Méid an Téacs

Folúntas: Príomhoide Teagaisc i nGaelcholáiste Dhoire

Márta 16, 2015

FOLÚNTAS DO MHÍ BEALTAINE 2015 NÓ A LUAITHE IS FÉIDIR INA DHIAIDH SIN
Gaelcholáiste Dhoire, Dún Geimhin, Contae Dhoire
PRÍOMHOIDE TEAGAISC (LÁNAIMSEARTHA)
Scála tuarastail: L11-L17 £48,504 – £56,109 in aghaidh na bliana.
Conradh dhá bhliain ar théarma sheasta le féidearthacht go ndéanfaí buan é
(faoi réir athbhreithniú an Roinn Oideachais)

Is meánscoil nuabhunaithe é Gaelcholáiste Dhoire atá ar tí an chéad iontógáil daltaí a ghlacadh isteach i Meán Fómhair 2015.
Is soláthar iar-bhunscoile ilchreidmheach, 11-19, uile-ábaltachta, comhoideachais, lán-Ghaeilge é Gaelcholáiste Dhoire. Tá d’aidhm ag Gaelcholáiste Dhoire bheith ina sholáthar páiste-lárnach a riarfaidh ar riachtanais agus ar mhianaidhmeanna na ndaltaí uilig i dtimpeallacht tumoideachais dinimiciúil agus spreagúil. Beidh an suíomh teanga seo mar bhonn tacaíochta faoi sholáthar barrfheabhais san oideachas le béim ar smaointeoireacht neamhspleách, anailíseach agus chruthaitheach. Tá an Ghaeilge luachmhar ag Gaelcholáiste Dhoire mar ghné atá riachtanach le féintuiscint, comhthuiscint, forbairt shamhlaíoch agus meas ar éagsúlacht chultúrtha a bhaint amach. Beidh Gaelcholáiste Dhoire ina scoil phobail a chothóidh naisc láidre leis an phobal Gaeloideachais áitiúil agus leis an phobal i gcoitinne.

Tuilleadh Eolais anseo: Fógra do phost an phríomhoide i nGaelcholáiste Dhoire