Reaction to Budget 2012
Nollaig 9, 2011
Deireadh le Tionscadal na Nuatheangacha sna Bunscoileanna fógartha sa Cháinaisnéis
Nollaig 8, 2011
Tuairiscíodh faoi mholadh an rialtais sa cháinaisnéis deireadh láithreach a chur le Tionscadal na Nuatheangacha sna Bunscoileanna. Mar a thuigfeá, bhain an cinneadh seo geit asainn, go háirithe agus é ag teacht ag deireadh bliana inar gabhadh comhghairdeas linn ag gach cruinniú a bhí againn leis an ROS as na coigiltí SUNTASACHA atá déanta againn i dteannta le seirbhísí iontacha d’ardchaighdeán a chur ar fáil.
Tacaíonn Tionscadal na Nuatheangacha sna Bunscoileanna, (le bun-fhoireann de seisear), le múineadh na nuatheangacha i níos mó ná 550 scoil fud fad na hÉireann. Cuirimid traenáil, acmhainní agus tacaíocht scoil-bhunaithe ar fáil, anuas ar dheontais do 300 múinteoirí a thagann ó thíortha iasachta leis an gclár a chur chun cinn ar bhonn uile-Éireannach. Déanaimid seo go léir le buiséad faoi €2 mhilliún, ní an €2.5 milliún atá luaite go hearráideach i ndoiciméid na cáinaisnéise.
I dtéarmaí polasaí, táimid cheana féin blianta taobh thiar d’ár gcuid ceangaltais faoin Aontú Barcelona agus an Straitéis Liospóin – d’iarr na haontaithe seo go mbeadh na córais chuí i bhfeidhm le luath-fhoghlaim na dteangacha a éascú faoi 2010. Níos aistí fós, dhaingnigh gach tír san Aontas Eorpach, Éire ina measc, na moltaí i SAMHAIN 2011,moltaí a gheall ár n-iarrachtaí Aontú Barcelona a chur i bhfeidhm a neartú agus a mhéadú (is féidir léamh faoi anseo).
I mí Dheireadh Fómhair na bliana seo, d’eisigh Acadamh Ríoga na hÉireann Straitéis Náisiúnta do Theangacha a mhol “go gcomhcheanglófaí Tionscadal na Nuatheangacha sna Bunscoileanna isteach sa ghnáth-churaclam, mar a mhol an Sain-ghrúpa ar Riachtanais Scileanna don Todhchaí (2005) agus doiciméid Polasaí Próifíle de chuid na Comhairle Eorpaigh (2008), seachas an tionscadal a theorannú d’am seach-churaclaim agus do roinnt scoileanna”. Luann Straitéis an Acadaimh tuairisc ón Roinn do Phoist, Fiontar agus Nuálaíochta a deir “déanann an tuairim forleathan ach mícheart ‘gur leor an Béarla’ an-dochar do mhórghníomhartha agus uaillmhian ilteangach na dtíortha Eorpacha nach bhfuil an Béarla mar mháthair-theanga acu. Tagraíonn an straitéis agus tuairisc is déanaí de chuid na Roinne do Phoist, Fiontar agus Nuálaíochta don dúshlán is mó atá romhainn amach anseo “a bheith go fírinneach ilteangach mar shochaí, áit a dhéanfar talamh slán do chumas dá nó trítheangach na ndaoine agus go gcothaítear sin tríd an gcóras oideachais agus tríd an oideachais fad-saoil”.
Conas ar féidir seasamh leis an gcinneadh seo sa tréimhse eacnamaíochta dhúshlánach seo? Caillfidh an córas oideachais níos mó ná 14 bliain de thaithí agus cuirfear glúin iomlán páistí faoi mhíbhuntáiste mór agus iad ag dul in iomaíocht le haghaidh post leis an gcuid eile den Eoraip. Mar thoradh ar an gcinneadh seo, ní bheidh fáil ag an ngnáth-pháiste ar na Nuatheangacha, breiseán don ard-aicme, a bhfuil na hacmhainní acu le híoc astú a bheidh iontu – ‘sé sin le rá, filleadh ar chás 20 bliain ó shin. Anuas air seo, beidh níos mó ná 300 múinteoir dífhostaithe.
Tá súil againn gur féidir le d’eagraíocht an saincheist seo a nochtadh le bhur mbaill agus iarraimid oraibh, ar bhur bhfoireann agus ar bhur dtuismitheoirí teagmháil a dhéanamh leis an TD áitiúil, le hoifig an Aire agus leis na meáin chumarsáide leis an gcás láidir chun an tionscadal seo a choinneáil agus a chaomhnú a dhéanamh.
– ráiteas ón MLPSI
Ó dhearbhnialas go tríocha: Tionchar dearfach na Gaelscoile ar an tSrath Bán
Nollaig 8, 2011
DAR le Seán Ó Daimhín, fear atá ag gníomhú ar cheist na Gaeilge ar an tSrath Bán le fada – tá tionchar ag an Ghaelscolaíocht ar úsáid na Gaeilge sa teach. “Ní thig liomsa labhairt faoi cheantair eile, ach anseo ar an tSrath Bán, sular bunaíodh Gaelscoil Uí Dhochartaigh i 1997, níl mise eolach ar aon teaghlach a thóg a gclann le Gaeilge. An teaghlach deireanach atá ar eolas agam a thóg a gclann le Gaeilge sa cheantar ná muintir Uí Nualláin, is é sin tuismitheoirí Bhrian Uí Nualláin (Myles na gCopaleen) agus Chiaráin Uí Nualláin, agus ní inniu ná inné é sin,” ar seisean. “Bhí roinnt teaghlach ann i gcónaí a bhí báúil leis an Ghaeilge, agus a chuireadh a bpáistí chun na Gaeltachta sa samhradh is araile, ach is mór idir sin agus páistí a thógáil le Gaeilge.” An raibh tionchar ag an Ghaelscolaíocht ar an líon sin? “Bhí, gan amhras. Níl a fhios agam an bhfuil páistí á dtógáil i nGaeilge amháin ag an bheirt tuismitheoirí in aon teaghlach anseo, ach bheadh thart fá 20 teaghlach sa cheantar anois agus na páistí á dtógáil i nGaeilge ag tuismitheoir amháin, agus roinnt Gaeilge á húsáid ag an tuismitheoir eile. Bheadh thart fá 30 teaghlach eile ann ina mbeadh cúpla focal beo achan lá sa bhaile leis na páistí, leithéidí ‘oíche mhaith’ agus ‘ná déan sin’, ‘maith an cailín’, ‘go raibh maith agat’, ‘tabhair dom’ srl.
“I gcomparáid le líon iomlán na dteaghlach sa cheantar, is líon beag é an 20 teaghlach sin, agus is mionlach é fosta fiú taobh istigh de phobal na Gaelscolaíochta, ach is dul chun cinn suntasach é ar a raibh ann roimhe seo.”
“Nuair a bunaíodh an Ghaelscoil thug sin uchtach domsa mar thuismitheoir a labhair Gaeilge amháin le mo pháistí féin, agus is Gaeilge amháin a labhair siad liom go dtí an lá atá inniu ann, iníon amháin 10 mbliana agus iníon eile 14 bliana.”
“Sin an tábhacht atá leis na Gaelscoileanna in achan cheantar, chan amháin go bhfaigheann do pháistí oideachas trí Ghaeilge, ach go dtugann siad seasamh buan feiceálach don Ghaeilge sa cheantar, agus faigheann go leor tuismitheoirí uchtach agus dóchas uaidh sin Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí sa bhaile.”
An bhfuil sé níos éasca páistí a thógáil le Gaeilge ó dheas? “Tá agus níl. Ní maith liom féin aon mhór-idirdhealú a dhéanamh idir taobh amháin den teorainn agus an taobh eile. Ach tá difear mór amháin nach féidir a shéanadh agus is dúshlán mór é. Tuigim go mbíonn roinnt daoine sna 26 chontae ag gearán faoin dóigh ar teagascadh Gaeilge dóibh ar scoil, deir siad nach bhfuil siad in ann Gaeilge a labhairt.”
“Ach creidimse go bhfuil Gaeilge éigin sa ghrágán acu uilig. Mar shampla, d’fhreastail mé ar cheolchoirm de chuid Choláiste Ailigh i Leitir Ceanainn cúpla bliain ó shin, an scoil a raibh m’iníon ag freastal uirthi ag an am. Bhí na tuismitheoirí ag bualadh bos ag an am ceart. Bhí leath-thuiscint ag na daoine is laige Gaeilge ar cad é a bhí ar bun ar an ardán.”
“Ach ar an tSrath Bán, ag seó mór scoile i nGaeilge amháin, nuair a deirtear rud éigin greannmhar ar an ardán, nó nuair a thugtar eolas tábhachtach, bíonn ciúnas mór. As thart fá gach 6 thuismitheoir againne ar an tSrath Bán, bheadh cúigear nach bhfuil oiread is focal Gaeilge acu, fiú ‘tá’ nó ‘agus’. Séanadh an Ghaeilge orthu sa chóras oideachais ar fad. Nuair a chluinim iriseoirí agus polaiteoirí ag caint faoin ‘an-dul chun cinn’ ó thuaidh, áit nach bhfuil an Ghaeilge ‘éigeantach’, smaoiním ar an chiúnas mór sin, tuismitheoirí ar mhaith leo Gaeilge a bheith ag a bpáistí féin, ach gan oiread is dhá fhocal acu féin le cuimilt in aghaidh a chéile.”
“Chomh maith leis sin, ní féidir rudaí bunúsacha bídeacha a fháil ón stát ó thuaidh. Dhiúltaigh siad teastas breithe, i nGaeilge ná dátheangach, a thabhairt dúinne dár n-iníonacha. Chuir duine de mo iníonacha ceist orm lá amháin roinnt blianta ó shin “A Dhaidí, cad chuige nach bhfuil An Srath Bán i nGaeilge ar na comharthaí bóthair anseo, ach go bhfuil An Srath Bán agus Leifear i nGaeilge thar an droichead?’. Aithníonn siad féin nach bhfuil an Ghaeilge le brath sa timpeallacht, go bhfuil rudaí ‘níos fuaire’ ó thuaidh. Rudaí beaga mar sin, tá tábhacht leo in intinn páiste.”
Gaelscéal
Tá an-rath ar an ghaelscolaíocht ach an raibh mórán de thionchar aige sin ar líon na dteaghlach Gaeilge sa tír?
Nollaig 8, 2011
DEIR stiúrthóir eagraíochta a thacaíonn le daoine chun clann a thógáil le Gaeilge, Feargal Ó Cuilinn go bhfuil “Iarscolairí na scoileanna ag roghnú na Gaelscolaíochta dá bpáistí féin seachas Gaeilge a labhairt leo.”
Ní scéal mór nó iontach é go bhfuil líon na bpáistí atá á dtógáil leis an Ghaeilge sa Ghaeltacht ag titim i gcónaí, de réir na fianaise a léiríonn na staitisticí ó Scéim Labhairt na Gaeilge cibé ar bith. Glactar go forleathain go bhfuil rath ar an Ghaeilge sa Ghalltacht, áfach, agus is cinnte dearfa go bhfuil na Gaelscoileanna ag fás as cuimse le 30 bliain anuas. Ach an bhfuil tionchar á imirt ag an fhás sin ar líon na bpáistí atá á dtógáil leis an Ghaeilge sa Ghalltacht? Tá an tUasal Ó Cuilinn, stiúrthóir Chomhluadar, dóchasach go bhfuil dul chun cinn déanta, áfach. “Is é mo bharúil ná go bhfuil níos mó daoine ag iarraidh a bpáistí a thógaint le Gaeilge le 10 mbliana anuas, agus go bhfuil ardú beag ins an méid teaghlach atá á dhéanamh,” a deir sé. “10 mbliana ó shin bhí breis is 200 teaghlach cláraithe le Comhluadar agus b’fhéidir 80 díobh an-ghníomhach.” “Faoi láthair tá breis is 650 ar na leabhair againn agus b’fhéidir 200-250 ag baint úsáid ghníomhach, go míosúil, as seirbhísí sóisialta na heagraíochta. Ar a bharr sin bheadh teaghlaigh aonaracha eile agus grúpaí pobal i dteagmháil linn ag lorg comhairle srl.” Deir Feargal nach bhfuil obair s’aigesean agus Chomhluadar éasca áfach. “Tá sé deacair, gan tacaíocht ná straitéis ag an státchóras chun cur leis an líon teaghlach.” Ach nach bhfuil an Ghaelscolaíocht ag cabhrú leis an dul chun cinn?
“Maidir leis an nGaelscolaíocht, tá fós líon an-bheag de thuismitheoirí na ngaelscoileanna ag tógáil a bpáistí le Gaeilge.” “Cinnte, bheadh daoine áirithe á dhéanamh ach ní dóigh liom (agus ní fheictear dom) go bhfuil uimhreacha suntasacha i gceist.” “Tá an chuma ar an scéal go bhfuil iarscoláirí na scoileanna ag roghnú na Gaelscolaíochta dá bpáistí féin seachas Gaeilge a labhairt leo,” a deir sé.
Dar le hÁine Ní Shléibhín a oibríonn le Gael-Taca i gcathair Chorcaí, “De réir mo thaithí féin ó bheith ag bualadh le pobal na Gaeilge sa chathair, tá níos mó teaghlach ann ná a cheapas féin fiú a bheadh ag tógáil clainne le Gaeilge. Faraor, níl aon fhigiúr deimhneach nó faic mar sin agam, ach díreach ó thaobh daoine ag bualadh isteach anseo chugainn, tá daoine fós á dhéanamh.” Deir an Dr. Fearghal Mac Ionnrachtaigh, iardhalta Choláiste Feirste agus gníomhaire Gaeilge i mBéal Feirste, “tá mise cinnte de go bhfuil méadú suntasach ann ó thaobh líon na dteaghlach atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge ach níl taighde ceart déanta ar tionchar an Ghaeloideachais ó thuaidh nó ó dheas chun fianaise a chur le cibé tuairim atá ann…cad chuige seo? “Bá chóir go gcuirfí tionscadail taighde cuimsitheacha le chéile chun an scéal seo a fhiosrú agus plean ceart a chur le chéile bunaithe ar na dushláin a eascraíonn as. Ar ndóigh, beidh airgead, toil agus fuinneamh de dhíth chun seo a dhéanamh ach ní dócha go bhfuil muid ag caint ar riachtanas ró-uaillmhianach.” Ach an bhfuil sé go díreach “Iarscoláirí na scoileanna ag roghnú na Gaelscolaíochta dá bpáistí féin seachas Gaeilge a labhairt leo” Cá mhéad páiste a fhaigheann oideachas trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht?
De réir figiúirí ó COGG An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta, tá 5,100 in Iarbhunscoileanna ag fáil oideachas trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht agus 9,500 ag fáil bunscolaíochta trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht. De réir na staitisticí ó Scéim Labhairt na Gaeilge an uair dheireanach a rinneadh í, tá Gaeilge ag tuairim is 30% de pháistí na Gaeltachta.
G
Comhdháil GAELSCOILEANNA TEO. 2011 – Ábhar ó na Ceardlanna ar líne
Nollaig 7, 2011
Bhí an-rath ar Chomhdháil Bhliantúil GAELSCOILEANNA TEO. 2011 a reáchtáladh sa Tulach Mhór ar an 25 agus 26 Samhain 2011. Deis iontach a bhí sa chomhdháil seo múinteoirí, príomhoidí, tuismitheoirí, eagraíochtaí Gaeilge agus pobal na háite a tharraingt le chéile, agus tá grianghraif den ócáid sa ghailearaí.
Tá ábhar ó na ceardlanna á fhoilsiú againn anseo, níl ábhar ann ó gach ceardlann ach beimid ag cur leis an liosta de réir a chéile, mar sin bí cinnte agus súil a choimeád ar an leathanach sin den suíomh.
D’fháilteoimis go mór roimh aiseolas i leith na Comhdhála. Is féidir na foirmeacha aiseolais a scaipeadh ag an gComhdháil a sheoladh chugainn sa phost (GAELSCOILEANNA TEO., Halla Naomh Pádraig, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9) nó is féidir an fhoirm a líonadh amach ar líne.Táimid cheana féin i mbun pleanála do Comhdháil 2012, mar sin tapaígí an deis ionchur a bheith agaibh sa phróiseas!
Scléip 2012 – bígí linn!
Nollaig 7, 2011
Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne náisiúnta atá dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán Ghaeilge agus Gaeltachta. Thosaigh Scléip sa bhliain 2005 agus tá sé ag fás agus ag forbairt ó shin i leith. Is é príomhaidhm an chomórtais ná daltaí na niar-bhunscoileanna a spreagadh le Gaeilge a úsáid i réimsí éagsúla de na healaíona trí dheis a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh i gcomórtas spreagúil agus spéisiúil.
I mbliana, ba mhaith linn an comórtas a fhorbairt agus béim níos mó ná riamh a chur ar chruthaitheacht agus cumadóireacht na rannpháirtithe. Cuirfear béim ar leith i gcomórtas 2012 ar na healaíon nua-aimseartha – ba mhaith linn dúshlán a chur roimh na ndaltaí agus deis a thabhairt dóibh ceol, amhráin, cóiréagrafaíocht agus drámaíocht nuachumtha a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre.
Beidh an comórtas roinnte i 6 rannóg éagsúla, le duais sóisir agus sinsir le bronnadh i ngach rannóg agus Gradam Scléip don duine nó don ghrúpa is fearr san iomlán. Beidh deis ag cách dul san iomaíocht sna babhtaí réigiúnacha i ngach cúige agus roghnófar an tallann is fearr le dul ar aghaidh ag an gcraobh ceannais. Tionólfar na babhtaí réigiúnacha i mí Feabhra Márta agus reáchtálfar an craobh ceannais ag deireadh mí Márta. Is é an dáta deiridh d’iarratais i mbliana ná an 16 Nollaig, 2011.
Tá dátaí agus ionaid Scléip 2012 thíos:
Laighean
Axis Theatre, Baile Átha Cliath, 20 Feabhra
Mumhan
Firkin Crane Theatre, Corcaigh, 22 Feabhra
Uladh
Cultúrlann Uí Chanáin, Doire, 29 Feabhra
Connacht
Town Hall Theatre, Gaillimh, 2 Márta
Is féidir rialacha an chomórtais a léamh anseo, agus an fhoirm iontrála a líonadh amach anseo.
Tá bróisiúr an chomórtais le híoslódáil anseo: Bróisiúr Scléip 2012
Cúrsa dioplóma nua do mhúinteoirí ealaíne
Nollaig 7, 2011
Tá “teanga” dá cuid féin ag baint le gach réimse saineolais. Tá liosta fada téarmaí agus béarlagair ag baint le cúrsaí airgeadais, mar shampla, a chuirfeadh tinneas cinn ar an díograiseoir is díograisí! Ach más múinteoir tú, tuigfidh tú an tábhacht a bhaineann leis an téarmaíocht cheart a bheith agat, is cuma cén teanga a bhfuil tú ag múineadh inti. Tuigfidh tú chomh maith go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeifeá lánmhuiníneach agus tú ag labhairt os comhair ranga.
Chuige sin, tá cúrsa nua páirtaimseartha á thairiscint ag an gColáiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha, i gcomhar le Gaelchultúr, atá dírithe ar mhúinteoirí iar-bhunscoile ealaíne agus ar mhúinteoirí bunscoile a bhfuil spéis acu san ealaín. Cuirfear tús leis an Dioplóma i dTeagasc trí Ghaeilge (Ealaín) i mí Eanáir 2012 agus mairfidh sé dhá sheimeastar.
“Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo,” a deir Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir, “na scileanna teanga a thabhairt do na rannpháirtithe a chuirfidh ar a gcumas an ealaín a mhúineadh go héifeachtach trí Ghaeilge agus páirt a ghlacadh go muiníneach in imeachtaí scoile a reáchtáiltear trí mheán na Gaeilge.”
Tá tacaíocht airgid á tabhairt ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) don chúrsa. Deir Príomhfheidhmeannach COGG, Muireann Ní Mhóráin, go bhfuil sí ag súil go mbeidh éileamh mór ar an dioplóma. “D’eascair an cúrsa seo as aiseolas a bhí á fháil againn ó phríomhoidí iar-bhunscoile atá ag obair i scoileanna lán-Ghaeilge agus i scoileanna Gaeltachta. Bhí siad ag rá linn chomh deacair is a bhíonn sé múinteoirí a earcú atá cáilithe chun cuntasaíocht nó ealaín nó bitheolaíocht a mhúineadh trí Ghaeilge agus a bhfuil Gaeilge líofa acu,” a deir sí.
“Tá sé éagsúil i gcás na múinteoirí atá ag plé leis na daonnachtaí nó leis na hábhair ‘thraidisiúnta’; daoine a mbíonn céim sa stair agus sa Ghaeilge bainte amach acu, mar shampla, sula dtéann siad leis an múinteoireacht. Bíonn na daoine sin inniúil ar an nGaeilge, de ghnáth. Ach ó thaobh na n-ábhar praiticiúil de, i gcás go leor leor múinteoirí ní raibh deis riamh acu an téarmaíocht chuí a fhoghlaim ná deis acu a n-ábhar a mhúineadh trí Ghaeilge.”
Tá COGG agus Gaelchultúr ag súil go dtógfar ar an gcreatlach atá leagtha síos don chúrsa seo agus go bhforbrófar cúrsaí eile dá leithéid amach anseo. “Táimid ag súil go mbeimid ag múnlú cúrsaí eile ar an dioplóma seo,” a deir Ní Mhóráin, “go mbeidh Dioplómaí i dTeagasc trí Ghaeilge forbartha againn a bheas dírithe ar ábhair phraiticiúla eile – an mhiotalóireacht, mar shampla, nó an corpoideachas.”
Tá COGG ag i mbun gearrchúrsaí samhraidh a eagrú le ceithre bliana anuas a fhreastalaíonn ar mhúinteoirí iar-bhunscoile atá ag obair i scoileanna lán-Ghaeilge agus i scoileanna Gaeltachta agus ar mian leo a gcuid Gaeilge a fheabhsú. Ach deir Muireann Ní Mhóráin go mbeidh an cúrsa áirithe seo éagsúil ar fad. “Sa chéad dul síos,” a deir sí, “tá sé á reachtáil i gcomhar le hinstitiúid tríú leibhéal. Ach anuas air sin, bronnfar cáilíocht aitheanta ar na rannpháirtithe i ndiaidh dóibh an cúrsa a chríochnú.”
Beidh meascán den teagasc sa seomra ranga agus den fhoghlaim ar líne i gceist sa dioplóma, dá bhrí sin beidh na rannpháirtithe ábalta go leor d’obair an chúrsa a dhéanamh sa bhaile ina n-am féin. Ní bheidh ach ocht seisiún sa seomra rang ar siúl le linn an chúrsa a gcaithfidh na rannpháirtithe a bheith i láthair acu: ceithre cinn i Seimeastar 1 agus ceithre cinn i Seimeastar 2. Beidh na seisiúin sin go léir ar siúl sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha ar Shráid Thomáis i mBaile Átha Cliath.
Riachtanais iontrála
Ba cheart go mbeadh cáilíocht aitheanta ag iarratasóirí i múineadh na healaíne ar leibhéal iar-bhunscoile nó cáilíocht aitheanta teagaisc ar leibhéal na bunscoile. Glacfar le hiarratais freisin ó mhic léinn atá i mbun na céime BA (Onóracha) in Oideachas Ealaíne agus Deartha nó an Dioplóma Ghairmiúil san Oideachas. Ní mór d’iarratasóirí bunchumas a bheith acu sa Ghaeilge.
Táille an chúrsa
Is é €1,500 táille an chúrsa. Is féidir é seo a íoc in dhá ghála éagsúla.
Foirm iarratais / Eolas
Ní mór dóibhsean ar mian leo iarratas a chur isteach ar an Dioplóma i dTeagasc trí Ghaeilge (Ealaín) foirm iarratais an chúrsa a chomhlánú. Tá an fhoirm mar chuid de bhróisiúr an chúrsa agus is féidir an bróisiúr a íoslódáil ó gaelchultur.com. Tabharfar cuireadh chun agallaimh d’iarratasóirí mar chuid den phróiseas iarratais.
Tá tuilleadh eolais ar fáil mar gheall ar an Dioplóma i dTeagasc trí Ghaeilge (Ealaín) ach glaoch ar (01) 484 5220, scríobh chuig eolas@gaelchultur.com nó cuairt a thabhairt ar gaelchultur.com.
Is é Dé hAoine, 16 Nollaig 2011 an spriocdháta d’iarratais.
Oíche Íosagáin
Nollaig 7, 2011
CUIRFIDH COLÁISTE Íosagáin, Baile Átha Cliath, críoch ar imeachtaí ceiliúrtha 40 bliain le ceolchoirm anocht ag 8pm sa scoil.
Cór, ceolfhoireann, scoláirí agus iarscoláirí a thiocfaidh le chéile le rogha cheoil a chur ar fáil ina mbeidh Gloria le Vivaldi agus carúil Nollag le cluinstin. Tá ticéid (€5) le fáil agus cuirfidh lucht na scoile fáilte roimh thuismitheoirí agus iarscoláirí teacht agus sult a bhaint as an oíche.
Eolas : 01-2884028
Tuarascáil, Irish Times
Cochaillín Dearg sa Taibhdhearc
Nollaig 5, 2011
Dubhlann 13ú-18ú Nollaig @ 7i.n. €10 isteach
(Matinée Dé Sathairn/Dé Domhnaigh @ 3.00)
Déanann Sadie iarracht féile ealaíon a chur ar siúl sa choill ach tá rud éigin as an ngnáth ag dul ar aghaidh. Screadann Tomás Mac tíre agus tá Cochaillín Dearg agus a Mamó i mbaol. Nuair a thagann Fiach Ó Gránna an comhairleoir contae isteach sa scéal ní mar a shíltear a bhítear. Téann cúrsaí i dtreo na osnádúrtha agus Sadie bocht ar a seacht ndícheall an fód a sheasamh in aghaidh an Féile Ealaíne na Gaillimhe.
Tá seó den scoth i ndán don chlann uile, le geamaireacht lán de charachtair agus spraoi. Is fiú don Ghaeilgeoir agus don fhoghlaimeoir maraon theacht ag an seó.
Tá foireann aisteoirí den scoth, réalta ón scáileán agus ón stáitse, curtha le chéile ag Séamus Ó hAodha. Ar stáitse beidh Peadar Cox, chomh maith le réalta Ros na Rún Seán Mistéal, Linda Bhreathnach chomh maith le Eoin Mac Diarmada agus Compántas na Taibhdheirce Gearóidín Mhic Thómais, Uinseann Mac Thómais agus John Forde chomh maith le aíonna speisialta Bridie Ní Churraoin agus Gearóidín Nic Aodha.
Bígí Linn!
Sainriachtanais an pháiste dhátheangaigh
Nollaig 5, 2011
Mhol an tAire Oideachais ó thuaidh, John Ó Dowd, obair POBAL ar shainriachtanais an pháiste dhátheangaigh, nuair a thug se óráid ag cruinniú uile-oileánda a reáchtáil an scáth eagras abhcóideachta in Iúr Cinn Trá , Déardaoin 1 Nollaig.
Bhí mórscaifte saineolach i láthair ag an chruinniú, le hionadaithe óna coláistí oiliúna, síceolaithe oideachasúla, taighdeoirí, oideachasóirí, múinteoirí agus lucht na Gaelscolaíochta thuaidh agus theas. Chomh maith leis an Aire ó thuaidh, bhí Diarmaid Dullaghan, cigire sinsearach sa Roinn Oideachais agus Scileanna ó dheas i láthair. Ag an chruinniú, dhírigh na rannpháirtithe ar na bealaí le cur le comhoibriú uile-oileánda chun an leas is mó a bhaint as na hacmhainní, as an eolas agus as an oiliúint atá ar fáil d’earnáil na gaelscolaíochta i dtaca le páistí le sainriachtanais.
Rinne Janet Muller, PF POBAL, cur síos ar an obair atá déanta ag POBAL ar an cheist seo le 10 mbliain anuas. Dúirt sí, “Is léir dúinn go bhfuil dea-thoil agus comhoibriú ar siúl faoi láthair ar an talamh ar cheist na sainriachtanas agus ar oiliúint is acmhainní, ach bíonn constaicí ann freisin. Creidimid go bhfuil leas mór le baint as obair as lámh a chéile agus thug an ócáid, deis cur leis an mhéid atá bainte amach go dtí seo.”
Thug Caroline Nolan, taighdeoir le POBAL ar an togra, achoimre ar thorthaí na tuairisce, Riachtanais Speisialta Oideachais i scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán: Taighde uile-oileánda ar riachtanais tacaíochta agus traenála na hearnála, agus faoi stiúir an Ollaimh Dhónaill Uí Bhaoill, bhí díospóireacht bhríomhar ann idir na saineolaithe agus iad ag roinnt eolais agus ag plé na féidearthachtaí cuí.’
Bhí an ócáid seo a reáchtáil ag POBAL le maoiniú Ó COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaelscolaíochta agus Gaeltachta)
Tuilleadh eolais: Janet Muller, 028 90 4381
Foilsithe ar Gaelport.com