Méid an Téacs

Tá Fíbín deich mbliana i mbun samhlaíochta agus iontais

Meitheamh 26, 2013

Nuair a d’éirigh Darach Ó Tuairisg as an ról a bhí aige mar Liam sa sobaldráma Ros na Rún, dúirt an-chuid daoine leis go raibh sé “craiceáilte”.

N’fheadar cad dúirt na daoine céanna leis nuair a d’fhógair sé go gairid ina dhiaidh sin go raibh sé ag clárú le cúrsa puipéadóireachta.
Ach níor chaill fear an mhisnigh riamh é agus tá Fíbín, an comhlacht drámaíochta do dhaoine óga a bhunaigh an t-aisteoir óg as Conamara agus beirt fhear mhisniúla eile, ag ceiliúradh deich mbliana ar an bhfód i mbliana.

“Mícheál Ó Domhnaill a tháinig aníos leis an smaoineamh mar gur shíl sé go raibh go leor tallainn nua tagtha chun cinn le linn an chúrsa sin a d’eagraigh TG4 le comhlacht Jim Henson ag an am.

“Bhunaíomar comhlacht le ¤3,000 ó Ealaín na Gaeltachta agus tháinig 2,000 duine ag féachaint ar an chéad dráma a rinneamar, An Gabha agus an
Gasúr. Tháinig daoine óga nach bhfaca dráma Gaeilge riamh cheana,” a dúirt Ó Tuairisg.

Obair fhónta

Thuig Ó Tuairisg láithreach go raibh obair fhónta ar bun ag Fíbín: “Bíonn tú chomh sáite sa rud ní bhíonn a fhios agat go dtí an oíche oscailte an bhfuil aon mhaith leis. Ach nuair a chas an seit imrothlach a bhí againn timpeall chonaic mé an t-iontas a bhí ar aghaidheanna na ngasúr.

“Ba rud mór domsa go pearsanta é an t-iontas sin a fheiceáil ar aghaidheanna 200 gasúr istigh i halla pobail i gConamara.”
Ó shin i leith, tá 26 dráma curtha ar stáitse ag Fíbín in áiteanna chomh héagsúil óna chéile le Maláiv na hAfraice agus an Ballroom of Romance i mBaile Hamaltúin. Bhí sé mar aidhm riamh ag Fíbín drámaí Gaeilge a thabhairt go dtí áiteanna nach dtéann drámaí ann de ghnáth. Tá Ó Tuairisg chomh bródúil céanna as an turas go dtí an Ballroom of Romance is atá sé as an turas chun na Maláive.

Le deich mbliana anuas, tá cáil bainte amach ag Fíbín de bharr na samhlaíochta agus ceannródaíochta a bhaineann lena léirithe fisiciúla físiúla.
Tá cúigear fostaithe go lánaimseartha ag an gcomhlacht agus fostaítear 19 duine eile go páirtaimseartha gach bliain.

Ní mhaireann seónna Fíbín riamh níos faide ná uair an chloig: “Táimid ag iarraidh a thaispeáint do dhaoine go bhfuil drámaíocht na Gaeilge fós beo. Níl éinne ag iarraidh suí in amharclann ar feadh trí uair an chloig muna bhfuil rud fíor-speisialta ann.

“Cuid mhaith den am bíonn Fíbín ag iarraidh seanscéalta a insint ar bhealach a thuigeann an ghlúin nua. Seo dream a bhfuil ríomhairí beaga ina lámha acu agus nach bhfuil mórán foighde acu. Sin an phríomhchúis nach mbíonn aon dráma againn níos faide ná uair an chloig.”

Tá Ó Tuairisg ar bís agus agus é caint faoin úsáid atá á bhaint anois ag an gcomhlacht as an nuatheiceolaíocht, an fhísealaín, mascanna agus an scáilphuipéadóireacht.

Ach cé go bhfeictear dó gurb é an t-aon slat tomhais le hobair Fíbín a mheas ná caighdeán a léirithe, tuigeann sé leis gur féidir draíocht na hamharclan-naíochta a chur ag obair ar son na teanga: “Thart ar 80 faoin gcéad de na daoine óga a fheiceann dráma Fíbín, sin an t-aon uair i gcaitheamh a saoil a fheicfidh siad dráma Gaeilge.

“Táimid ag cruthú ealaíne ní ag múineadh na Gaeilge, ach tá sé tábhachtach íomhá dhearfach den teanga a thabhairt do na daoine seo trí dhraíocht na hamharclan-naíochta. Is féidir linn a thaispeáint gur féidir leis an nGaeilge a bheith barrúil, gur teanga í atá beo fós.”

Rath
Faraor, níl an rath céanna faoi láthair ar dhrámaíocht na Gaeilge trí chéile is atá ar leithéidí Fíbín agus Branar, comhlacht Gaillimheach eile atá dírithe ar an aos óg.

Ceann de na fadhbanna móra atá ann, dar le Ó Tuairisg, ná nach bhfuil dóthain á dhéanamh le scríbhneoirí a mhealladh chun drámaí a scríobh:
“Tá sé cosúil leis an ubh agus an chearc, níl aon phobal ann mar nach bhfuil aon scríbhneoirí ann ach níl aon scríbhneoirí ann mar nach bhfuil aon phobal ann.”

Bíodh sin mar atá, tá a chion déanta ag Fíbín le deich mbliana anuas chun pobal do dhrámaíocht na Gaeilge a thógaint.
Tá na céadta mílte daoine óga tar éis freastal ar a seónna agus chonaic 6,000 duine an dráma deireanach leo, Setanta, an chéad cheann uathu a bhí dírithe ar mhic léinn ollscoile.

Tá siad ag obair ar dhráma nua faoi láthair a bhainfidh leas as an mapáil físe chun stair na gCeilteach (de réir Fíbín) a insint.
Tá cuireadh faighte acu freastal ar fhéile drámaíochta in Manhattan agus tá nasc oifigiúil á dhéanamh acu le hOllscoil Notre Dame in Indiana.
Munar leor sin, tá an comhlacht teilifíse atá ag Ó Tuairisg agus Mícheál Ó Domhnaill ag obair ar shraith phuipéadóireachta do TG4 –
An Saol faoi Shráid – a bhfuil buiséad milliún euro aici.

Mar chuid den tionscnamh teilifíse, beidh Fíbín ag reachtáil cúrsa puipéadóireachta.
Nach ait an mac an saol gurb iad féin anois atá ag stiúradh na gcúrsaí puipéadóireachta?

Déanann Ó Tuairisg gáire: “Níor chuimhnigh mé mar sin air ach tá an ceart agat. B’fhéidir go bhfuil sé in am é a chaitheamh in aer!”

www.irishtimes.com

Foilsithe ar Gaelport 26 Meitheamh 2013

The Irish Times – Seán Tadhg Ó Gairbhí