Méid an Téacs

Spraoi sa Seomra Ranga le Foinse Óg

Deireadh Fómhair 2, 2012

Seoladh sraith nua d’acmhainní foghlama ar líne an tseachtain seo caite atá ar fáil anois ag www.foinse.ie.

Cuireann an tsraith nua ábhair oideachais leis an tseirbhís do dhaltaí agus do mhúinteoirí a bhíodh soláthartha ag Foinse roimhe seo agus atá á feabhsú i gcónaí. Forbraíodh na hacmhainní nua, atá go hiomlán saor in aisce, i gcomhar le COGG agus bunaíodh gach ceann acu ar théamaí churaclam na bunscoile. Is iad múinteoirí bunscoile a d’fhorbair na hacmhainní ionas go bhfónfar i gceart ar riachtanais an mhúinteora sa seomra ranga.

Tá na céadta acmhainní nua curtha ar an suíomh agus déantar freastal ar gach cineál leibhéal Gaeilge. Ina measc tá póstaeir ildaite ábhartha atá inúsáidte go hidirghníomhach, ar chláir bhán agus teilgeoirí, nó mar acmhainn crua clóite amach. Tá fáil freisin ar chluichí idirghníomhacha, crosfhocail agus ceachtanna lion na bearnaí, gné a thugann deis do mhúinteoirí freastal ar leibhéil éagsúla foghlama in aon cheacht amháin. Cé go bhfuil na hacmhainní dírithe ar mhúinteoirí scoile go príomha, is áis iontach do thuismitheoirí é an suíomh www.foinse.ie.

Mar aon leis na hacmhainní ar líne, cuirtear neart ceachtanna agus ábhair foghlama ar fáil gach Céadaoin in Foinse ata ar fáil go seachtainiúil leis an Irish Independent. Foilseofar plean ceachta úr sa nuachtán gach seachtain le linn an téarma scoile a bheas mar acmhainn leanúnach do mhúinteoirí agus tuismitheoirí leis an nGaeilge a chruthú mar ábhar tarraingteach spreagthach.

Foilsithe ar Gaelport.com