Méid an Téacs

Gairmeacha le Gaeilge: An bhfuil deiseanna ann do dhaoine óga?

Nollaig 10, 2012

Bhí an 6ú Aonach Oibre ar siúl i gColáiste Feirste inné, 6 Nollag 2012.

Thug an tAonach seo deis do dhaltaí Gaeilge tuiscint a fháil ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an Ghaeilge sa lá atá inniu ann.

Bhí Meon Eile i láthair chun tuairimí na n-daltaí a fháil maidir le gairmeacha trí Ghaeilge amach anseo. Seo cad a bhí le rá acu: Meon Eile

Peter Pan sa Taibhdhearc

Nollaig 6, 2012

Tá draíocht Never Never Land le feiceáil sa Taibhdhearc faoi láthair, áit a bhfuil Seó na Nollag, Peter Pan, ar stáitse go dtí Dé Sathairn seo chugainn, 8 Nollaig.

Is í Treasa Ní Thiarnáin atá mar stiúrthóir ar Peter Pan agus is iad páistí na Gaillimhe atá sna príomhpháirteanna sa dráma: Emily Ní Bhrosnacháin mar Tink, Gillian Ní Dubháin mar Peter, Ciara Ní Mhaoldomhnaigh mar Wendy, Ruairí Mac Seoinín mar Mr. Darling agus Yasmin Rather mar Mrs. Darling.

Tá Morgan Cooke i mbun chúrsaí ceoil, le ceol nuachumtha aige don léiriú seo, agus is í Kate Upton atá i mbun cóiréagrafaíochta ar an dráma.

Tosaíonn an seó ag 7.30i.n. gach oíche, ach amháin ar an Satharn, áit a mbeidh matinee ag 3.00i.n. Tá ticéid, €10/€5, ar fáil ón Taibhdhearc ag 091 562024 agus www.antaibhdhearc.com.

www.advertiser.ie/galway
Foilsithe ar 6 Nollaig 2012

Go leor míshuaimhnis léirithe ag cruinniú faoi RTÉ agus an Ghaeilge

Nollaig 6, 2012

Ag cruinniú a bhí i gCois Fharraige an Déardaoin seo caite, léiríodh cuid mhór mhíshuaimhnis faoin “gcónascadh” atá beartaithe idir nuacht RnaG agus TG4, faoi chaighdeán na gclár Gaeilge agus faoin bhfreastal atá á dhéanamh ar mhuintir na Gaeltachta.

Bhí timpeall scór duine, idir chraoltóirí agus iriseoirí de chuid TG4 agus RnaG agus muintir an phobail, ag an chruinniú a dhírigh ar mholtaí a chur chun cinn i dtaobh dréachtú polasaithe RTÉ i leith na Gaeilge.

Iarradh orthu siúd a bhí i láthair a gcuid moltaí a chur chun tosaigh maidir leis an gcineál seirbhíse ba mhaith leo ó RTÉ.  Rinneadh aird a tharraingt ar an dualgas reachtaíochta atá ar an gcraoltóir náisiúnta an Ghaeilge a chur chun cinn ach chreid roinnt daoine go raibh fáilí á dhéanamh i dtaobh an dualgais sin le fada.

Maíodh ná cheart go mbeadh aon laghdú ar an mbuiséad atá ar fáil do chraoltóireacht na Gaeilge agus gur cheart líon agus caighdeán na gclár ar RTÉ a fheabhsú.  Bhí roinnt daoine buartha nach ionann an cur chuige atá ag RTÉ i leith chaighdeán na gclár Béarla agus caighdeán na gclár Gaeilge.

Dúradh go raibh gá soiléiriú a fhail ar ‘céard is clár Gaeilge ann’ mar go raibh cuid mhaith cláracha ar RTÉ a bhí ag titim faoi scáth na gclár Gaeilge ‘ar bheagán Gaeilge’ nó ‘ar dhrochchaighdeán Gaeilge’.  Moladh gur cheart tús áite a thabhairt do chraoltóireacht atá dírithe ar chainteoirí dúchais agus ar chainteoirí maith Gaeilge.

Bhí cuid mhór dá raibh i láthair ag aontú gur cheart freastal níos fearr a dhéanamh ar ghasúir ag aois réamhscoile, bunscoile agus meánscoile agus go raibh easnamh ann maidir le craoltóireacht atá dírithe ar daoine faoi 35 bliain d’aois.

Is é an “cónascadh” a chothaigh ábhar buairimh ina measc úd a bhí i láthair, go háirithe mar gheall ar an ‘dátheangachas’ a bheas i gceist leis an seomra nuachta nua.  Cé go raibh na craoltóirí o gcoinne an chónasctha, dúradh go raibh féidearthachtaí  ann maidir le comhoibriú.

Léiríodh imní faoin tuairisc neamhspleách a rinne RTÉ a choimisiúnú agus a chuir Stillwater Communications i gcrích.  Bhí doiléireacht maidir le bunús na moltaí a rinne siad agus an tuiscint a bhí ag an tuairisc ar phobal na Gaeltachta.

Tá go dtí an Aoine, 7 Nollaig, ag an bpobal lena gcuid tuairimí a chur in iúl do RTÉ maidir le polasaithe  i leith  na Gaeilge.

www.gaelsceal.ie
Foilsithe ar 5 Nollaig 2012

Nuachtlitir Futa Fata

Nollaig 5, 2012

Cliceáil anseo do Nuachtlitir Futa Fata.

San eagrán seo:

  • The Late Late Toy Show
  • Seoladh leabhar
  • Féile Leabhar na Nollag
  • Sladmhargadh 50%

 

Féilte leabhar le léitheoirí nua a spreagadh

Nollaig 5, 2012

Beidh Berní Ní Chuinn ag cur na scríbhneoirí Pádraic Breathnach agus Caitríona Hastings faoi agallamh ag lón liteartha i Músaem Cathrach na Gaillimhe, Dé hAoine, idir 1pm agus 2pm.

Is mar chuid de shraith fhéilte leabhar a bheidh an ócáid ar siúl.  Le cois an agallaimh, beidh seisiún maidine ann ina mbeidh na scríbhneoirí Patricia Forde, Mícheál Ó Ruairc agus Bridget Bhreathnach páirteach.

Tabharfaidh Orna Ní Choileáin, údar Ailfí agus an Vaimpír, ceardlann ar chúrsaí pinn fosta agus beidh deis ag daoine leabhair Caitríona Hastings a bheidh ag caint i nGaillimh Dé hAoine cheannach le linn an lae.

Beidh imeachtaí eile ar siúl ag Gael Taca i gCorcaigh seachtain ón lá inniu agus sa Rowan Tree Café, Inis, seachtain ón Aoine. Eolas: sm@mitchellkane.co.uk

www.irishtimes.com
Foilsithe ar 5 Nollaig 2012

Uachtarán le Comhar a sheoladh

Nollaig 5, 2012

Seolfaidh Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn, eagrán na Nollag den iris, Comhar, seachtain ón lá inniu ag 6pm sa Leabharlann Náisiúnta, Baile Átha Cliath.

Tá an iris ag comóradh 70 bliain ar an saol. Dúirt an t-eagarthóir, Aifric Mac Aodha, go raibh lucht na hirise “thar a bheith bródúil as Eagrán na Nollag, go háirithe mar go gcuireann Ailbhe Ní Ghearbhuigh Máire Mhac an tSaoi faoi agallamh an mhí seo.

“Labhraíonn an file, ar comhaois leis an Stát, faoi fheidhm chatairseach na samhlaíochta: “Osclaíonn tú amach do racht, sea tagann faoiseamh leis. Is uirlis iontach ar fad é.”

“Tá scéal spraíúil leis an scríbhneoir próis Emer Ní Rónáin a spreag an clúdach fíneálta le Mark Wickham, ealaíontóir a dhéanann obair don New York Times agus atá fostaithe ina dhearthóir lánaimseartha ag Comhar.

“Munar leor sin ar fad, is fiú an t-eagrán seo a cheannach, féachaint cé hiad na daoine a ghnóthaigh Gradaim 2012 an Chúigiú Colúnaí; “An CC don Léirmheas is Míthuisceanaí ar Leabhar Gaeilge” agus “An CC don Pholaiteoir is Lú a Léirigh Tuiscint ar an Íoróin”. Tá sí sásta, mar sin? “Ceann maith is ea an ceann seo, más muid féin atá á rá!” a dúirt sí.

www.irishtimes.com
Foilsithe ar 5 Nollaig 2012

Aip nua do dhaoine óga

Nollaig 5, 2012

Sheol TG4 aip nua do dhaoine óga – Ag Spraoi le Claude – an tseachtain seo caite.

Tá réimse cluichí oideachasúla san aip a chuidíonn le páistí comhaireamh, tomhas fuaimeanna a dhéanamh, cluiche cuimhne a imirt agus péinteáil.

Tá an aip le híoslódáil ó iTunes don iPad agus €1.79 an costas atá air. Ní gá ach na focail chuardaigh Gaeilge, Cula4 nó TG4 a úsáid le teacht uirthi.

Is í an aip is úire ag an stáisiún í agus tá aipeanna eile – Cúlacaint, Cúlacaint 2 agus Olly an Veain Bheag Bhán – le fáil saor in aisce cheana féin.

Dúirt Stiúrthóir Aschur TG4, Lís Ní Dhálaigh, gur thaitin rogha ábhair le páistí agus gur dheas leo dúshlán agus cluichí. Ardú croí a bhí ann an úsáid mhór a bhí á baint as a raibh eisithe acu ar líne go dtí seo.

www.irishtimes.com
Foilsithe ar 5 Nollaig 2012

Aonach na gCeirdeanna

Nollaig 4, 2012

Ceardaíocht agus bronntanais lámhdhéanta
Cén uair? 09.12.12 ón 12-5
Táille? €1
Cén áit? Áras Chrónáin, Cluain Dolcáin, BÁC 22

www.araschronain.ie

Leabhair nua as Gaeilge do pháistí

Nollaig 4, 2012

An bhfuil Bronntanas Nollag do pháiste óg uait? Má tá coinnigh ort ag léamh.

Glactar leis go gcuireann gach páiste óg fáilte roimh leabhar agus tá trí leabhar nua  gleoite maisithe, deartha agus scríofa ag Ciara Ní Dhuinn.

D’fhoilsigh Cló Mhaigh Eo na céad trí leabhar le Ciara dhá bhliain ó shin agus bhí an-éileamh orthu. Anois, agus díreach in am do mhargadh na Nollag, tá trí cinn eile sa tsraith foilsithe.

Is maith liom, Conas tá tú agus Cá bhfuil Riley na teidil atá ar na leabhair is déanaí agus tá siad go hálainn ar fad. Táid lándaite agus cosnaíonn siad €7 an ceann.

Is as baile Cheatharlach ó dhúchas do Chiara Ní Dhuinn ach tá cónaí uirthi anois in Illinois, Meiriceá lena fear céile agus a hiníon Eliana. Bhí suim i gcónaí sa Ghaeilge ag Ciara agus is chun cabhrú le hEliana eolas a chur ar an teanga a chinn sí ar na leabhair a chur ar fáil í féin. Anois is léir go bhfuil tuismitheoirí eile ag baint sásaimh agus tairbhe as leabhair Chiara chun an rud céanna a dhéanamh lena bpáistí óga féin.

Tá na leabhair curtha ar fáil le cabhair fhlaithiúil ó Foras na Gaeilge agus dáilithe go forleathan ag Cló Mhaigh Eo.  Is féidir na leabhair a cheannach i gCeatharlach i Siopa Leabhar Easons in Ionad Siopadóireachta Fairgreen agus in Bestsellers in Ionad Siopadóireachta Cheatharlach agus dhéanfadh siad bronntanas álainn do pháiste ar bith.

Tá na leabhair ar díol ar líne chomh maith ar www.leabhar.com.  Tuilleadh eolais ar fáil ar www.eliesbooks.com  nó ó Glór Cheatharlach ar 085 1340047.

www.carlow-nationalist.ie
Foilsithe ar 2 Nollaig 2012

Litearthacht agus Scríobh an Ghearrscéil

Nollaig 3, 2012

Cúrsa Eisiach do Mhúinteoirí Bunscoile agus Dara Leibhéal

Cén uair: Satharn, 26ú Eanáir, 2013
Dhá sheisiún, idir 10am – 12.30pm agus idir 2 – 4pm.
Cé leis: Ré Ó Laighléis

Cén áit: An Scríobhlann, áras traenála MÓINÍN, Baile Uí Bheacháin, Co. an Chláir.

Aidhmeanna an chúrsa: Tuiscint na rannpháirtithe a mhéadú ar leibhéil litearthachta na léitheoireachta agus a scileanna maidir le scríobh agus múineadh scríobh an Ghearrscéil sa seomra ranga a threisiú. Is scríbhneoir aitheanta é Ré Ó Laighléis a scríobhann idir ghearrscéalta agus úrscéalta agus drámaí srl., idir Ghaeilge agus Bhéarla. Is iarmhúinteoir é a bhfuil a iarchéimeanna agus a thraenáil sainiúil in Oideachas na Léitheoireachta aige.

Níl áit ach do ochtar ar an gcúrsa eisiach seo agus ní ghearrfar aon táille ar iarrthóirí. Glacfar le hiarratais go dtí Déardaoin, 8 Nollaig, 2012.

Tá gach eolas ar fáil ó na hurraitheoirí:
Ruth Ní Shiadhail,
Gaeilge Locha Riach,
Fón: 091 870718
R-phost: oifig@lochariach.com

Tomás Breathnach, Timire Gaeilge,
Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe,
Fón: 091 874524/ 087 6826795
R-phost: tbreathnach@cogalvec.ie

« Previous PageNext Page »