Méid an Téacs

Straitéis Dhigiteach do Scoileanna

Samhain 1, 2016

Straitéis Dhigiteach do Scoileanna 2015-2020 Teagasc, Foghlaim agus Measúnú a fheabhsú

Foilsíodh “Straitéis Dhigiteach do Scoileanna 2015-2020, Teagasc, Foghlaim agus Measúnú a fheabhsú” nua i mí Dheireadh Fómhair 2015.  Tógann sí ar obair a rinneadh roimhe seo agus tacaíonn sí le straitéis fhoriomlán na Roinne i roinnt príomhréimsí lena n-áirítear cur i bhfeidhm curaclaim, forbairt scileanna, oiliúint mhúinteoirí agus torthaí foghlaimeora. Toradh ar thaighde agus comhairleoireacht fhorleathan is ea an Straitéis.

Sa Straitéis leagtar amach fís shoiléir atá dírithe ar an acmhainneacht atá i dteicneolaíochtaí digiteacha eispéiris foghlama scoláirí a athrú ón mbonn aníos trí cabhrú leo a bheith ina smaointeoirí rannpháirteacha, ina bhfoghlaimeoirí gníomhacha, ina bhfoirgneoirí eolais agus ina saoránaigh dhomhanda a ghlacann páirt go huile agus go hiomlán sa tsochaí agus san eacnamaíocht.

Anseo thíos roinnt príomhthosaíochtaí na Straitéise le linn di a bheith á cur i bhfeidhm:

  • Soiléire a thabhairt do mhúinteoirí agus do scoileanna maidir lena bhfuil i gceist le TFC a leabú i dTeagasc, Foghlaim agus Measúnú, trí Chreat Inniúlachta TFC UNESCO do Mhúinteoirí a chur in oiriúint don chomhthéacs Éireannach.  Trí Chreat Inniúlachta TFC UNESCO do Mhúinteoirí a chur in oiriúint don tír seo is féidir le scoileanna agus múinteoirí na riachtanais oiliúna a aithint nach mór don Roinn agus dá cuid seirbhísí tacaíochta díriú orthu.
  • Forbairtí teicneolaíochta agus oideachais a léiriú tríd an acmhainn pleanála ríomhfhoghlaim i Do Scoil (ón bhliain 2009) a thabhairt cothrom le dáta d’fhonn cabhrú le scoileanna tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a mbeartas ríomhfhoghlama.
  • Tabhairt faoi na riachtanais bhonneagair TFC atá ag scoileanna trí deontas Trealaimh TFC a fhorbairt (an chéad tráinse a bheith ar fáil don scoilbhliain 2016-2017), agus leanúint de bheith ag cur feabhais ar sheirbhísí leathanbhanda do scoileanna.
  • Scoilnet agus láithreáin/seirbhísí gaolmhara a chur chun cinn mar phointe tagartha náisiúnta do scoileanna chun ábhar digiteach den scoth a thaispeáint dóibh (www.scoilnet.ie).
  • Eolas a chur ar fáil do mhúinteoirí maidir le silte nuálacha chun úsáid a bhaint ar shlí níos gníomhaí as teicneolaíochtaí digiteacha ina gcuid teagaisc, samplaí deachleachtas san áireamh, agus comhroinnt na gcleachtas seo i measc múinteoirí a éascú.
  • Feabhas a chur ar rochtain ar Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach do mhúinteoirí agus ar an éifeacht atá aici, trí cur le formáidí seachadta na Forbartha Gairmiúla Leanúnaí chun go gcuirfear cláir foghlama ar líne agus cláir chumaisc san áireamh.
  • Iniúchadh a dhéanamh ar réitigh maidir le tacaíocht theicniúil do scoileanna agus moltaí a dhéanamh ina dtaobh.
  • Cur le scóip agus raon agus foghlaim an scoláire laistiar de bhallaí an seomra ranga.

Féach thíos chun tuilleadh eolais a fháil ar an Straitéis. Tá an doiciméad beartais iomlán ar fáil ag: An Straitéis Dhigiteach do Scoileanna 2015-2020.