Méid an Téacs

Turas Ghaelscoil Uí Éigeartaigh, An Cóbh go dtí Gaeltacht Chorca Dhuibhne

Bealtaine 31, 2011

Chuaigh Rang 6 ó Ghaelscoil Uí Éigeartaigh, An Cóbh ar thuras scoile speisialta go dtí Gaeltacht Chorca Dhuibhne i mí Bealtaine 2011 ós rud é go bhfuil an scoil ag comóradh 25 bliain ar an saol i mbliana. Turas ceithre lá a bhí ann agus d’éirigh leis an grúpa réimse mór imeachtaí a dhéanamh fad a bhí siad ann. (i.e. Turasanna chuig: Stiúidió Raidió na Gaeltachta chun clár raidió a dhéanamh, Ionad an Bhlaoscaoid, Séipéilín Ghallarais,  Falla Dreapadóireachta, An t-Ionad Babhlála agus An Domhan Fothoinn sa Daingean, agus snámh san Aquadome i dTrá Lí ar an slí abhaile )

I measc na n-imeachtaí sin chomh maith thugadar cuairt ar bhunscoileanna Gaeltachta (Scoil Dhún Chaoin agus Scoil Naomh Eirc).  Le linn na gcuairteanna sin tugadh deis do na daltaí araon amhráin a chanadh dá chéile, poirt a sheinnt , scéalta a insint  agus gan dabht dreas súgartha a dhéanamh lena chéile chomh maith!

Eagraíodh Céilí Mór do cheann dos na h-oícheanta ansin agus tugadh deis eile do na daltaí as na trí scoil bualadh lena chéile arís agus píosa ‘craic’ a bheith acu. Baineadh an- sult go deo as an oíche agus gan dabht bhí raidhse sóláistí ar fáil chomh maith!

Táimid thar a bheith buíoch do gach éinne a chabhraigh linn an dturas seo a chur i gcrích…

  • Príomhoidí & múinteoirí na scoileanna gaeltachta
  • Na Mná Tí ( Bríd Uí Lúing & Annie Feirtéar)
  • Fear an Bhus (John ó Chomhlacht Butlers sa Chóbh)
  • Tuismitheoirí & daltaí a bhailigh an t-uafás airgid don turas ó thus na     bliana
  • Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne
  • Gaelscoileanna Teo.