.ie