Méid an Téacs

Folúntas: Iúil 2012: Oifigeach Gaeilge in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Post páirtaimseartha chun tréimhse saoire mháithreachais a chlúdach

Iúil 4, 2012

Conradh ar Théarma Seasta ar bhonn Pháirtaimseartha go dtí an 21 Nollaig 2012 chun tréimhse Saoire Mháithreachais a chlúdach.

Fáiltíonn Oifig an Uachtaráin, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath roimh iarratais don fholúntas d’Oifigeach na Gaeilge, ar chonradh ar théarma seasta go dtí an 21 Nollaig 2012 ar bhonn páirtaimseartha, 19.5 uair in aghaidh na seachtaine chun tréimhse saoire mháithreachais a chlúdach.

Beidh sé mar fhreagracht ar Oifigeach na Gaeilge:

  • Feidhmiú Scéim Acht na dTeangacha Oifigiúla, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath 2012-2015 agus Rialacháin agus Dualgais Dhíreacha an Achta san Institiúid a éascú.
  • Riachtanais aistriúcháin na hInstitiúide a chomhlíonadh.
  • Ranganna Gaeilge agus sainchúrsaí oiliúna don fhoireann agus do mhic léinn chomh maith le Scéim Scoláireachta Gaeltachta na hInstitiúide a eagrú agus a bhainistiú.
  • Scéim Cónaithe Gaeilge 2012/13 na mac léinn a eagrú agus a bhainistiú.
  • Clár imeachtaí Gaeilge san Institiúid a eagrú i gcomhpháirtíocht le cumainn agus le grúpaí éagsúla.
  • Cúraimí ginearálta oifige a chomhlíonadh lena n-áirítear bainistiú buiséid agus suíomhanna gréasáin agus obair riaracháin Oifig na Gaeilge.

Ní mór d’iarrthóirí: Cáilíocht Céime/Iarchéime i nGaeilge agus i Scileanna Aistriúcháin Ghaeilge nó cáilíocht chomhionann; ar a laghad dhá bhliain de thaithí ag obair trí mheán na Gaeilge; sárchumas i labhairt agus i scríobh na Gaeilge; taithí ar obair aistriúcháin i nGaeilge; taithí ar eagrú imeachtaí agus bainistiú tionscadal chomh maith le hard scileanna idirphearsanta, cumarsáide, eagrúcháin agus éascaithe agus spéis faoi léith i gcur chun cinn na Gaeilge in ITBÁC, a bheith acu.

Tá gach eolas le fáil agus is féidir iarratas a dhéanamh ar líne ag: http://www.dit.ie/hr/resourcing/resourcingandrecruitment/vacancies/

Spriocdháta d’iarratais: Dé Máirt 17 Iúil 2012.