Shane leads roll of honour at gaelscoil
Lúnasa 16, 2012
24 hours in . . . An Ghaeltacht
Lúnasa 16, 2012
Fáilte curtha roimh thorthaí Gaeilge na hArdteiste
Lúnasa 16, 2012
Ní hé amháin gur tháinig méadú ar an líon dalta a thug faoin Ghaeilge ag an ardleibhéal sa scrúdú Ardteistiméireachta sa bhliain 2012 – d’éirigh le céatadán níos airde grádanna A a bhaint amach chomh maith.
Bronnfar torthaí na hArdteiste ar 56,000 dalta scoile inniu agus cuireadh fáilte go forleathan roimh an fhógra gur tháinig méadú 35% ar líon na ndaltaí a thug faoi scrúdú matamaitice ag an ardleibhéal i mbliana.
Anuas air sin, d’fhógair an Roinn Oideachais agus Scileanna ar maidin gur tháinig méadú 11% ar an líon duine a thug faoin nGaeilge sa scrúdú.
Chuir an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn TD fáilte roimh an scéal agus dúirt sé gurb iad na hathruithe i mbéaltriail na hardteiste is mó ba chúis leis an athrú sin.
De réir staitisticí atá eisithe ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit ar maidin, rinne 42,965 dalta scrúdú sa Ghaeilge san Ardteist. Ina measc, thug 15, 937 dalta faoin scrúdú Gaeilge ag an ardleibhéal Sa scrúdú ardleibhéal fuair 7.3% de na hiarrthóirí grád A1 agus fuair 11.3% de na hiarrthóirí grád B1.
San iomlán tugadh grád A do 17.4% de na scoláirí a thug faoin scrúdú ag an ardleibhéal i mbliana, méadú suntasach go maith ón 13.9% ar tugadh grádanna A dóibh sa bhliain 2011.
Thug 22,875 faoin scrúdú ag an ngnáthleibhéal agus fuair 74.2% de na hiarrthóirí grád A, B nó C ag an gnáthleibhéal. Ghlac breis agus 4,000 dalta leis an bpáipéar Gaeilge ag an mbonn leibhéal.
Ag labhairt dó inniu dúirt an tAire Oideachais gur tháinig athrú i mbliana ar an mbealach ina raibh an Ghaeilge á múineadh sna scoileanna agus go raibh níos lú béime ar chúrsaí gramadaí sa mhéid is go raibh an bhéim anois ar an nGaeilge labhartha.
Scrúdú comónta don Ghnáthleibhéal agus don Ardleibhéal atá ann anois agus tá 40% de mharcanna ag brath ar an mbéaltriail leasaithe.
Tá ceithre mhír sa bhéaltriail nua: fáiltiú, léamh na filíochta, cur síos ar shraith pictiúr agus comhrá.
Léiríodh imní roimhe seo áfach go raibh an t-ábhar á shimpliú ag leibhéal na hArdteiste agus nárbh scrúdú dúshlánach go leor á chur os comhair na ndaltaí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre.
Foilsithe ar Gaelport.com
Droichead Feirste
Lúnasa 16, 2012
CUIRFIDH an t-ionad cultúir i mBéal Feirste, An Droichead, tús le féile seachtain ón lá amárach, a scríobhann Pól Ó Muirí. Mairfidh na himeachtaí go dtí an Domhnach, 26ú Lúnasa.
Beidh ceolchoirmeacha le hIarla Ó Lionáird agus Steve Cooney, Breandán Begley agus Caoimhín Ó Raghallaigh agus Pádraig Rynne, Dónal Lunny, John McSherry agus Graham Henderson, mar aon le ceardlanna ceoil do thosaitheoirí.
Le cois an cheoil, beidh na scannáin Poitín agus Mise Éire le feiceáil, turas siúlóide logainmneacha, oíche airneáil, dianchúrsa Gaeilge, bunrang Gaidhlig agus imeachtaí do pháistí.
Eolas: www.androichead.com
IRISH TIMES
The ups and downs of results 2012
Lúnasa 16, 2012
Leaving Cert Results: Record numbers get bonus in maths
Lúnasa 16, 2012
Dramatic fall in number failing maths in Leaving Certificate
Lúnasa 16, 2012
An Ghaeilge Leictreach
Lúnasa 13, 2012
Tarlaíonn sé gach bliain, lárionad an cheoil agus na nuálaíochta, féile chultúir do gach aois – céard eile ach ‘Electric Picnic’ agus é ag treisiú agus ag bláthú ó bunaíodh é i 2004.
Tá clú agus cáil bainte amach ag an bhféile álainn seo agus í ar comhchéim le féilte móra ceoil ar nós Bestival, Glastonbury agus Exit ó thaobh an cheoil de ach is iad na rudaí beaga iontacha a dhéanann idirdhealú idir Electic Picnic agus gach féile eile ar domhan. I mbliana beidh sí ar siúl ó 31 Lúnasa agus 2 Meán Fomhair.
Cuireann an fhéile seo réimse ollmhór siamsaíochta ar siúl do na mílte cuairteoirí gach bliain idir taispeántais ciorcas, drámaíochta agus grinn, ceol réabh sa choill, ceardlanna potaireachta agus pubaill mhachnaimh agus iad ar fad scaipthe idir na rannóga agus na pubaill éagsúla – ‘Corp agus Anam’ agus ‘Stáitse an Salty Dog’ san áireamh.
Le blianta beaga anuas leagadh béim ar an nGaeilge le linn na féile. Laistigh den rannóg ‘Mindfield’ a fheicfear ceol, damhsa, drámaíocht, scannánaíocht, filíocht, greann agus rap trí Ghaeilge agus beidh an rud céanna ag tarlú arís i mbliana.
Is iad Rossa Ó Snodaigh agus Dónal Ó Donnabháin eagraithe na n-imeachtaí Gaeilge agus tá neart beartaithe acu don bhliain seo cheana féin. Le linn an deireadh seachtaine beidh na himeachtaí a leanas le feiceáil sa Phuball ‘Spoken Word’:
- GAA Karoke: Aonghus Ó hEochaidh agus déanamh tráchtaireachta beo ar an gcluiche Leath Cheannais Peile.
- Diospóireacht Gaelscéal
- Seo Puipéid
- Lúibíní agus Amhránaíocht ar an sean-nós le Mairéad Ní Fhlatharta, Nell Ní Chróinín agus níos mó.
- Amhránaíocht agus ceol beo le Tara Ní Mhaonaigh & Seanán Ó Braonáin, Macara Ó Conghaile, Rónán Ó Snodaigh, Peadar Ó Goill, Eoin Ó Conghaile agus na Dirty Nines.
- Scannáin: Taispeánfar dhá ghearrscannáin le Tomás Ó Súilleabháin agus déanfar athghuthú ar tháir-scannán
- Drámaíocht le Fíbín, Manchán Mangan, Aisteorií Bulfin
- Filíocht le Gearóid Mac Lochlainn, Caoimhín Mac Giolla Cathain is Dairena Ní Chinnéide, Sorcha Fox, Seán Rua Ó Súilleabháin, Louis De Paor & Rónán Browne
- Cabaret Craiceáilte le Rónán Mac Aodh Bhuí
- Sexy Sean-nós: Ceardlann damhsa ar an sean-nós le ‘cur chuige’ éagsúil.
Má tá tú ag teacht chun na Picnice i mbliana, déan cinnte buaileadh isteach go dtí an Rannóg Mindfield le haghaidh neart ceol agus craic trí Ghaeilge!
Múinteoir Gaelscoile – Scoil na gCeithre Máistrí
Lúnasa 13, 2012
Tá múinteoir á lorg ag Scoil na gCeithre Máistrí, Co. na hIarmhí.
Cuirfear tús leis an tréímhse oiliúna ar an 3 Meán Fómhair 2012.
Glacfar le hiarratais ar ríomhphost amháin chuig: postceithremaistri@gmail.com
Bíodh an t-eolas a leanas iniata le gach iarratas:
- Teistiméarachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
- Tuairiscí cigireachta
- Clárú na Comhairle Múinteoireachta
- An Ghnáth fhoirm iarratais don Mhúinteoireacht
Spriocdháta: 23 Lúnasa 2012
Múinteoir Gaelscoile – Gaelscoil na bhFilí
Lúnasa 13, 2012
Tá múinteoir á lorg ag Gaelscoil na bhFilí, Gaillimh.
Is Gaelscoil ilchreidmheach í Gaelscoil na bhFilí. Ard-chaighdeán sa Ghaeilge ag teastáil.
Is post buan é seo. Beidh trí lá lonnaithe i nGaelscoil na bhFilí, Gort Inse Guaire agus dhá lá eile lonnaithe i nGaelscoil eile i gcathair na Gaillimhe.
Treoracha:
1. Seol gach rud ar ríomhphost amháin le do thoil.
2. Seol gach rud mar cháipéis PDF amháin chuig gsfgaillimh2012@gmail.com más féidir.
3. Glacfar le doiciméad Word freisin chuig gsfgaillimh2012@gmail.com.
Spriocdháta: 22 Lúnasa 2012