Eagla ar Choláiste Ráithín go mbeidh a rás rite go luath
Bealtaine 2, 2012
TUARASCÁIL : TÁ MÚINTEOIRÍ agus tuismitheoirí Choláiste Ráithín, Bré, Co Chill Mhantáin, le hagóid a dhéanamh taobh amuigh de Dháil Éireann inniu lena gcás do scoil nua a chur os comhair polaiteoirí arís.
Tá Coláiste Ráithín 21 bliain ar an saol agus iad ag cur oideachas dara leibhéal ar fáil do dhaltaí Gaelscoileanna i dtuaisceart Chill Mhantáin. Lena chois sin, tagann trian dá gcuid daltaí ó scoileanna Béarla sa chontae.
Tá lucht na scoile ag iarraidh go mbeidh foirgneamh nua acu faoi 2014. Faoi láthair, níl áiseanna spóirt acu agus is i mbotháin réamhdhéanta a dhéantar cuid mhór den teagasc.
Bhí focal acu ar shuíomh i mBré ach níl iomrá ar thógáil ar bith tosú ann. Is mó a n-inmí anois nó tá scoil Bhéarla nua díreach oscailte ag an Roinn Oideachais sa cheantar céanna leo féin.
Dúirt príomhoide Choláiste Ráithín, Gearóid Ó Ciaráin, go raibh sé “tinn tuirseach” den scéal agus go raibh lucht na scoile 20 bliain i mbun agóide.
Bhí ag éirí thar barr leis an scoil ó bunaíodh í sa bhliain 1991 agus gan acu ach 33 dalta. 250 dalta a bhí anois ag freastal ar an scoil agus thiocfadh leo “dhá oiread” a thógáil ach na háiseanna a fháil. Ar an drochuair, bhí orthu páistí a chur ó dhoras i mbliana.
Bhí na bunscoileanna Gaeilge sa cheantar ag fás go fóill agus bhí cáil ar an choláiste as mic léinn a chur ar aghaidh chun na hollscoile.
Ach bhí “baol ann nach mbeadh Gaelscoil dara leibhéal i dtuaisceart Chill Mhantáin” mar níorbh fhéidir leis an scoil “dul i gcomórtas le scoileanna móra gan áiseanna cearta”.
Dúirt sé fosta gur mhinic an tAire Oideachais, Ruairí Quinn, ag caint ar “iolrachas” ach gan an Ghaeilge a chur san áireamh.
Bhí Coláiste Ráithín ag iarraidh “oideachas leathan liobrálach” a chur ar fáil i nGaeilge. Chuige sin, bhí páistí as 23 tír éagsúil i measc na bpáistí ar an scoil.
Dúirt Ó Ciaráin go raibh “ár gcuid déanta againn” agus iad ar lorg suímh bhuain agus ba thrua leis nach raibh Quinn ábalta bualadh le lucht na scoile agus é ar cuairt i gCill Mhantáin ag tús na seachtaine.
Rinne an colún seo teagmháil le Roinn an Oideachais faoi chás na scoile. Agus muid ag dul i gcló, ní raibh ráiteas ar bith ar fáil.
IRISH TIMES
An bua ag Teaspach ag Craobh Siansa Gael Linn
Bealtaine 1, 2012
Bhí scoth an cheoil traidisiúnta le cloisteáil sa Cheoláras Náisiúnta Dé Domhnaigh áit ar bronnadh craobh náisiúnta Siansa Gael Linn ar scoláirí ón scoil ghraiméir Sligeach.
Teaspach is teideal don ghúpa ceoil fuinniúil seo agus thug an t-ochtar an chraobh agus an príomhdhuais ar luach €2,500 leo.
Seo an dara huair do cheoltóirí óga ó Shligeach an chéad duais a bhaint amach ag Siansa Gael Linn. Bhuaigh an grúpa Spraoi ón Scoil Ghraiméir an craobhchomórtas in 2009.
Páirteach sa ghrúpa ceoil seo tá Áine Ní Mháirtín, Nell Ní Cheallaigh, Gearóid Ó Duibhir, Íde Ní Chionnaith, Jason Mac Aonghusa, Hannah Ní Cheallaigh, Peadar Ó Maonaigh agus Pádraig Ó Gabháin.
Sa dara háit, bhí Na Fataí Fánacha ó Choláistí Eoin agus Íosagáin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath. Tháinig an grúpa ceoil Macalla ó Chorafinne, Contae na Gaillimhe sa tríú háit.
Clár Tacaíochta le teacht in áit scéim labhairt na Gaeilge
Bealtaine 1, 2012
Freastalóidh an clár tacaíochta teaghlaigh ‘go príomha’ ar theaghlaigh Gaeltachta ach beidh pacáiste tacaíochta ar fáil do gach aon duine, dar le Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley TD.
Déardaoin seo caite, d’fhógair an tAire Stáit sonraí an chláir Tacaíochta Teaghlaigh a thiocfaidh in áit scéim labhairt na Gaeilge ar cuireadh deireadh léi ag deireadh na scoilbhliana seo caite.
“Cur chuige nua” atá sa chlár a dhéanfaidh “difríocht shuntasach” ar an talamh maidir le cuir I bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain’ a dúirt an tAire Stáit.
Ní fios go fóill áfach cén dáta ina bheidh an clár tacaíochta curtha i bhfeidhm ina iomlán.
Tá sé beartaithe ag an Roinn 12 beart ar leith a thógáil chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a gclann a thógáil le Gaeilge.
Bileog Eolais le scaipeadh ar theaghlaigh Ghaeltachta
D’eisigh an Roinn an chéad bhileog eolais a chuirfear ar fáil do theaghlaigh atá ag súil le páiste nó a bhfuil páiste nuabheirthe acu Déardaoin. Sa bhileog eolais dhátheangach luaitear seacht mbuntáiste a bhaineann leis an nGaeilge.
Iarrfar ar thuismitheoirí teagmháil a dhéanamh leis an Roinn má tá I gceist acu cóip don beart tacaíochta a fháil ina dhiaidh sin.
Dáilfear an bhileog ar theaghlaigh atá ag freastal ar na seirbhísí máithreachais i gcathair na Gaillimhe, i Leitir Ceanainn agus i gCaisleán an Bharraigh. Dúirt an tAire Stáit go raibh i gceist an feachtas seo a leathnú amach chuig na seirbhísí máithreachais atá ag freastal ar cheantair Ghaeltachta eile.
D’fhógair sé chomh maith go bhforbrófaí clár feasachta faoin gclár nua trí chomhpháirtíocht le Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte agus páirtithe leasmhara eile chun ábhar praiticiúla a chur ar fáil do theaghlaigh atá ag súil le páiste nó a bhfuil páiste nuabheirthe acu.
Anuas air sin, tabharfar cabhair do eagrais agus coistí pobalbhunaithe níos mó imeachtaí feiliúnacha a thionscnamh.
Cruth úr ar Scéim na gCampaí Samhraidh
I gcás Scéim na gCampaí Samhraidh, leathnófar amach an aoisteorainn a bhaineann leis an scéim ó agus freastalóidh sé ar pháistí atá idir trí agus sé bliana d’aois agus páistí níos sine idir seacht bliana d’aois agus cheithre bliana déag d’aois.
Forbrófar cúrsaí oiliúna do dhéagóirí ón nGaeltacht idir 15 – 17 mbliana d’aois le go mbeidh siad ábalta feidhmiú mar chúntóirí sna coláistí Gaeilge agus ní thabharfar aitheantas do champaí a mbíonn tinreamh de 50 nó níos lú acu.
Scéim na gcúntóirí teanga le forbairt
Tá sé i gceist ag an gclár tacaíochta Scéim na gcúntóirí teanga’ a fhorbairt chun freastal breise a dhéanamh ar dhaltaí scoile Gaeltachta chun an Ghaeilge a shaibhriú.
Cuirfear tacaíocht breise ar fáil do chúntóirí teanga lena n-áirítear ábhar físeach, éisteachta agus léitheoireachta agus forbrófar cúrsaí oiliúna do na cúntóirí teanga i gcomhar le na heagrais a thionscain an scéim thar ceann na Roinne ar nós Muintearas.
Forbrófar scileanna ceannasaíochta déagóirí Gaeltachta idir 15-17 mbliana d’aois trí chúrsaí oiliúna a fhorbairt le bheith mar chúntóirí sna coláiste Gaeilge agus trí iad a fhostú mar chúntóirí ar chúrsaí Gaeilge faoi Scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na Roinne.
An Roinn le dul ‘viral’ (Físeáin meárscaipthe le scaipeadh)
Luaitear sa straitéis chomh maith go ndéanfar iarracht tionchar a imirt ar dhaoine óga i dtaobh tábhacht agus fiúntas na Gaeilge mar theanga labhartha trí ghearrscannáin nó virals a fhorbairt trí na meáin shóisialta.
Deirtear go gcuirfear suíomh tairsí ar fáil ar líne le go mbeidh sé níos éasca don phobal náisiúnta agus idirnáisiúnta a úsáid chun eolas a bhailiú i dtaobh ábhar agus acmhainn a bhaineann leis an nGaeilge.
Ach idir an dá linn gan aon suíomh Gréasáin ar leith luaite leis an gclár, is fearr teagmháil a dhéanamh leis an Roinn trí rphost a sheoladh chuig ctt@ahg.gov.ie nó trí glaoch ar chur ar 091 503700.
Foilsithe ar Gaelport.com
Scoláireachtaí Gaeltachta ar fáil
Bealtaine 1, 2012
Tá costas ag baint le déagóir a chur chuig an Ghaeltacht don samhradh ach bíonn scoláireachtaí ar fáil do roinnt do na coláistí Gaeilge.
Ina measc, tá scoláireacht ar fáil ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltacht dóibh siúd ar mhaith leo seal a chaitheamh ar Choláiste Laichtín ar Inis Oírr.
San áireamh sa scoláireacht tá lóistín agus tá go leor buntáistí ann doscoláirí a bhfuil ag iarraidh an Ghaeilge atá acu a forbairt agus a fheabhsú, dar le Caomhan Ó Conghaile, príomhoide.
Bíonn Gaeilge á úsáid ag muintir an oileán gach lá. Ta ranganna beaga ag gach múinteoir agus mar sin tá níos mó ama ag an múinteoir do gach dalta.
Freisin tá go leor spraoi ann, níl ort a bheith líofa agus tá tú ag foghlaim i dtimpeallacht atá an-éagsúil ón scoil. Imrítear sport agus cluichí eile éagsúla as Gaeilge, mar shampla sacair, cispheil.
Beidh cúrsaí ar tosú ar 04 Meitheamh, 27 Meitheamh agus 20 Iúil agus tá foirmeacha, rialacha agus go leor eolais eile a fháil ar http://www.colaistelaichtin.ie/
Deiseanna d’aisteoirí óga
Bealtaine 1, 2012
Tá Fíbín ag iarraidh deis a thabhairt do Ghaeilgeoirí óga sárchúrsa drámaíochta trí mheán na Gaeilge a dhéanamh an samhradh seo.
Is comhlacht puipéadóireachta, amharclannaíochta agus drámaíochta Gaeilge é Fíbín, atá lonnaithe i nGaeltacht Chonamara. Beidh siad ag socrú éisteachtaí timpeall na tíre, chun na haisteoirí óga is fearr a roghnú don cheardlann samhraidh.
Beidh na héisteachtaí ar siúl ar fud na tíre sa chúpla seachtain amach romhainn. Beidh an Sár-Scoil Drámaíochta ar siúl idir 2 – 13 de mhí Iúil.
Tá an Sárscoil Drámaíochta oscailte le haghaidh mic léinn idir 15 – 17 mbliana d’aois ar an 1 Meán Fómhair 2012.
Caithfear Gaeilge líofa a bheith ag na mic léinn, agus suim mhór sa drámaíocht ar ndóigh. Beidh na héisteachtaí ar siúl sna hionaid seo a leanas:
Dáta: 30/04/12
Ionad: Seanscoil Sailearna, Conamara, Co. na Gaillimhe
Am: 4-6pm
Dáta: 02/5/12
Ionad: Gaillimh, Áras na Gaeilge (OÉ Gaillimh)
Am: 6-8pm
Dáta: 14/05/12
Ionad: Jury’s Inn, Corcaigh
Am: 6-8pm
Dáta: 22/05/12
Ionad: Sligo Park Hotel, Sligeach
Am: 6-8pm
Beidh ar gach mac léinn CV a sholáthar mar aon le grianghraf agus aon taithí drámaíochta más féidir.
Is féidir an CV a sheoladh chuig: Angela Seoighe, Fíbín Teo., na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar an tSárscoil Fíbín, déan teagmháil le hAngela Seoighe ar meangadh@gmail.com nó cuir glaoch ar an oifig ar 091-505855.
Foilsithe ar Gaelport.com
Major announcements for Irish language
Bealtaine 1, 2012