Méid an Téacs

Folúntas: Bainisteoir Riaracháin agus Tacaíochta leis an bhForas Pátrúnachta

Márta 18, 2015

Bunaithe i 1993 is é An Foras Pátrúnachta an Pátrún is mó ar scoileanna Lán-Ghaeilge agus freastalaíonn sé ar 68 scoil a bhfuil breis is 13000 dalta agus os cionn 600 fostaí acu. Ta sé freagrach as bainistiú na scoileanna ó lá go lá, as bunú scoileanna nua agus as ionadaíocht a dhéanamh dár scoileanna in earnáil Oideachais agus na Gaeilge.

Fáiltíonn An Foras Pátrúnachta roimh iarratais ar an bpost mar Bhainisteoir Riaracháin agus Tacaíochta. Is ról sinsearach in earnáil an Oideachais agus na Gaeilge é seo ina mbeidh ról lárnach ag an mBainisteoir Riaracháin agus Tacaíochta i bhfeidhmiú agus i bhforbairt na heagraíochta. Freagrach don Ard Rúnaí agus do Bhord Stiúrtha An Foras Pátrúnachta beidh an té a cheapfar freagrach as:
• Bainistiú na hoifige trí riarachán a dhéanamh ar chórais chumarsáide, ar thaifid ar chomhdú agus uasdátú a dhéanamh ar bhunachair sonraí
• Fiosrúcháin ó scoileanna nó eile a fhreagairt nó iad a threorú chuig an bhfoinse eolais cuí
• Eolas faoi obair na heagraíochta a ullmhú agus a scaipeadh ar an bpobal
• Eagrú ócáidí/seimineáir eolais
• Painéal Náisiúnta do mhúinteoirí a fheidhmiú
• Próiseas Réamhscrúdú na nGardaí a riaradh
• Comhoibriú le heagraíochtaí Oideachais agus Gaeilge
• Comhairle agus treoir aontaithe a chur in iúl do Bhoird Bhainistíochta
• Tacú le tiomsú airgid agus forbairt sruth ioncaim
• Aon obair eile ar a shocraíonn an bhainistíocht

Beidh na cáilíochtaí & scileanna seo ag an iarratasóir a cheapfar:
• Ardscileanna cumarsáide agus idirphearsanta mar aon le taithí ar chaidreamh éifeachtach a dhéanamh le daoine ag gach leibhéal
• Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhairt agus scríobh (Cáilíocht TEG inmhianta)
• Ardscileanna eagrúcháin agus riaracháin
• Ardscileanna ríomhaireachta
• Taithí agus tuiscint ar an gcóras oideachais
• Ábaltacht oibriú as a stuaim féin
• Tá ceadúnas tiomána agus carr ag teastáil don phost seo freisin

Scála Pá: €38,000 – €45,000.
Téarma: Conradh 3 bliana atá i gceist.
Láthair Oibre: Oifig An Foras Pátrúnachta, Bloc K3, Campas Gnó Mhaigh Nuad, Co. Chill Dara.

Seol litir iarratais mar aon le CV chuig foluntais@foras.ie roimh 5:00i.n ar an 27ú Márta 2015. Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh an spriocdháta. Is fostóir comhionannais deise é An Foras Pátrúnachta.

Tuilleadh eolas: http://www.foras.ie/foluntais-2/