Méid an Téacs

Tuilleadh díomá do thuismitheoirí i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath a bhí ag feachtasaíocht ar son scoil lán-Ghaeilge ilchreidmheach

Iúil 15, 2016

Lorg An Foras Pátrúnachta athbhreithniú le deireanaí ar chinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna gan aon soláthar a chur ar fáil don 733 páiste i gceantar Marino/Dhroim Conrach/Bhaile Átha Cliath 1 a bhí ag lorg oideachas lán-Ghaeilge ilchreidmheach. Tá an-díomá ar thuismitheoirí an cheantair le freagra an Aire Oideachais agus Scileanna ar an gceist – nach bhfuil sé toilteanach aon aitheantas a thabhairt do scoil lán-Ghaeilge nua in ainneoin an éilimh ollmhóir ó thuismitheoirí áitiúla agus brú ó Gaelscoileanna Teo. agus An Foras Pátrúnachta araon. Leanfaidh Gaelscoileanna Teo. ag plé leis na tuismitheoirí áitiúla agus eagrófar cruinniú leo sna laethanta amach romhainn chun deiseanna éagsúla a phlé agus le haiseolas a lorg maidir leis an bpróiseas pátrúnachta – eolas a roinnfear leis an Roinn.

Is féidir litir an Aire Oideachais agus Scileanna a léamh anseo