Méid an Téacs

Folúntas: Stiúrthóir Naíonra á earcú i gCill Chainnigh

Iúil 26, 2016

Fostóir: TÚS MAITH NAÍONRA, Chill Channaigh

Láthair: An Choill Bhán , Bóthar Tobair Eoin

Dáta deireanach a nglacfar le hiarratais: 19/08/16

 Cáilíochtaí Riachtanacha:

  • Ardchumas Gaeilge (idir labhairt agus scríobh na teanga)
  • Fetac Leibhéal 7/8
  • Cur amach ar Aistear, Síolta agus Rialacháin Seirbhísí Luathbhlianta
  • Cáilíocht Gharchabhrach
  • Caithfidh an t-iarratasóir bheith toilteanach go ndéanfar grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána air/uirthi

 Inmhianaithe

  • Ábalta bheith ag obair as do stuaim féin
  • Cumas maith ealaíne/ceardaíochta
  • Scileanna iontacha idirphearsanta agus cumarsáide
  • Scileanna maithe eagrúcháin
  • Scileanna Teicneolaíochta Faisnéise
  • Taithí bheith ag obair ar fhoireann
  • Taithí bheith ag obair le páistí ar aoiseanna éagsúla i seirbhísí éagsúla
  • Taithí bliana bheith ag obair i naíonra

Príomhfhreagrachtaí an róil seo:

Cabhrú le reáchtáil an naíonra ó lá go lá agus cinntiú go bhfuil ardchaighdeán cúraim, oideachais, sábháilteachta agus folláine do na páistí a fhreastalaíonn ar an tseirbhís. Beidh dúil faoi leith ag an iarratasóir in oideachas luathbhlianta agus sa Ghaeilge, araon, agus beidh sé/sí díograiseach agus cairdiúil.

I measc na ndualgas a bheidh le comhlíonadh ag an iarratasóir, beidh:

  • An páipéarachas cuí a chomhlíonadh: taifid ranga, taifid páistí aonair, taifid do Tusla.
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar pholasaithe agus nósanna imeachta de réir mar is cuí
  • Cinntiú go bhfuil seomra an naíonra ullmhaithe go cuí roimh na seisiúin
  • Cloí le polasaí cosanta leanaí an naíonra
  • Cloí le polasaithe agus nósanna imeachta uile an naíonra
  • Curaclam a fhorbairt a thagann le Aistear agus Síolta
  • Curaclam a fhorbairt agus a phleanáil i gcomhpháirt le baill foirne eile
  • Cúram agus oiliúint d’ardchaighdeán a sholáthar
  • Dul i mbun plé le tuismitheoirí/cúramóirí ar bhonn laethúil
  • Freagracht as folláine na bpáistí
  • Freastal ar agus páirt a ghlacadh i gcruinnithe foirne
  • Pleananna ceachta aonair agus grúpa le forbairt
  • Pleananna gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a dhoiciméadú
  • Reáchtáil agus bainistiú an tseomra Naíonra ó lá go lá
  • Rúndacht a choimeád i dtaobh eolas pearsanta a bhaineann leis na páistí, a dteaghlaigh nó le baill eile foirne
  • Tabhairt faoi oiliúint agus fhorbairt ghairmiúil de réir mar is cuí
  • Taifid don FSS a choimeád
  • Táillí míosúla a bhailiú agus taifead a dhéanamh orthu
  • Tabhairt faoi dhualgais eile de réir mar is cuí