Méid an Téacs

Seolann an tAire Quinn Tuarascáil an Phríomhchigire 2010-12

Samhain 4, 2013

Bhí caighdeáin an teagaisc agus na foghlama sásúil nó níos fearr i bhformhór na gceachtanna a ndearnadh meastóireacht orthu
Léiríonn Suirbhéanna Rúnda Tuismitheoirí ardleibhéil shástachta le scoileanna
Tá Tuarascáil an Phríomhchigire ar cháilíocht agus ar chaighdeáin i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna agus i lárionaid oideachais seolta inniu ag an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D. Léiríonn an tuarascáil, atá bunaithe ar chigireachtaí a rinne an Roinn idir 2010 agus 2012, go raibh caighdeáin an teagaisc agus na foghlama sásúil nó níos fearr i bhformhór na gceachtanna a ndearnadh cigireacht orthu. Thug an Príomhchigire, an Dochtúir Harold Hislop, le fios freisin go raibh scóp don fheabhsúchán i mionlach suntasach ceachtanna.
Don chéad uair tá suirbhéanna tuismitheoirí a léiríonn ardleibhéil shástachta le scoileanna mar chuid de Thurascáil an Phríomhchigire. Ba í an tuairim ag 97 faoin gcéad de bhreis agus 47,000 tuismitheoirí a ndearnadh suirbhé orthu i mbunscoileanna go raibh an teagasc go maith i scoil a bpáiste. Sna hiar-bhunscoileanna, bhí a leithéid céanna de thuairim ag 87 faoin gcéad den 20,000 tuismitheoir a ndearnadh suirbhé orthu.
Leanann an tuarascáil seo tréimhse suntasach athchóirithe ó 2010 i leith ar an tslí ina dtugtar faoi chigireachtaí scoile. Tarlaíonn a lán cigireachtaí anois gan aon réamhfhógra agus cé go bhfuil laghdú tagtha ar líon na gcigirí, tá méadú tagtha ar mhinicíocht na gcigireachtaí. Bíonn suirbhéanna faoi rún ar thuismitheoirí agus ar dhaltaí mar chuid de mheastóireachtaí scoile uile anois.
“Tharla mar thoradh ar athchóiriú na cigireachta gur cuireadh tús le raon samhlacha cigireachta ar a n-áirítear cigireachtaí gan réamhfhógra, cigireachtaí leantacha agus athshamhlú ar mheastóireacht scoile uile,” arsa an tAire Quinn. “Bailíonn an chigireacht tuairimí agus dearcthaí múinteoirí agus foghlaimeoirí freisin agus tá áthas orm léargas ar na tuairimí tábhachtacha seo a fheiceáil i dTuarascáil an Phríomhchigire.”
D’fháiltigh an tAire Quinn roimh thorthaí na tuarascála. “Tugann Tuarascáil an Phríomhchigire aitheantas don dea-chleachtas uile a tharlaíonn ó lá go lá in ár scoileanna maidir le cáilíocht na ceannasaíochta, na bainistíochta, an teagaisc agus na foghlama. Léirítear roinnt laigí agus agus treoirítear scoileanna go daingean i dtreo an fheabhsaithe i scoileanna,” a dúirt sé.
“Tá a lán buanna ag baint lenár gcóras oideachais, a bhuíochas sin go mór d’iarrachtaí mórchuid múinteoirí agus ceannairí scoile díograiseacha. Ba leasc go mór san am atá thart aitheantas a thabhairt do laigí an chórais agus dul i ngleic leis na heasnaimh,” a dúirt an tAire Quinn. “Cuireann an tuarascáil seo an t-eolas atá de dhíth orainn ar fáil, eolas cáilíochtúil agus cainníochtúil, chun deis a thabhairt dúinn na buanna agus na laigí a fheiceáil i dteagasc, i bhfoghlaim, i mbainistíocht agus i gceannasaíocht ár scoileanna.”
Ba é breithmheas na gcigirí go raibh 86 faoin gcéad de na ceachtanna i gcigireachtaí gan réamhfhógra sásúil nó níos fearr i mbunscoileanna, agus go raibh 14 faoin gcéad nach raibh sásúil. Léiríodh torthaí den chineál céanna in MSU (Meastóireacht Scoile Uile) in iar-bhunscoileanna le 87 faoin gcéad de na ceachtanna a measadh sásúil nó níos fearr agus 13 faoin gcéad nach raibh sásúil
“Tugann cigireachtaí léiriú seachtrach tábhachtach ar obair scoileanna,” a dúirt an Príomhchigire, “agus bíonn siad dírithe ar chúnamh a thabhairt do scoileanna a dteagasc agus a bhfoghlaim a fheabhsú. Tugann siad dearbhú tábhachtach freisin do thuismitheoirí agus don phobal faoi cháilíocht na hoibre i scoileanna”, arsa an Dochtúir Hislop freisin.
Ardaítear ábhair imní ar leith i dTuarascáíl an Phríomhchigire 2010-12 faoi theagasc na Gaeilge agus faoi theagasc na Matamaitice.
Léiríodh go raibh foghlaim na ndaltaí níos lú ná sásúil sa cheathrú cuid nach mór (24 faoin gcéad) de na ceachtanna Gaeilge i mbunscoileanna agus sa triú cuid nach mór (32 faoin gcéad) de na ceachtanna Gaeilge sna hiar-bhunscoileanna. I measc na dtosc a luaigh an Príomhchigire, bhí an t-easnamh ar chlár cuimsitheach Gaeilge do bhunscoileanna a bhí ag teagasc trí mheán an Bhéarla mar aon le hábhair imní maidir le cumas Gaeilge múinteoirí i líon beag, ach suntasach, ranganna.
Bhí caighdeáin teagaisc agus foghlama sa mhatamaitic go maith i gcoitinne ag an mbunleibhéal leis an bhfoghlaim sásúil nó níos fearr i 85 de na ceachtanna a ndearnadh cigireacht orthu agus le torthaí a bhí go maith do dhaltaí na hÉireann i suirbhéanna idirnáisiúnta. Luaigh cigirí, áfach, easpa na ndeiseanna do dhaltaí bunscoileanna dul i ngleic leis an obair chomhpháirteach a bhfuil gá leis do réiteach fadhbanna éifeachtach.
Ag an iar-bhunleibhéal, measadh go raibh foghlaim na ndaltaí níos lú ná sásúil in os cionn an ceathrú cuid (26 faoin gcéad) de na ceachtanna matamaitice. Luaigh an Príomhchigire go raibh Project Maths á thabhairt isteach le linn na tréimhse lena mbaineann an tuarascáil seo chun freastal ar a lán de na laigí i dteagasc na matamaitice. Thug cigirí le fios freisin, áfach, go raibh an doimhneacht a bhain leis an tuiscint mhatamaiticiúil is gá chun Project Maths a theagasc dúshlánach do roinnt múinteoirí.
Déanann Tuarascáil an Phríomhchigire 2010-12 cur síos freisin ar an dtimpeallacht “dhúshlánach” ina raibh scoileanna ag feidhmiú sa tréimhse 2010-12. Luaitear gur ardaigh caiteachas ar oideachas ó €3.218bn go €3.263bn ag an mbunleibhéal agus ó €3.070bn go €3.147bn ag an iar-bhunleibhéal, agus go raibh an caiteachas de réir dalta i 2010 os cionn mheáin an ECFE. D’ardaigh an caiteachas ar thacaíochtaí do leanaí le riachtanais speisialta ó €1.2bn i 2010 go €1.3bn i 2012 agus is ionann sin anois agus 15 faoin gcéad de bhuiséad iomlán na Roinne. Léiríonn an tuarascáil gur ardaigh an líon daltaí 5.5 faoin gcéad ag an mbunleibhéal agus 6.3 faoin gcéad ag an iar-bhunleibhéal ach gur fhan líon na múinteoirí mórán mar an gcéanna. I measc na hathruithe a luaigh an Príomhchigire freisin bhí imeacht ar scor líon mór múinteoirí le taithí agus cailliúint na bpost lárbhainistíochta i scoileanna a tharla mar thoradh ar an moratóir sa tseirbhís phoiblí.

www.education.ie

Tuarascáil an Phríomhchigire