Folúntas: Oifigeach Forbartha (Páirtaimseartha) le Raidió na Life
Meán Fómhair 4, 2014
Fáiltíonn Raidió na Life roimh iarratais don phost thuasluaite.
Beidh an té a cheapfar freagrach don Bhainisteoir Stáisiúin as réimsí nua oibríochtúla a fhorbairt agus a stiúradh i Raidió na Life, ina measc
- Comhordú & forbairt ar chúrsaí oiliúna QQI/FETAC
- Iarratais ar mhaoiniú don stáisiún ó fhoinsí neamhspleácha ar nós Scéim Fuaim & Fís Údarás Craolacháin na hÉireann
- Foinsí deontais & mhaoinithe eile a iniúchadh
- Iarratais ar na foinsí mhaoinithe seo thuas a scríobh is a bhainistiú.
Déanfaidh an tOifigeach Forbartha obair fhor-rochtana le grúpaí pobail agus grúpaí gaolmhara eile chun naisc a fhorbairt is a chur chun cinn idir Raidió na Life agus grúpaí pobail éagsúla. Beidh cúraimí riaracháin, craolacháin agus curaimí eile ar an Oifigeach Forbartha chomh maith.
Cáilíochtaí Riachtanacha:
- Ardchaighdeán Gaeilge, labhartha & scríofa
- Cáilíochtaí agus/nó taithí chuí sa réimse raidió pobail i nGaeilge
- Cáilíocht ‘Train the Trainer’ QQI/FETAC nó a chomhionann
- Scileanna maithe idirphearsanta
- Taithí oibre chuí
Scála Tuarastail: Oifigeach Feidhmiúcháin Gnáthscála (pro rata)
Dáta Deiridh: 19 Meán Fómhair 2014
Seoltar iarratais agus CV marcáilte “príobháideach” chuig:
An Bainisteoir
Comharchumann Raidió Átha Cliath Teo.
7 Cearnóg Mhuirfean
Baile Átha Cliath 2
Ba cheart ainmneacha agus sonraí teagmhála a thabhairt do bheirt a thabharfaidh teistiméireacht fút má iarrtar sin orthu.
Tá Raidió na Life agus an post seo maoinithe ag Scéim Raidió Pobail 2014-2015 Fhoras na Gaeilge.