Méid an Téacs

Tuairisc ar an nGaelscolaíocht

Feabhra 7, 2012

Caitheann páistí Gaelscoile níos mó ama ag léamh mar chaitheamh aimsire agus ag glacadh páirte i ngníomhaíochtaí cultúrtha ná páistí i scoileanna Béarla.

Foilsíodh tuairisc nua de chuid na hInstidiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) agus Coláiste na Tríonóide, Growing Up In Ireland ar 26 Eanáir.

Bunaíodh torthaí na tuairisce ar shuirbhé, a raibh páistí 9 mbliana d’aois timpeall na tíre páirteach ann, a mheas na gníomhaíochtaí oideachais agus caitheamh aimsire a bhí acu.

Dar le torthaí an tsuirbhé, bíonn páistí Gaelscoile páirteach i gcaitheamh aimsire cultúrtha seachas bheith in ionad spóirt amháin nó ag amharc ar an teilifís, níos mó ná grúpa ar bith eile.

Dúradh go bhfuil páistí Gaelscoile, go háirithe cailíní, níos dearfaí faoin léamh agus caitheann siad níos mó ama ag léamh mar chaitheamh aimsire ná páistí i scoileanna Béarla agus i scoileanna Gaeltachta.

Léirigh an tuairisc go bhfuil curaclam níos leithne á chur ar fáil i nGaelscoileanna, áit a bhfuil níos mó béime ar ábhair éagsúla ar nós na Drámaíochta, an Cheoil agus an Chorpoideachais.  Tuairiscíodh leis an toradh sin go n-úsáidtear na hábhair seo níos minice i nGaelscoileanna mar mhodhanna do mhúineadh na Gaeilge.

Anuas ar sin, tá páistí Gaelscoile níos dearfaí faoin nGaeilge.  Deir 45% de pháistí Gaelscoile agus beagnach 40% de pháistí i scoileanna Gaeltachta go dtaitníonn an Ghaeilge leo ‘i gcónaí’.  Ach dar leis an tuairisc, níl ach 20% de pháistí i scoileanna Béarla a dtaitníonn an Ghaeilge leo ‘i gcónaí’ agus deir 30% nach dtaitníonn an Ghaeilge leo ‘riamh’.

GAELPORT

Áiseanna foghlamtha Gaeilge anois ar iTunes

Feabhra 7, 2012

An tseachtain seo caite in Áras Shorcha Ní Ghuairim i gCárna i gCo. na Gaillimhe sheol Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin cainéal iTunes U.

Is togra é seo de chuid na Comhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, comhpháirtíocht ar cuireadh tús léi cúpla bliain ó shin agus bhí áis nua foghlama den scoth le feiceáil le linn an tseolta i gCarna.

Cnuasach saibhir fuaime, fís amhráin dánta agus scéalta staire atá curtha le chéile ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ó chartlann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh mar chuid de thionscadal taighde atá curtha i gcrích ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gCarna.

Tá an áis nua iontach seo, arna mhaoiniú ag COGG, dírithe ar na bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna lán- Ghaeilge agus Gaeltachta ar fud na tíre. Tá os cionn 300 mír éagsúil ar fáil le seálta gleoite An Gúm agus tá físeán eolaíochta don teastas sóisearach á chur i láthair ag an múinteoir agus láithreoir Aoibhinn Ní Shúilleabháin mar mhír thábhachtach ar an áis.

Tá na scéalta agus míreanna staire le cloisteáil i gcanúintí Uladh, i gcanúint na Mumhan agus i gcanúint Chonnacht.
Is é an aidhm is mó a bhí leis ná daoine óga a mhealladh ar ais chug nósanna a bhíodh ann blianta ó shin agus iad a chur ar an eolas maidir le cultúr agus seanchas na tíre.

Tá an áis nua foghlama seo ar fáil saor in aisce @ itunes.cogg.ie

GAELPORT

Deireadh le deontas Gaeltachta d’abháir oidí

Feabhra 7, 2012

‘Dhá Chéim ar chúl’ atá sa cinneadh atá fógartha ag an Roinn Oideachais deireadh a chur le deontas d’ábhair oidí ag freastal ar chúrsaí sa Ghaeltacht, dar le Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta.

Faoi láthair, íoctar as na cúrsaí 3-sheachtaine sa Ghaeltacht a fhreastalaíonn ábhair oidí orthu mar chuid éigeantach dá gcéim oideachais chun a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú, ach tugadh le fios ag seisiún eolais i Sráid Marlboro ar an 05 Nollaig 2011 go mbeadh deireadh leis na deontais seo chun airgead a shábháil.

Ag labhairt faoin gcinneadh dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go raibh ceim ollmhór chun tosaigh glactha ag an Rialtas le foilsiú na Straitéise 20 bliain don Ghaeilge.  Moladh sa straitéis go leanfadh ábhair mhúinteoirí clár sainithe do theagasc teanga sa Ghaeltacht agus  go gcuirfí leis an am teagaisc agus freastail d’ábhair mhúinteoirí ar na cúrsaí Gaeltachta.

Mhol an Chomhairle Mhúinteoireachta chomh maith gur chóir clár tréimhse chónaithe sa Ghaeltacht, fadaithe agus athchoinceapaithe, a chur ar fáil, a bheidh anois mar chuid den chlár iomlán agus faoi stiúir dhíreach ag na soláthraithe oideachas múinteoir

“Céimeanna móra chun tosaigh a bhí sa dá mholadh seo chun feasacht agus scileanna cumarsáide Gaeilge ár múinteoirí a chothú, agus tógfar dhá chéim ar chúl má bhaineann an Roinn Oideachais agus Scileanna na deontais ó na mac léinn le freastail ar na cúrsaí Gaeltachta, arsa Julian de Spáinn.

GAELPORT

Cruinniú Eolais – Gaelcholáiste Chill Dara Thuaidh

Feabhra 7, 2012

Beidh An Foras Pátrúnachta ag reáchtáil Cruinniú Eolais an Chéadaoin seo, 8ú Feabhra 2012, le uasdátú a thabhairt do thuismitheoirí, chaomhnóirí agus an pobal i gcoitinne maidir le iarratas An Foras Pátrúnachta ar Ghaelcholáiste Chill Dara Thuaidh. Ba mhaith linn a chur in iúl don phobal go háitiúil agus go náisiúnta go bhfuil An Roinn Oideachais agus Scileanna ag diúltiú don cheantar, ina bhfuil 1,600 páistí ag fáil oideachas lán-Ghaeilge faoi láthair, iarratas do Ghaelcholáiste a ghlacadh. Creideann muid go láidir gur mí-chothromaíocht amach is amach atá ann agus ar son phobail Mhaigh Nuad agus na tíre, táimid i bhfabhar dul i ngleic le cinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna ar son mhuintir Chill Dara Thuaidh.
Tá níos mó ná 350 ainmneacha bailithe againn go dtí seo. Cruthaíonn sé seo go bhfuil fíor-éilimh ann sa cheantar, ach fós, níl An Roinn sásta é seo a thógáil san áireamh. Is méid suntasach de ainmneacha atá againn ach le níos mó brú a chur ar an Roinn, táimid ag impí oraibh cabhrú linn tuilleadh foirmeacha a fháil. Seo cúpla bealach gur féidir libh cabhrú leis an bhfeachtas:

  • Iarr ar chara foirm réamh-chlárú a líonadh amach ar líne ag www.foras.ie
  • Scríobh litir go dtí na meáin áitiúil ag léiriú do thuairimí faoin mbealach ina bhfuil an Roinn ag caitheamh leis an bhfeachtas ar son Ghaelcholáiste
  • Scríobh litir nó cuir glaoch ar na polaiteoirí áitiúil sa cheantar

 

Is cruinniú fíor-thábhachtach é seo agus ba bhreá linn dá mbeadh sibh i láthair. Beidh muid ag scaipeadh eolais agus ag déanamh níos mó plé ar bhealaí gur féidir le tuismitheoirí agus an pobal cabhrú leis an bhfeachtas tábhachtach ar son na Gaelscoilíochta don cheantar. Is é an Aoine, 24ú Feabhra 2012 an spriocdháta do na pátrúin scoile iarratas a chur isteach go dtí an Roinn  Oideachais agus Scileanna don scoil nua dara leibhéal i Maigh Nuad. Beidh an Cruinniú Eolais ar siúl ar an gCéadaoin, 8ú Feabhra ag 20:00 in Óstán an Glenroyal, Maigh Nuad, Co. Chill Dara. Táimid ag súil le fáiltiú a chur romhaibh.

Cóiríocht chuí do Choláiste Ráithín

Feabhra 6, 2012

Tá pobal Coláiste Ráithín i mbun feachtais faoi láthair le cóiríocht chuí a éileamh don scoil, agus ag lorg tacaíocht ó mórphobal na gaelscolaíochta. Ráiteas ón bhfeachtas:

Ó 1994 i leith, tá bainistíocht, foireann agus tuismitheoirí Choláiste Ráithin ag saothrú chun suíomh nua a fháil don Choláiste. Tar éis seacht mbliana déag tá siad fós ar dhá shuíomh éagsúla, ceann acu le foirgnimh réamhdhéanta gan aon áiseanna spóirt ná áiseanna síamsaíochta. In aineoinn sin tá sí ar ceann de na scoileanna is fearr sa Chontae agus éiríonn thar barr lena cuid scoláirí i gcúrsaí achadúla.

Tá foirgneamh nua do dhaltaí agus d’fhoireann Choláiste Ráithín ag dul dóibh, foirgneamh a bheadh ag dul le mianta, díogras agus gaiscí phobal na scoile.

Tá infheistíocht shuntasach déanta le déanaí i bhformhór na meánscoileanna sa cheantar. Tá scoil nua le hoscailt i mBealach Laighean, ar shuíomh 12 acra, agus níl sé sin ach 4 mhíle ó Choláiste Ráithín. Caithfear infheistíocht a dhéanamh i gColáiste Ráithín chun gur féidir leis dul i gcomórtas leis na scoileanna eile seo.

Táimid ag éileamh foirgneamh nua do Choláiste Ráithín le hoscailt faoi Mheán Fómhair 2014.

Cur do shíniú leis an achanaí anseo: http://www.ipetitions.com/petition/colaisteraithin2014leiriutacaioch/

Siollabas nua don tríú bliain ollscoile le seoladh inniu

Feabhra 6, 2012

Tá i gceist ag siollabas nua ‘féinfheasacht, feasacht teanga agus feasacht chultúrtha’ a spreagadh agus a fhorbairt i measc scoláirí atá ag staidéar na Gaeilge sa tríú bliain ollscoile.

Seolfar an siollabas nua inniu i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach agus is é an tríú siollabas atá deartha ag an ngrúpa comhairleach, An Mheitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal.

Is iad an Dr Máirín Nic Eoin  ó Choláiste Phádraig agus an Dr John Walsh, Ollscoil na hÉireann Gaillimh atá ina chomhstiúrthóirí ar an tionscadal. Tá sé bunaithe ar shlat tomhais idirnáisiúnta, an Fráma Tagartha Chomhairle na hEorpa d’Fhoghlaim Teangacha.

“Is siollabas comhtháite é agus tá na scileanna teanga go léir i gceist”, dar leis an Dr Máirín Nic Eoin, comhstiúrthóir an tionscadail.

Tugtar san áireamh sa siollabas riachtanais éagsúla agus cumas teanga na mac léinn chomh maith leis na  téamaí, scileanna teanga agus torthaí foghlamtha a bheidh i gceist sa siollabas úr.

Tá an siollabas don chéad bhliain agus don dara bliain ar fáil chomh maith leis an siollabas úr don tríú bliain ar http://www.teagascnagaeilge.ie/.

GAELPORT

Cultúrlann Uí Chanáin – Dianchúrsaí Gaeilge

Feabhra 6, 2012

An bhfuil suim agat do chuid Gaeilge a chleachtadh, b’fhéidir tús a chur lei don chéad uair riamh? Bhuel, tá deis iontach agat sin a dhéanamh le linn Féile ChaoimhínUí Dhochartaigh i gCultúrlann Uí Chanáin. Beidh dianchúrsaí a sholáthar ag Coláiste an Phobail ar An Sathairn 11ú & An Domhnach 12ú Feabhra ar leibhéil éagsúla. Beidh na ranganna ar siúl ó 11:00 – 13:00 agus ó 14:30 – 16:00 ar an Sathairn agus ar an Domhnach. Déanfar freastal ar fhoghlaimeoirí ag trí leibhéal, Bunrang dóibh siúd atá ag cur tús le foghlaim na Gaeilge. Rang Fháinne Airgid, meánrang é seo do dhaoine a bheas ag tabhairt faoin scrúdú seo nó a bhfuil ag iarraidh cur lena gcuid Gaeilge. Rang Fháinne Óir, ardrang é seo do dhaoine a bheas ag tabhairt faoin scrúdú nó dóibh siúd a bhfuil ag iarraidh a gcuid Gaeilge a cleachtadh agus a feabhsú. Beidh Scéim na bhfáinní ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge 2012 ach ní chaithfidh foghlaimeoirí na gCúrsaí seo tabhairt faoin scéim. Má tá suim agat clárú do dhianchúrsa nó má tá eolas breis de dhíth ortsa, déan teagmháil le Fiachra nó Ciara ar 02871264132 nó ag fiachra@culturlann-doire.ie, Ciara@culturlann-doire.ie. Ba chóir teagmháil a dhéanamh chomh luath agus is féidir chun do spás a chintiú.  Beidh costas £25 ar na cúrsaí seo agus tá fáilte roimh chách.

Nuachtlitir an Earraigh ar fáil anois

Feabhra 6, 2012

Earrach 2012

Local school pilots Irish language app

Feabhra 6, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Curaidh Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn 2012 ag ceiliúradh!

Feabhra 6, 2012

Comhghairdeas leis na foirne díospóireachta  ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe  agus ó Choláiste Rís, Dún Dealgan, Co. Lú  a  thug Craobh na hÉireann de  Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2012 leo!   Is sa Téatar Poiblí, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a bhí na díospóireachtaí ar siúl Dé Céadaoin seo caite, 25 Eanáir 2012.   Comórtas é seo atá á reáchtáil go bliantúil ag Gael Linn do Ghaelcholáistí agus do iar-bhunscoileanna Gaeltachta, agus bhí os cionn 50 foireann páirteach ann i mbliana.

Sa chraobh shóisearach, labhair na cainteoirí  óga  go heolach ar an ábhar ‘Cuireann na hollmheáin chumarsáide an iomarca béime ar chúrsaí spóirt !’   Bhí sceitimíní áthais ar a lucht tacaíochta nuair a fógraíodh gurbh  iad Scoil Chuimsitheach Chiaráin  na buaiteoirí !    Fuaireadar an ceann is fearr ar fhoirne ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Co. Chiarraí, ó  Phobalscoil Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall agus ó Choláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath.   Is í Máirín Ní Dhomhnaill an múinteoir a chuidigh agus a threoraigh na cainteoirí agus iad ag ullmhú don díospóireacht seo agus do na babhtaí ar fad a bhí acu ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite.

Foireann ó Choláiste Rís, Dún Dealgan a d’ardaigh an corn tar éis a mbua sa chraobh shinsearach.  Sa díospóireacht seo, freisin, bhí foirne ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe, ó  Scoil Chaitríona, Glasnaíon, Baile Átha Cliath agus ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe..   Phléadar an rún tráthúil:  ‘Is rud maith é go bhfuil deireadh ag teacht le cultúr an tí tábhairne in Éirinn!’   agus bhí neart tuairimí ag gach cainteoir ar an ábhar ! Seán Ó Coigligh a bhí i mbun na foirne ó Choláiste Rís  agus é an-bhródúil as a chuid scoláirí !

Stiúraigh aoichathaoirleach na hoíche, Pádhraic Ó Ciardha, Leas-Phríomhfheidhmeannach TG4, na díospóireachtaí go paiteanta !    Léirigh sé an-spéis sna toipicí a pléadh, agus mhol sé gach cainteoir as an tuiscint mhaith a bhí acu ar chúrsaí reatha agus as na scileanna díospóireachta a léiríodar !

Bronnadh buanchorn agus duais €1,000 ar an bhfoireann bhuacach  sa dá roinn den chomórtas agus bronnadh duais €250 an fhoireann ar na foirne eile a bhí rannpháirteach.  Mar chuid den duais freisin, tugadh cuireadh do churaidh an chomórtais shóisearaigh, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, páirt a ghlacadh i ‘Ri Chéile’.  Féile díospóireachta is ea ‘Ri Chéile’ a reáchtálann Gael Linn gach bliain do chainteoirí óga Gaeilge/Gaidhlig i gcomhar le Comunn na Gaidhlig, Alba, le maoiniú ón eagras Colmcille. Tionólfar féile ‘Rí Chéile 2012’ in Albain san fhómhar.

Agus é ag déanamh comhghairdis leis na duaiseoirí, ghabh Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn buíochas le múinteoirí na bhfoirne uilig as a ndúthracht agus dúirt: “Cuid lárnach den oideachas in Éirinn iad díospóireachtaí Gael Linn le breis is caoga bliain anuas. Gael Linn a eagraíonn na comórtais le cabhair airgid ó Fhoras na Gaeilge agus tá na comórtais ina spreagadh mór ó thaobh labhairt na Gaeilge de. Cruthaíonn Comórtas Uí Chadhain ardán do na foirne díospóireachta is fearr ón nGaeltacht agus ó scoileanna dara leibhéal ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán teagaisc”.   Lean sé ar aghaidh: “Tá Foras na Gaeilge ag beartú deireadh a chur le maoiniú don chomórtas ardghradaim seo. Iarraim ar an bhForas athmhachnamh a dhéanamh ar an moladh seo. Ní mór an comórtas náisiúnta díospóireachta seo a chosaint ar mhaithe le bonn láidir a chur faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge san aoisghrúpa tábhachtach seo”.

« Previous PageNext Page »