Comhordaitheoir ar Thionscadal Oidhreachta
Nollaig 10, 2013
Tá Comhordaitheoir Tionscadail de dhíth ar Choiste Forbartha Charn Tóchair fá choinne a dtionscadail oidhreachta “Samhlaigh”.
Is post 9 mí é seo, leis na 9 mí deiridh den tionscadal 3 bliana a chur i gcríoch.
Is tionscadal oidhreachta pobail é Samhlaigh, ina bhfuil obair leis an phobal áitiúil, saorálaithe, scoileanna áitiúla, ollscoileanna ann; agus ina gcuimsítear an comhshaol, seandálaíocht, an oidhreacht thógtha agus an Ghaeilge.
Beidh an té a cheapfar freagrach as comhordú agus as cur i bhfeidhm uile an tionscadail ó lá go lá. Ní mór a bheith ag an té sin:
– Bliain ar a laghad de thaithí oibre in earnáil na hoidhreachta
– Céim tríú leibhéil nó a comhionann
– Taithí i mbainistiú agus i riar tionscadail den chineál seo
– Leibhéal ard inniúlachta le ríomhairí agus taithí le córais CFG
Tá na critéir riachtanacha agus inmhianaithe ar fáil ach scríobh chuig:
Coiste Forbartha Charn Tóchair,
An Carn, T
ír Chiana,
Machaire Rátha,
Co. Dhoire
BT46 5NH
nó ar ríomhphost eolas@ancarn.org.
Ní mór foirmeacha iarratais bheith istigh faoi 12.00pm Dé hAoine 13 Nollaig 2013.
Tuarastal: thart ar STG £22,000 p.a. + ranníocaíocht phinsin.
Fostóir comhdheiseanna is ea Coiste Forbartha Charn Tóchair.
Foilsithe ar Gaelport.com