Méid an Téacs

Which are the fastest growing schools – and which are down?

Aibreán 12, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Child not read to at bedtime is ‘abused’, says Quinn

Márta 28, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Increase in pupil-teacher ratio

Márta 21, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Call for separate Irish language and literature courses

Márta 16, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Ábhar dóchais agus éadóchais ag an Choimisinéir Teanga

Márta 16, 2011

CHUIR AN Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, fáilte roimh ghealltanas an Rialtais nua go ndéanfaí athbhreithniú ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Dúirt Ó Cuirreáin leis an cholún seo inné go raibh litir seolta aige chuig Aire na Gaeltachta, Jimmy Deenihan, agus chuig an Aire Stáit ar Ghnóthaí Gaeltachta, Dinny McGinley, ag fáiltiú roimh an gheallúint i bhforógra an Rialtais nua maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Acht. D’fhoilsigh Ó Cuirreáin a Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 2010 i nGaillimh inné agus ghlac sé leis go raibh “pictiúr duairc” inti go háirithe maidir le soláthar seirbhísí duine le duine trí Ghaeilge. Deirtear i gclár an Rialtais nua go ndéanfar athbhreithniú ar an Acht le cinntiú go bhfuil airgead á chaitheamh go héifeachtach, go bhfuil an caiteachas sin dírithe ar fhorbairt na teanga agus go bhfuil dualgais á gcomhlíonadh bunaithe ar éileamh an phobail.

Dúirt Ó Cuirreáin chomh maith go raibh sé ag éileamh ar an Rialtas nua geallúint chinnte a thabhairt go ndéanfaí leasú ar chóras earcaíochta na seirbhíse poiblí amach anseo chun a chinntiú go bhfostófaí dóthain daoine le cumas sa dá theanga. Dúirt sé go raibh “ceachtanna foghlamtha” ó tháinig an tAcht i bhfeidhm i 2003 agus go raibh sé ag súil le comhoibriú le Roinn na Gaeltachta agus an Rialtas nua maidir leis an athbhreithniú atá molta. Dúirt sé nár chóir “sceanairt” a dhéanamh ar an Acht ach go mbeadh sé féin ag cur moltaí dearfacha faoi bhráid na Roinne ag am tráth maidir le hathruithe chun feabhais a dhéanamh ar fheidhmiú na reachtaíochta. Thug sé le fios ina thuarascáil gur theip go leanúnach ar bhreis agus an cheathrú cuid de Ranna agus Oifigí Rialtais fiú an leibhéal seirbhíse is bunúsaí ar fad a sholáthar trí Ghaeilge do chustaiméirí ar an teileafón. Anuas air sin, theip ar 29 faoin gcéad eile de Ranna agus Oifigí Rialtais oiread seirbhíse trí Ghaeilge a chur ar fáil agus a chinnteodh go raibh a ndualgais reachtúla á gcomhlíonadh acu.
Dúirt sé nach dtiocfaidh aon fheabhas suntasach ar an easpa seirbhísí Gaeilge seo ceal gníomh cothromaíochta éigin maidir le hearcú daoine le Gaeilge sa státchóras:

“Faoi láthair, cuirtear dualgas ar dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim ach ní chuirtear na deiseanna ar fáil dóibh an Ghaeilge a úsáid. Tá lúb ar lár sa chóras sin agus muna bhfuil an fhoireann agat chun na deiseanna sin a sholáthar tá fadhb bhunúsach agat. “Tá cosc ar earcaíocht sa státchóras faoi láthair ach ba chóir geallúint a thabhairt anois maidir le cur leis an líon foirne le cumas sa dá theanga amach anseo.” Dúirt Ó Cuirreáin go raibh sé “scanrúil” nach raibh ach 1.5 faoin gcéad d’fhoireann riaracháin na Roinne Oideachais agus Scileanna a raibh ar a gcumas seirbhísí a sholáthar i nGaeilge chomh maith le Béarla. B’ionann sin agus laghdú 50 faoin gcéad le cúig bliana anuas, a dúirt sé. Ní den chéad uair léirigh sé imní ina thuarascáil faoin mhoill a bhain le daingniú scéimeanna teanga le comhlachtaí poiblí. De réir na tuarascála, bhí 51 de na 105 scéim daingnithe imithe in éag faoi dheireadh na bliana 2010 agus bhí 12 de na 51 scéim sin imithe in éag le breis agus dhá bhliain.

Bhí 26 comhlacht poiblí eile ann a raibh an chéad dréachtscéim iarrtha orthu ach nach raibh siad aontaithe ná daingnithe fós mar scéimeanna ag Aire na Gaeltachta. I gcás deich gcinn acu sin, bhí breis agus ceithre bliana imithe ó iarradh orthu an dréachtscéim a ullmhú. Tugann an tuarascáil aghaidh chomh maith ar an tuairimíocht choitianta go gcaitear airgead mór ar aistriú cháipéisí go Gaeilge. “Finscéal,” a bhí ann, a dúirt sé. Léiríonn a thuarascáil gur costas iomlán EUR10,112 a bhain le haistriúchán Gaeilge a dhéanamh ar dhréachtphlean forbartha Chomhairle Contae an Chláir don tréimhse sé bliana idir 2011 agus 2017. Is ionann an costas sin agus níos lú ná an tríú cuid den mhéid a maíodh i dtuairisc nuachtáin. Thaispeáin imscrúdú de chuid a oifige go raibh ollchostas EUR350,000 i gceist le hullmhú na cáipéise i mBéarla amháin. Sheol Oifig an Choimisinéara 11 imscrúdú foirmiúil le linn na bliana 2010. I gcás amháin chinn Ó Cuirreáin gur sháraigh an Roinn Oideachais agus Scileanna foráil de chuid an Achta Oideachais (1998) trí raon suíomhanna gréasáin oideachasúla a sholáthar trí Bhéarla amháin. Rinneadh 700 gearán leis an gCoimisinéir Teanga le linn 2010, an líon ba mhó gearán ó bunaíodh a oifig.

The Irish Times – Pól Ó Muirí

Eagraíochtaí teanga ag cur fáilte roimh Chlár an Rialtais

Márta 10, 2011

“WE WILL take steps to improve the quality and the effectiveness of the teaching of Irish at second level. When these steps have been implemented, we will consider the question of whether Irish should be optional at Leaving Certificate.”

Sin a scríobhann Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre i gClár an Rialtais a foilsíodh Dé Domhnaigh. Níl caint ar bith ann faoin Ghaeilge a bhaint mar ábhar riachtanach Ardteiste ach tá rún ag an chomhrialtas tabhairt faoi “a thorough reform of the Irish curriculum and the way in which Irish is taught at primary and second levels of education”.

Tá rún acu béim bhreise a chur ar chúrsaí cainte agus cluastuisceana agus 50 faoin gcéad de na marcanna a bhronnadh ar an scrúdú béil san Ardteist. Cuireann siad mar chuspóir rompu fosta sciar na mac léinn atá ag gabháil don ardleibhéal sa Ghaeilge san Ardteist a dhúbailt.

Scríobhann an dá pháirtí go dtabharfaidh siad tacaíocht don straitéis 20 bliain “and will deliver on the achievable goals and targets proposed” agus go ndéanfaidh siad infheistíocht sa Ghaeltacht i gcruthú post, i gcúrsaí fuinnimh, uisce agus leathanbhanda. Tabharfaidh siad tacaíocht fosta do chraoltóireacht na Gaeilge agus d’earnáil na n-ealaíon.

Tá rún acu athbhreithniú a dhéanamh ar chláir mhaoinithe agus infheistíochta na n-eagras teanga “in order to achieve visible value for money for citizens and tangible outcomes on a transparent basis”.

Chuir príomhfheidhmeannach Ghael-Linn, Antoine Ó Coileáin, fáilte roimh an chlár, á rá gur mhaith “an rud nach bhfuil cinneadh láithreach le déanamh mar gheall ar an nGaeilge a bheith roghnach ag leibhéal na hArdteiste, rud a d’fhéadfadh a bheith ina thubaiste. Molaimid an cur chuige tomhaiste atá á bheartú chun go mbeidh breis éifeachta leis na beartais Ghaeilge atá ann.

“Fáiltímid roimh an athbhreithniú éifeachtúlachta agus luach airgid maidir le hobair na n-eagras Gaeilge agus aontaímid gur chóir go mbeadh torthaí inbhraite agus trédhearcacha ar chaiteachas na Gaeilge”.

Mhol sé sa chomhthéacs sin gur chóir éirí as “an tionscadal de chuid Fhoras na Gaeilge obair na Gaeilge a mhaoiniú ar bhonn scéimeanna. Níl aon rath ar an iarracht atá ar bun le trí bliana anuas agus atá ag cruthú an-éiginnteacht maidir le cláir oibre na n-eagras. Ba chóir go gcuimseodh an t-athbhreithniú rialtais gach maoiniú stáit don Ghaeilge i gcomhthéacs aidhmeanna na straitéise 20 bliain a bhaint amach”.

Dúirt stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, eagras comhordnaithe na n-eagraíocht deonach, Pádraig Mac Criostail, go raibh siad ag iarraidh go mbeadh bonn reachtúil faoin straitéis 20 bliain gan mhoill.

Ba chóir go mbeadh ról lárnach ag an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta san athbhreithniú ar churaclam na Gaeilge, a dúirt sé.

Ba mhaith leis go dtabharfadh leasú ar bith ar an churaclam líofacht na ndaltaí sin a raibh Gaeilge acu cheana féin, bíodh siad ina gcónaí sa Ghaeltacht nó lasmuigh di, san áireamh. Níor mhaith leis go mbeadh ísliú caighdeáin ar bith san Ardteistiméireacht agus an rialtas nua ag iarraidh líon na ndaltaí a roghnaíonn an páipéar ardleibhéil a mhéadú.

Thug an t-eagras teanga thuaidh/theas, Foras na Gaeilge, le fios gur chuir siad fáilte roimh an tacaíocht do chur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge. D’aithin siad gur bhain tábhacht le trédhearcacht agus luach ar airgead agus, dá bharr sin, thacaigh siad leis an athbhreithniú ar chláir infheistíochta agus mhaoinithe do thionscadail Ghaeilge.

Thug siad le fios fosta gur mhaith leo “an cinneadh le hathbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an gcaoi a múintear an Ghaeilge ag an mbun agus ag an meán leibhéal a threaslú leis na páirtithe”.

Chuir an t-eagras fáilte roimh an chuspóir líon na scoláirí atá ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge ag an ardleibhéal a dhúbailt agus roimh na céimeanna atá beartaithe acu cur le caighdeán agus éifeacht theagasc na teanga. Bhí an t-eagras ag dúil le ról lárnach a imirt i bhfeidhmiú an chláir.

NÍL ÚDARÁS na Gaeltachta luaite ina n-ainm féin sa chlár rialtais. D’eisigh an tÚdarás ráiteas inar thug siad le fios go mbeadh bord agus bainistíocht an eagrais ar lorg cruinnithe leis an Aire nua Gaeltachta le cúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht a phlé.

D’aithin siad go raibh an comhrialtas nua ag tacú leis an straitéis 20 bliain agus chuir siad in iúl go raibh sé scríofa sa cháipéis sin go mbeadh ról fiontraíochta ag an Údarás san obair.

Dúirt Pádraig Mac Criostail ón Chomhdháil gur chuir siad fáilte roimh na gealltanais a bhí ann do chúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht ach ba é dóchas na Comhdhála go gcuirfí an acmhainn agus an tacaíocht chuí ar fáil d’Údarás na Gaeltachta le go mbeadh siad ábalta leanstan dá chúraimí fiontraíochta reatha.

Five schools to open by 2013

Márta 8, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Agreement for ‘one of the darkest hours’

Márta 7, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Review of Leaving and Junior Cert promised

Márta 7, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Gaeilge ar an chlár

Márta 3, 2011

TÁ Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le dul i dteagmháil le gach ball den rialtas nua le háit na Gaeilge a chinntiú ar Chlár an Rialtais, a scríobhann Pól Ó Muirí.
Dúirt stiúrthóir an eagrais, Pádraig Mac Criostail, go raibh siad ag iarraidh ar an rialtas nua go mbeadh a bpolasaí teanga “bunaithe ar fhianaise agus dea-chleachtas pleanála teanga, ar mhaithe le seasamh na Gaeilge a neartú”.

Bhunaigh an chomhdháil a bhfeachtas réamhthoghchánaíochta ar cheithre sprioc: tábhacht na Gaeilge don fhéiniúlacht náisiúnta; stádas na Gaeilge a chosaint agus a neartú; an Ghaeilge a chothú mar theanga bheo sa Ghaeltacht agus lasmuigh di; agus ceart gach saoránach Gaeilge a úsáid i ngach gné dá shaol.

Chuir an t-eagras deich n-éileamh faoi bhráid iarrthóirí toghcháin agus bhí rún acu oibriú “go dian dícheallach” le cinntiú go mbeadh na héilimh seo san áireamh agus Clár an Rialtais á ullmhú.

Creideann siad gur chóir go mbunófaí struchtúir chuí leis an straitéis teanga 20 bliain a chur i gcrích go héifeachtach. Ba mhaith leo go ndéanfaí soiléiriú ar chúraimí Údarás na Gaeltachta agus go mbeidh an tacaíocht chuí ag an eagras le cúrsaí fiontraíochta a chur chun cinn.

Tá an t-eagras ar son an Ghaeilge a choinneáil mar chroí-ábhar san Ardteist agus go seasfaidh sí mar riachtanas iontrála don tríú leibhéal.

« Previous PageNext Page »