Príomhoide Iarbhunscoile
Eanáir 17, 2014
ATH-FHÓGAIRT
Fáilteoidh Bord Bainistíochta Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua roimh iarratais ó dhaoine cuícháilithe agus le taithí ar an bpost seo a leanas: PRÍOMHOIDE
Tuarastal: Cáilíochtaí, coinníollacha seirbhíse agus scála tuarastail i gcomhréir leis an Roinn Oideachais agus Scileanna. Liúntas Príomhoide – Catagóir X1.
Is féidir foirmeacha iarratais agus breis sonraíochtaí poist a fháil ó Dhaibhéid Ó Laocha, f/ch. Bhord Oideachais & Oiliúna na Gaillimhe & Ros Comáin ag 091/874535, nó trí ríomhphost chuig enquiries@gretb.ie.
Is é an dáta deiridh d’iarratais a bheith faighte (sa phost nó trí sheachadadh láimhe amháin) 4.00i.n., Dé Céadaoin, 22ú Eanáir, 2014.
Daibhéid Ó Laocha, Rúnaí an Bhoird Bhainistíochta,
f/ch. Bhord Oideachais & Oiliúna na Gaillimhe & Ros Comáin,
An Coiléar Bán, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe.
Tabhair faoi deara nach nglacfar le hiarratais i ndiaidh an spriocdháta, go ndícháileofar duine ar bith a dhéanann canbhasáil agus go bhféadfadh gearrliostú a bheith i gceist.
Is fostóir comhionannais deiseanna an Bord Bainistíochta seo.
Foilsithe ar Gaelport.com