Méid an Téacs

Clár Fisiciúil ‘Spraoi-Spórt’

Nollaig 14, 2011

Tá clár fisiciúil nuálach anois ar fáil atá dírithe ar pháistí óga atá ag foghlaim na Gaeilge.

Ba í an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín a sheol an lámhleabhar agus an CD a ghabhann leis an gclár,’ Spraoi-Spórt’ i nDoire ar 7 Nollaig.
Tá meascán de cheol, amhráin, cluichí agus damhsa ann sa agus tá sé ar fáil ón eagraíocht Altram a thugann tacaíocht don earnáil réamhscolaíochta Ghaeilge. Eolas ó: eolas@altram.org.

Foinse – Nuacht na hEarnála

Imní na scoileanna tuaithe agus Gaeltachta

Nollaig 13, 2011

Léirigh muintir na Gaeltachta fearg  agus imní mar gheall ar thodhchaí na scoileanna Gaeltachta ag sraith de chruinnithe a reáchtáladh sna ceantair Ghaeltachta an tseachtain seo.

Tháinig siad sna sála  ar chinneadh a d’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin TD mar chuid d’fhorálacha na cáinfhaisnéise don bhliain 2012.

Moladh sa cháinfhaisnéis go n-ardófar an cóimheas idir múinteoirí  agus daltaí i scoileanna beaga le níos lú ná ceathrar múinteoirí fostaithe ann.

Deir Treasa Ní Mhainín ó Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta go bhfuil an baol ann go bhfágfar go leor ceantar Gaeltachta le scoileanna folamh agus go mbeidh poist i mbaol má dhéantar cónascadh ar scoileanna beaga.

Tá an baol ann go ndúnfar suas go 91 bunscoil Gaeltachta a bhfuil 86 nó níos lú dalta ag freastal orthu laistigh do thréimhse an-ghearr.

“Cuireann sé an-imní orainn go bhfuiltear ag féachaint i dtreo scoileanna a chónascadh, agus tá an baol go gcuirfear brú ar scoileanna  i gceann roinnt blianta má tá uimhreacha ísle i roinnt de na scoileanna.”, a deir sí.

I mBaile Bhúirne aréir, bhailigh múinteoirí agus tuismitheoirí ó scoileanna Gaeltachta an deiscirt agus reáchtáladh cruinniú ar an gCeathrú Rua i gConamara chomh maith.

Arís, mar a tharla i gcás na conspóide a bhain leis an bhfógra go ndúnfaí Oifig an Choimisinéara Teanga roimh don Roinn torthaí an athbhreithnithe ar an Acht Teanga a fhoilsiú, ghlac an Rialtas an cinneadh faoin gcóimheas beag beann ar thuarascáil a bhaineann le hinmharthanacht agus luacháil na scoileanna i gceantair thuaithe.

Ní fios go fóill cathain a fhoilseofar an tuarascáil ach is cosúil go gcuirfear faoi bhráid an Aire Oideachais  é i lár na bliana 2012.

Idir an dá linn, tá géarchéim na scoileanna tuaithe agus Gaeltachta ag déanamh tinnis do go leor, agus do mhuintir Ghaeltacht Dhún na nGall go háirithe.

Is  cosúil go mbeidh an cheist seo agus an chonspóid a bhain le dúnadh scoil náisiúnta Mhín na Manrach idir chamáin tráthnóna inniu in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeltachta i nGaoth Dóbhair ag 4.30pm.

Fógraíodh an tseachtain seo caite go gcuirfear deireadh leis an maoiniú atá a thabhairt don scoil náisiúnta atá lonnaithe i Mín na Manrach i gContae Dhún na nGall.

D’admhaigh an tAire Stáit, Dinny McGinley TD, áfach nach nglacfaí aon chinneadh maidir leis an scoil gan toill na dtuismitheoirí agus an bhoird bhainistíochta a chur san áireamh. Níl ach seachtar ag freastal ar an scoil atá ag ceiliúradh céad bliain a bhunaithe mbliana.

Gan amhras, tá daoine ann atá den tuairim nach bhfuil sé éifeachtúil tacaíocht a thabhairt do scoileanna ar a bhfuil líon an-bheag daltaí ag freastal.

“ Cad is éifeachtúlacht ann, i gcomhthéacs go bhfuil athbhreithniú ar luacháil na scoileanna beaga ar siúl nach bhfuil críochnaithe, conas is féidir le haon duine a leithéid de rud a rá nuair nach bhfuil an tuarascáil fiú amháin faighte ag an Aire chun cinneadh a dhéanamh” a deir sí.

“I gcás go ndúnfar scoileanna  nó go ndéanfar iad a chónascadh, téann an deontas caipitíochta ar aghaidh chuig an chéad scoil eile agus téann  an tuarastal leis an  múinteoir. Seans nach mbeadh le sábháil ach airgead ar an mbille leictreachais, ní thuigim conas is féidir le daoine é sin a rá nuair atá páistí ag fáil oideachais ar ardchaighdeán sna scoileanna beaga.”

Cosain COGG!

Nollaig 13, 2011

Tá sé tagtha chun solais go bhfuil tagairt do COGG i bplécháipéis rialtais maidir le bealaí eile  le hairgead a shábháil. Tá COGG luaite mar eagraíocht a d’fhéadfaí a scor nó a chur isteach sa Roinn Oideachais. Bheadh sé an-thromchúiseach do na scoileanna lán-Ghaeilge dá mbeadh bagairt nó baol ann do COGG agus a cuid seirbhísí riachtanacha. Leagtar amach sa bhileog an éifeacht mharfach a bheadh ag cinneadh dá leithéid. Tapaígí an deis cur i gcoinne an mholadh seo agus labhair le Teachtaí Dála agus Oifigigh na Roinne Oideachais ag gach deis.

Má chuirtear i bhfeidhm moladh an Láraonaid Meastóireachta Caiteachais deireadh a chur le COGG nó COGG a chur isteach sa Roinn Oideachais agus Scileanna, ní bheidh fáil níos mó ag bunscoileanna & iarbhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ar:

  • Téacsleabhair i nGaeilge, seachas iad siúd a chuireann an Gúm ar fáil
  • Bunachar ar líne na n-áiseanna teagaisc
  • Leabhrán eolais áiseanna agus acmhainní teagaisc
  • Seirbhísí eolais COGG, an suíomh gréasáin agus an taispeántas taistil ina measc
  • Nótaí agus ábhar tacaíochta eile do mhúinteoirí agus do dhaltaí
  • Leagan Gaeilge de théacsleabhair Tionscadal Mata
  • Leaganacha Gaeilge de Thriailscrúduithe na hArdteiste agus an Teastais Shóisearaigh
  • Cairteacha balla, póstaeir, léarscáileanna, cruinneoga, agus a leithéid
  • Dáileachán ar an iris Breacadh
  • Dianchúrsaí Gaeilge do mhúinteoirí scoileanna
  • Gaeltachta agus lán-Ghaeilge
  • Ceardlanna múinteoirí
  • Ionadaíocht thar ceann na scoileanna leis an Roinn
  • Oideachais agus Eolaíochta, CNCM agus áisíneachtaí eile
  • Fóram trí Ghaeilge ar líne do mhúinteoirí
  • Ábhar ar líne don ghairmthreoir, don eolaíocht agus do na meáin dhigiteacha
  • Taighde ar ábhar a bhaineann le hoideachas Gaeltachta agus teagasc trí Ghaeilge

Bileog Eolais COGG

Ag tógáil páistí le Gaeilge

Nollaig 13, 2011

Tá an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag tabhairt cuireadh do theaghlaigh atá ag tógáil páistí le Gaeilge agus do pháirtithe leasmhara eile chuig ócáid san Ionad Tacaíochta Teaghlaigh, Indreabhán, Co. na Gaillimhe Déardaoin 15 Nollaig 2011 ag 8.00pm. “Ag tógáil páistí le Gaeilge” an téama a bheidh faoi chaibidil ag an gcruinniú poiblí.

Tá sé mar aidhm ag an Roinn díospóireacht a spreagadh maidir leis na dúshláin a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge agus moltaí a fháil chun dul i ngleic leis na dúshláin seo.

Tá béim ar leith sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ar an nGaeilge a sheachadadh ó ghlúin go glúin mar theanga an teaghlaigh. Faoin bpróiseas pleanála teanga atá sonraithe sa Straitéis 20 Bliain, beidh tábhacht ar leith ag baint le seirbhísí cuí a bheith ar fáil mar thacaíocht do theaghlaigh atá ag tógáil páistí trí mheán na Gaeilge.

Ba mhaith leis an Roinn an deis a thapú chun labhairt go díreach le tuismitheoirí agus le caomhnóirí maidir leis na bealaí ar féidir leis an Stát cuidiú leo teacht i dtír ar na dúshláin a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge. Is seisiún poiblí atá i gceist leis an gcruinniú le plé a dhéanamh ar an ábhar seo amháin.

Cuirtear fáilte roimh dhaoine a bhfuil spéis acu san ábhar seo agus ar mhaith leo go mbeadh ionchur acu i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Foilsithe ar Gaelport.com

Dán Nollag – Dídean Dé

Nollaig 13, 2011

Dídean Dé
(An Chéad Aingeal Coimhdeachta)

Cuireadh Íosa an leanbh ina luí i mainséar
is bhí an-áthas ar a thuistí,
Ach roimh i bhfad bhí Sé i ndainséar
mar gheall ar Héaród, an droch-rí.

Tháinig fir chríonna an bealach sin
is d’fhiosraigh Héaród fá dtaobh d’Íosa,
Ba mhaith leis féin scéal an linbh go cruinn
is d’fhillfeadh siad le nuacht le linn na míosa.

Lean siad réalt draíochta an lá ina dhiaidh
go raibh siad ag tarraingt ar bhaile Bheithil,
Chuidigh an réalt leo gan dul ar strae,
nárbh mhéanair sin dóibh is dá gcuid camall!

Chonaic siad Íosa is bronntanais leo
is bhí siad triúr go sona sásta,
D’fhág siad na féiríní ag A thuistí Dó
is chuaigh a luí is iad lán de ghrásta.

Nocht aingeal chucu i lár na hoíche
ach chan ar mhaithe leis na ríthe a scanrú,
D’inis sé dóibh istigh ina gcroíthe
go raibh Héaród ag súil le hÍosa beag a mharú!

Rinne siad amach gan dul ar ais
’s d’fhill siad chun an bhaile ar bhealach eile,
Cha raibh an leanbh Íosa ag dul a fháil bháis
’s nuair a chuala Héaród seo, is é a bhí ar buile!

Seán Mac Cionnaith, Ard Mhacha / Doire Cholmcille

Nollaig Shona ó GAELSCOILEANNA TEO.

Nollaig 13, 2011

Trealamh ríomhaireachta ar fáil saor in aisce!

Nollaig 13, 2011

Tá trealamh ríomhaireachta ar fáil saor in aisce ó oifig GAELSCOILEANNA TEO. d’aon scoil gur mian leo é. Ar fáil tá:

  • 2 ríomhaire Fujitsu Siemens le Microsoft XP Pro orthu (iad dara-láimhe ach athchóirithe)
  • 2 mhéarchlár
  • 2 luchóg
  • Printéir dubh & bán HP Laserjet 2200D

Ní gá ach teagmháil a dhéanamh linn anseo san oifig más suim le do scoil aon chuid den trealamh thuas, 01 8535195 nó oifig@gaelscoileanna.ie.

Innov8 Ag Lorg Rannpháirtithe

Nollaig 13, 2011

Tá Red Pepper Productions, comhlacht teilifíse neamhspleách bunaithe i mBaile Átha Cliath, ag lorg rannpháirtithe dá shraith nua ar TG4: “Innov8”.

Sraith teilifíse dearfach amach is amach is ea “Innov8” ina gcuireann déagóirí aonaracha, nó grúpaí déagóirí, a bpleananna gnó faoi bhráid fiontraithe rathúla le comhairle agus tacaíocht a fháil uathu.

Le rannpháirtithe a mhealladh chun na sraithe, éalaíonn muid ar mheánscoileanna timpeall na tíre – múinteoirí gnó ach go háirithe – daltaí a spreagadh chun a smaointe agus a ndearaí nuálacha a roinnt linn. Roghnóidh painéal d’fhiontraithe na linne na hiarratais is fearr agus gheobhaidh na daltaí comhairle agus tacaíocht ón bpainéal lena smaointe a chur i gcrích tríd na sraithe. Déanfar an aistear seo a thaifead agus a chraoladh ar TG4 le linn Fómhar 2012. Is í príomh-sprioc na sraithe ná tionscadail a aimsiú a chabhróidh le pobail áitiúla nó a spreagfaidh glúin nua fiontraithe don todhchaí.

Roghnóidh giúiré neamhspleách an buaiteoir agus gheobhaidh an dalta sin €5,000 dá scoil agus dúis dóibh féin a bheidh in oiriúint don bhfiontar acu. Beidh duaiseanna nach beag iad do ghrúpaí eile go dtí an cúigiú áit.

Tá cláir á dhéanamh ag Red Pepper Productions do na craoltóirí náisiúnta go léir . Ina measc tá, “Ó Tholg Go Tolg” (TG4), “Back to School” (TV3) agus “Only Fools Buy Horses” (RTÉ).

Lena thuilleadh eolais a fháil ar “Innov8”, nó treoracha le hiarratas a dhéanamh, déan teagmháil le martin@redpepper.ie nó glaoigh ar 087 865 1069.

Cut in modern language support

Nollaig 12, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

All-Irish school to close despite Minister’s views

Nollaig 12, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

« Previous PageNext Page »