Méid an Téacs

Uachtarán na hÉireann Mícheál D. Ó hUiginn faoi agallamh ar ‘20 Bliain’ ar Raidió na Life Dé Céadaoin 18ú Nollaig, 12:00 – 13:00

Nollaig 18, 2013

Tá áthas ar Raidió na Life a fhógairt go mbeidh Uachtarán na hÉireann Mícheál D. Ó hUiginn ag tabhairt mór-agallamh don stáisiún Dé Céadaoin beag seo 18ú Nollaig ag a meánlae mar chuid den tsraith ’20 Bliain’, sraith ina labhrann mórphearsantachtaí ó shaol poiblí na hÉireann le láithreoirí deonacha éagsúla ó Raidió na Life faoin méid a thit amach i saol an duine sin idir na blianta 1993 agus 2013, an tréimhse chéanna go bhfuil Raidió na Life ag soláthar seirbhís raidió pobail do phobal na Gaeilge i mórcheantar Átha Cliath.

Beidh Judy-Meg Ní Chinnéide i mbun cainte leis an Uachtarán an tseachtain seo agus é ag caint faoin méid a thit amach ina shaol le fiche bliain anuas agus ag roghnú roinnt ceoil. I measc ábhair chainte eile, labhrann an tUachtarán faoina chuimhní faoi bhunú Raidió na Life féin i 1993, a ról féin mar Aire Ealaíona, Cultúir agus Gaeltachta le linn bhunú Theilifís na Gaeilge, agus a dhearcadh i dtaobh chur chun cinn na Gaeilge sa sochaí Éireannach le linn an ama sin freisin. Ná caill an t-agallamh fíor-spéisiúil seo! Éist leis Dé Céadaoin ag a 12 i.n. ar 106.4FM in Átha Cliath nó ar líne ar raidionalife.ie.

Bíonn an clár „20 Bliain‟ le cloisteáil gach Céadaoin ag a 12 meánlae, le deis éisteacht arís leis ag a 7 i.n. gach tráthnóna Déardaoin. Tá réimse leathan d‟aíonna tar éis páirt a ghlacadh sa sraith, idir aisteoirí, polaiteoirí, craoltóirí aitheanta, ceoltóirí srl. Is féidir éisteacht siar leis na hagallaimh ar fad a craoladh go dtí seo ar shuíomh Raidió na Life http://www.raidionalife.ie/20bliain/, áit a thiocfaidh tú ar agallaimh le leithéidí An Taoiseach Enda Kenny, an fuirseoir Dara Ó Briain, an t-aisteoir Peter Coonan („Fran‟ i Love/Hate), an láithreoir teilifíse Bláthnaid Ní Chofaigh, Stiúrthóir Amharclann na Mainistreach Fiach Mac Conghail agus neart daoine eile nach iad.

Arsa Cian Mac Cárthaigh, Clár Reachtaire Raidió na Life, “Bhí sé soiléir dúinn go bhfuil réimse leathan daoine i saol poiblí na hÉireann agus scéal le hinsint acu faoin méid a thit amach ina saolta idir 1993 agus 2013. Bhí sé tábhachtach dúinn na scéalta seo a chur ar an dtaifead trí Ghaeilge agus tá súil againn go mbeidh daoine fós ag éisteacht leo nuair atá Raidió na Life ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód. Bhí sé go deas freisin deis a thabhairt do láithreoirí deonacha RnL a gcuid talainne mar iriseoirí a léiriú agus iad i mbun agallaimh uair a‟ cloig le cuid de na daoine is mó le rá i saol poiblí na tíre.”

Tá físeán de thuras Raidió na Life chuig Áras an Uachtaráin déanta ag an scannánóir óg Laura Gaynor, oibrí deonach leis an stáisiún. Féach: http://www.youtube.com/watch?v=ooJ9gNI-rxo