Méid an Téacs

Scoil na gCeithre Máistrí – Bliots Lár Tíre 2010

Iúil 5, 2010

Ar an 17ú Meitheamh i mbliana, tháinig páistí rang a cúig agus rang a sé ó na gaelscoileanna lár tíre le chéile in Áth Luain chun páirt a ghlacadh i mbliots spóirt. Thart ar 170 páiste ar fad a bhí páirteach ann. Bhí páistí ó Ghaelscoil Longfoirt, Gaelscoil de hÍde, Ros Comáin, Gaelscoil an Eiscir Riada, Tulach Mhór agus Scoil na gCeithre Máistrí in Áth Luain páirteach ann.

Ghlac na páistí páirt i go leor comórtais. I measc na n-imeachtaí a bhí ar siúl, bhí peil Ghaelach, cispheil, snámh, cór, uni-hoc, iománaíocht, sacar, tráth na gceist bord, poc fada agus rás na gconstaicí. Chabhraigh daltaí meánscoile le réiteoireacht a dhéanamh ar na cluichí.

Míle buíochas do Chlub Sacair Átha Luain a chuir a bpáirc peile ar fáil don bhliots. Bhí lá spraíúil, spóirtiúil ag gach duine, idir páistí agus múinteoirí agus tá súil againn go mbeidh a leithead ann arís.