Méid an Téacs

Folúntas: Riarthóir Oifige leis an bhForas Pátrúnachta

Aibreán 29, 2016

Tá folúntas faoi láthair leis an bhForas Pátrúnachta. Is clár oibre ilghnéitheach a bhíonn ag an bhForas agus tá ár bhfoireann ag méadú. Is deis iontach atá ann tionchar dearfach a imirt ar an 15,000 dalta a fhreastalaíonn ar ár scoileanna i dtimpeallacht oibre atá tacúil agus taitneamhach. Más duine cumasach, spreagtha tú atá paiseanta faoin ngaeloideachas, bí i dteagmháil linn.

Tá iarratais á lorg ag An Foras Pátrúnachta ó dhaoine atá cáilithe do phost mar Riarthóir Oifige. Conradh trí bliana atá á thairiscint. Beidh an duine a cheapfar freagrach don Ard-Rúnaí. Oibreoidh an Riarthóir in éineacht leis an Ard-Rúnaí agus leis an mBainisteoir Riaracháin agus Tacaíochta chun seirbhísí a sholáthar do Bhoird Bainistíochta agus do Scoileanna an Fhorais. Beidh taisteal chuig Scoileanna an Fhorais chomh maith le cruinnithe san oíche i gceist.

Is féidir gach eolas maidir leis an bpost a léamh anseo