Méid an Téacs

Folúntais: Coláiste Ghlór na Mara

Bealtaine 26, 2014

Is meánscoil lán-Ghaelach í Coláiste Ghlór na Mara a osclóidh i mBaile Brigín, Co. Bhaile Áth Cliath i mí Meán Fómhair 2014.

Tá An Foras Pátrúnachta ina phatrún ar an nGaelcholáiste. Freastalóidh an scoil, a bhfuil éiteas ilchreidmheach aici, ar an éileamh mór atá ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge i dtuaisceart Fhine Gall, An Mhí Thiar agus deisceart an Lú.

Tá postanna le fail sna h-ábhair seo a leanas; Gaeilge , Béarla, Fraincís Spáinnis, Mata, Eolaíocht , Tír Eolas,Stair, Ceol, Gnó , Reiligiún, Teicneolaíocht, Eacnamaíocht Bhaile, Ealaíon, Corp oideachas, OSPS agus OSSP. Buntáiste bheith in ann níos mó ná ábhar amháin a mhúineadh. Táimid ag lorg múinteoirí fuinniúla, solúbtha le dúil mór sa ghaeloideachas agus in úsáid teicneolaíochta sa seomra ranga.

Deis iontach í seo bheith mar chuid d’fhoireann ag obair chun scoil dalta lárnach a chruthú agus ag cur ard caighdeán gael oideachas chun tosaigh sa cheantar.

Braitheann na postanna seo ar chead ón Stiúrthóir Athlonnaithe.

Sonraí: www.educationposts.ie