Dianchúrsa d’ábhar múinteoirí
Nollaig 1, 2011
Tá dianchúrsa Gaeilge fógartha ag Conradh na Gaeilge atá dírithe go sonrach ar chéimithe ar spéis leo áit a bhaint amach ar chúrsa oiliúna sa bhunmhúinteoireacht.
Díreofar ach go háirithe ar ullmhúchán a dhéanamh don agallamh a bheidh ar gach iarrthóir a dhéanamh chun áit a bhaint amach ar na Cúrsaí Oiliúna. Beidh béim ar chothú muiníne agus scileanna comhrá a neartú agus beidh cleachtadh ar agallamh a dhéanamh mar chuid den chlár.
Beidh an dianchúrsa ar siúl Dé Domhnaigh 11 Nollaig in Áras na nGael, 45 Sr. Doiminic ó 10.00r.n. -5.00i.n.
Tá táille €100 ar an gcúrsa.
Tá teorainn leis an líon iarrthóirí a ghlacfar ar an gcúrsa agus tá gach eolas le fáil ó Chonradh na Gaeilge, 45 Sr. Doiminic, Gaillimh, 091 567824 nó conradh@bradan.iol.ie
www.advertiser.ie
APP Cúla4 ar fáil anois
Nollaig 1, 2011
Cúla Caint atá mar ainm ar App nua Cúla4, an tseirbhís do phaistí ar TG4.
Tá stór beag focal spraíúil Gaeilge do pháistí réamhscoile ar fáil ar an App nua seo a chuimsíonn raon leathan ábhar – an Aimsir, Ainmhithe, Gluaisteáin agus Baill Choirp. Tá na focail ar taispeáint ann agus iad le cloisteáil freisin.
Tá fáil ann freisin ar leathanach le dathú chun do phictiúr féin a chruthú nó chun d’fhocail féin a scríobh.
Tá an App ar fáil anois agus chun é a íoslódáil, téigh chuig iTunes, agus cuardaigh “Cúla4” nó “Gaeilge”. Tá an APP saor in aisce agus é oiriúnach don iPhone agus don iPad. Beidh an leagan Android á eisiúint go gairid.
www.advertiser.ie
Bileog eolais nua maidir le Gaelcholáiste an Phiarsaigh, Dún Droma
Nollaig 1, 2011