Méid an Téacs

Treoirlínte nua Náisiúnta maidir le meabhairshláinte dhearfach a chur chun cinn agus féinmharú a chosc in iar-bhunscoileanna á bhfoilsiú

Eanáir 31, 2013

“Folláine in Iar-Bhunscoileanna” uirlis thábhachtach do scoileanna

Lainseáil an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D., an tAire Stáit le freagracht as Míchumas, Daoine Scothaosta, Comhionannas agus Meabhairshláinte, agus Stiúrthóir na hOifige Náisiúnta um Fhéinmharú a Chosc treoirlínte nua d’iar-bhunscoileanna don mheabhairshláinteagus chun féinmharú a chosc inniu (31ú Eanáir ).
Tá ról leithleach le glacadh ag iar-bhunscoileanna chun tacú le meabhairshláintedhearfach agus folláine daoine óga. Déanann siad é seo trí thimpeallachtaí comhbhácha a chruthú, trí oideachas a chur ar dhaoine óga maidir lena sláinte, agus trí thacaíocht a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí ag cur as dóibh.

Cuireann na Treoirlínte creat soiléir ar fáil, agus eolas ann do scoileanna agus do ghníomhaireachtaí atá ag tacú le scoileanna, faoin gcaoi le dul i ngleic le ceisteanna a bhaineann leis an meabhairshláintea chur chun cinn agus leis an bhféinmharú a chosc. Tá na Treoirlínte ceaptha do bhaill uile phobal na scoile, do na boird bainistíochta agus do na foirne bainistíochta in-scoile a ghlacann ról lárnach ceannasaíochta i gcur chun cinn na meabhairshláinte. Beidh siad úsáideach chomh maith do na comhpháirtithe reachtúla agus neamhreachtúla, tuismitheoirí, cumann tuismitheoirí, mic léinn, comhairlí mac léinn, pearsanra sláinte agus pearsanra eile atá ag iarraidh tuiscint a fháil ar an gcaoi is fearr le hoibriú i scoileanna agus in éineacht leo.

Is éard is ciall le cur chuige scoile uile ná cur chuige a théann thar an bhfoghlaim agus an teagasc sa rangsheomra chun dul i gcion ar gach gné de shaol na scoile. Orthu siúd a bhíonn gafa leis bíonn mic léinn, múinteoirí, Príomhoidí, foireann eile na scoile ar fad, pearsanra sláinte, bainisteoirí scoile, cuairteoirí scoile agus pobal mór na scoile a idirghníomhaíonn leis an scoil.

Meastar go mbíonn neamhoird mheabhairshláinte ar dhuine amháin as gach deichniúr páistí agus déagóirí, a théann i gcion ar a gcaidreamh daonna agus ar a scileanna chun déileáil le deacrachtaí ó lá go lá. Is iomaí fadhb mheabhairshláinte a thagann chun cinn le linn aois an pháiste agus na hógántachta.

Dúirt an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D., “Is éifeachtaí a fhoghlaimíonn daoine óga má tá siad sona, agus má bhraitheann siad go bhfuiltear ag tacú leo ar scoil. Tá sé ríthábhachtach teacht aniar agus folláine mhothúchánach a chothú iontu ar mhaithe lena ndul chun cinn ar scoil agus lena rathúlacht sa saol.
“Cúram mór sláinte poiblí don Rialtas is ea an fholláine a chur chun cinn agus an t-iompar féinmharaithe a chosc i measc daoine óga in Éirinn agus beidh na Treoirlínteseo ina n-uirlis thábhachtach chun cabhrú le scoileanna tacú lenár ndéagóirí.”

Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Míchumas, Daoine Scothaosta, Comhionannas agus Meabhairshláinte: “Ceisteanna tromchúiseacha is ea féinmharú i measc na n-óg agus meabhairshláinte na n-óg gur gá dul i ngleic leo go práinneach. Tá sé ríthábhachtach go dtacóimis lenár ndaoine óga ina gcuid riachtanas sóisialta, mothúchánach agus meabhairshláinte chun a chinntiú go mbaineann siad a bpoitéinseal amch agus go bhfásann siad suas mar aosaigh sona, stuama.

“Ní mór dúinn a chinntiú go mbraithfear fadhbanna go luath agus go mbeidh idirghabháil thráthúil i gcás duine óig ar bith atá ag dul trí dheacrachtaí leis an meabhairshláinte, mar go bhfuil fhios againn gur as an idirghabháil thráthúil a thagann na torthaí sláinte is fearr agus go laghdaíonn sé an dóchúlacht go mbeidh míchumas fadtéarmach ann. Cuirim an-fháilte roimh na Treoirlínte tábhachtacha seo mar go mbeidh siad ina n-acmhainn thábhachtach do scoileanna agus iad ag tacú le meabhairshláinte dhearfach daoine óga.”

Glacann scoileanna ról ríthábhachtach chun meabhairshláinte dhearfach a chur chun cinn i measc daoine óga. Tugtar cuntas ar shamhail chur chuige scoile-uile in “Folláine in Iar-Bhunscoileanna: Treoirlínte do Chothú na Meabhairshláinte agus do Chosc an Fhéinmharaithe”. Chuaigh léirbhreithniú leathan ar an litríocht mar aon le próiseas comhairlithe i gcion ar an tsamhail sin.

Bhí páirtithe leasmhara ó na hearnálacha deonacha agus reachtúla ar a n-áirítear múinteoirí, Príomhoidí, comhairlí mac léinn, seirbhísí tacaíochta scoile, daoine óga agus gairmithe sláinte, gafa leis an dtúsphróiseas comhairlithe.

Tá na Treoirlínte roinnte ina dtrí phríomhrannán:

  • Tacaíocht Scoile do GACH DUINE: tugann sé cur chuige scoile-uile don mheabhairshláinte agus do chosc an fhéinmharaithe.
  • Tacaíocht Scoile do Dhaoine Áirithe: díríonn sé go sainiúil ar líon beag daoine ógá nó grúpaí a shainaithint go luath, a bhfuil an baol ann go ngabhfaidís le pátrúin míshláintiúla iompraíochta, nó a bhfuil comharthaí luatha ag baint leo go bhfuil siad cheana féin ag saothrú deacrachtaí meabhairshláinte.
  • Tacaíocht Scoile do Líon Beag Daoine: tugann sé cuntas ar an gcaoi gur féidir le scoileanna tacú le daoine óga a bhfuil riachtanais níos casta agus níos buaine acu a bhaineann lena bhfolláine mheabhairshláinte agus mothúchánach.

Tá na scoileanna i riocht leithleach chun iad siúd atá ag dul tríd an ngátar a shainaithint agus a thacú, agus chun timpeallacht a chruthú a spreagann daoine óga chun teagmhais nó fadhbanna ar bith atá ina n-ábhar buartha a thabhairt ar aire.
Is den tábhacht é a thuiscint nach bhfuil an mheabhairshláinteagus an fholláine ina bhfreagrachtaí ag an scoil amháin. Bíonn róil chomhlántacha ag tuismitheoirí agus ag pobal mór na scoile chomh maith, iad araon ag tacú lena chéile.

Dúirt Gerry Raleigh, Stiúrthóir na hOifige Náisiúnta um Fhéinmharú a Chosc ag an FSS a mhaoinigh forbairt na dTreoirlínte, “Cuirim fáilte roimh fhoilsiú na dTreoirlínte. Tugann na cáipéisí comhairle agus eolas do na gníomhaireachtaí seachtracha ar fad, an FSS san áireamh, faoin gcaoi lenar féidir linn go léir oibriú le scoileanna i mbealach sábháilte, fianaise-bhunaithe chun meabhairshláinte agus folláine na ndaoine óga go léir a thacú agus a fhorbairt.

Dúirt sé freisin: “Is léir ón bhfíric gur forbraíodh na Treoirlínte i gcomhpháirtíocht idir an ROS, an FSS agus an Roinn Sláinte nach féidir le haon ghníomhaireacht aonair an mheabhairshláintea chur chun cinn agus an féinmharú a chosc. Beidh orainn caidrimh éifeachtacha a fhorbairt idirgníomhaireachtaí má táimid chun dul i gcion ar na rátaí féinmharaithe i measc daoine óga in Éirinn.”

Is den tábhacht é go mbeadh scoileanna ar an eolas faoi na seirbhísí agus na tacaíochtaí atá ar fáil sa phobal. Is lú de dhóchúlacht atá ann go mbeidh fadhbanna meabhairshláinte ag daoine óga má bhíonn caidrimh mhaithe acu leis an scoil, agus is mó an dóchúlacht go mbeidh torthaí maithe oideachasúla acu. Cuimsíonn caidrimh mhaithe leis an scoil an caidreamh le piaraí, le haosaigh agus leis an bhfoghlaim.

Cuireann na Treoirlínte i láthair i mbealach comhtháite na heilimintí den dea-chleachtas gur ceart do scoileanna iad a bheith ar bun acu. Orthu seo, tá feidhmiú scoile-uile an OSPS agus plean don treoir scoile-uile ar a n-áirítear pleanáil chun déileáil le teagmhais ghéarchéimneacha. Tugtar cuntas chomh maith ar an bPróiseas Scoile um Chur Chun Cinn na Sláinte ag an FSS agus léiríonn na Treoirlínte an chaoi leis an bPróiseas sin a thabhairt isteach i scoileanna chun an dea-chleachtas atá ann cheana a chomhlánú.
Scaipfear na Treoirlínte ar scoileanna sna seachtainí amach romhainn.

Is féidir iad a íoslódáil ó: http://www.education.ie/ga/Foilseacháin/Tuarascálacha-Oideachais/Well_Being_PP_Schools_Guidelines_ir.pdf
Tá an Achoimrear fáil ag: http://www.education.ie/ga/Foilseacháin/Tuarascálacha-Oideachais/Well_Being_PP_Schools_Guidelines_Summary_ir.pdf