Méid an Téacs

Scléip 2018 -Míreanna Mealltacha i Muineachán!

Nollaig 1, 2017

Bhí  míreanna mealltacha ar ardán i Muineachán inniu, Déardaoin, 30 Samhain 2017, ag réamhbhabhta an tuaiscirt de chuid Scléip Gael Linn 2018! Reáchtáladh an ócáid in Amharclann an Gharáiste ar an mbaile.  Is comórtas tallainne é Scléip atá á eagrú go sonrach do na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, agus atá dírithe ar na healaíona comhaimseartha.
Bhí scoláirí ó na hiar-bhunscoileanna Gaeltachta, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall agus Coláiste Pobail Ráth Chairn, Co. na Mí i láthair, mar aon le hiomaitheoirí ó Choláiste Oiriall, Muineachán, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn agus  Coláiste Lú, Dún Dealgan,  buíochas leis na múinteoirí maithe ar fad a spreag iad !  Bhí atmaisféar iontach san amharclann, agus ba léir gur bhain an lucht féachana an-sult as a chuir na  rinceoirí, aisteoirí, amhránaithe agus ceoltóirí óga ós a gcomhair i rith an lae. Thug na moltóirí,  Tomaí Ó Conghaile, Nós, agus Edel Ní Churraoin, Raidió Fáilte, ard-mholadh do na rannpháirtithe uilig as a gcuid léirithe, agus roghnaigh siad na míreanna a leanas le dul ar aghaidh go dtí craobhchomórtas Scléip ar an gCéadaoin, 31 Eanáir 2018 in amharclann Clasach, Baile Átha Cliath – comhghairdeas leo uilig !
Tá neart grianghraif ón ócáid le feiceáil ar leathanach Facebook Scléip Gael Linn !

 

GG 2 Grúpa ChiaraTHUMBNAIL

Grúpa Chiara ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, Tír Chonaill, a tháinig sa chéad áit sa chomórtas ‘Rince Cruthaitheach – Sóisear’

GG 6 Aisling Nic LochlainnTHUMBNAIL

Aisling Nic Lochlainn, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn – buaiteoir an chomórtais ‘Ceol Comhaimseartha Aonair – Sóisear’

GG 17 Na hEalaí Dubha THUMBNAIL

Bhuaigh an grúpa ‘Smugaire Róin’ ó Choláiste Pobail Ráth Chairn, Co. na Mí an comórtas sinsearach do ghrúpaí amhránaíochta le féintionlacan

GG 24 Smugairle RóinTHUMBNAIL

‘Na hEalaí Dubha’ ó Choláiste Lú, Dún Dealgan ar stáitse – cháiligh siad do chraobhchomórtas Scléip 2018 a bheidh ar siúl i mBÁC ar an 31 Eanáir 2018 !

Rince Cruthaitheach – ( Grúpaí ) Sóisear:
1. Grúpa Chiara, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

Rince Cruthaitheach – ( Grúpaí ) Sinsear:
1. ‘Spleodar’, Coláiste Oiriall, Muineachán

Sceitse Nuachumtha:
1. ‘Meascán Mearaí’, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sóisear ):
1. Aisling Nic Lochlainn, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn

Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sinsear ):
1. Ruairí Mac Lochlainn, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn

Slua-amhránaíocht:
1. ‘Gliondar’, Coláiste Lú, Dún Dealgan

Amhránaíocht Comhaimseartha le féintionlacan ( Aonair ) Sóisear:
1. Emma Nic an Bhreithiún, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

Amhránaíocht Comhaimseartha le féintionlacan ( Aonair ) Sinsear:
1. Amy Ní Chléirigh, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn

Amhránaíocht Comhaimseartha le féintionlacan ( Grúpaí ) Sóisear:
1. ‘Na hEalaí Dubha’, Coláiste Lú, Dún Dealgan, Co. Lú

Amhránaíocht Comhaimseartha le féintionlacan ( Grúpaí ) Sinsear:
1. ‘Smugairle Róin’, Coláiste Pobail Ráth Chairn, Co. na Mí