Méid an Téacs

Oifigeach Gaeilge, Coláiste Phádraig

Lúnasa 12, 2013

Fáiltíonn Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, roimh iarratais ar phost mar Oifigeach Gaeilge (post leathaimseartha ar chonradh dhá bhliain).

Ar fhreagrachtaí Oifigeach na Gaeilge beidh siad seo a leanas:

  • ranganna Gaeilge agus sainchúrsaí oiliúna teanga don fhoireann
  • clár imeachtaí sóisialta agus cultúrtha a eagrú a chuirfidh le húsáid na Gaeilge sa Choláiste
  • comharthaíocht agus cáipéisí riaracháin cuí i nGaeilge a chur ar fáil
  • leathanach gréasáin a chothú agus a fhorbairt.

Tá fís agus samhlaíocht mar aon le scileanna eagrúcháin agus idirphearsanta den scoth ag teastáil don phost seo. 
 
Ta líofacht i labhairt na Gaeilge agus cruinneas i scríobh na teanga bunriachtanach. 
 
Ba bhuntáiste é taithí oiriúnach teagaisc a bheith ag iarratasóir. 
 
Tá spéis phearsanta i gcur chun cinn na Gaeilge fíorthábhachtach, chomh maith le hardscileanna san aistriúchán agus i dTeicneolaíochtaí an Eolais.
 
Tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ar fáil ar www.spd.dcu.ie/vacancies. Níor mhór foirmeacha iarratais comhlánaithe a bheith istigh faoi 12.00 meán lae, 23 Lúnasa 2013 chuig:
 
Roinn Acmhainní Daonna,
Coláiste Phádraig,
Droim Conrach,
Baile Átha Cliath 9.
 
Cuirfear iarratasóirí faoi agallamh le haghaidh an phoist seo lá éigin le linn na seachtaine dar tús 9 MeánFómhair 2013.
 
Is fostóir comhdheise é Coláiste Phádraig

Foilsithe ar Gaelport.com