Stiúrthóir Naíonra á earcú i gCorcaigh
Eanáir 27, 2017
Tá Stiúrthóir ag teastáil ó Naíonra úrnua a osclóidh i gCo. Chorcaí. Is réamhscoil lasmuigh é agus ní mór don iarrthóir grá a bheith acu don nádúr agus bheith taobh amuigh. Tá cábán adhmaid álainn ar an suíomh atá cóirithe le háiseanna iomlána do laethanta áirithe nuair nach n-oireann sé bheith taobh amuigh.
Uaireanta Oibre: Luan go hAoine, 08.45r.n.- 16.45i.n. (Is féidir amanna a bheith solúbtha) do chonradh 38 seachtaine i gcomhair an scéim ECCE.
Riachtanach:
Tá cumas maith Gaeilge (labhartha agus scríofa) riachtanach don phost.
Ba chóir go mbeadh na cáilíochtaí seo a leanas ag iarrthóirí chomh maith, nó iad a bheith sásta tabhairt faoi:
- CDBO Leibhéal 7 nó níos airde agus ar a laghad dhá bhliain de thaithí mar bhainisteoir naíonra.
Déan teagmháil le bainisteoir2017@gmail.com. roimh 1/03/2017 má tá spéis agat cur isteach ar an bpost.