Coláiste Pobail Osraí – Turas go Bhéal Feirste
Bealtaine 30, 2012
Rinne 47 daltaí ó Choláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh cuairt a thabhairt ar Meánscoil Feirste ar an 10ú Meitheamh. Baill de Choiste Gaeilge na scoile a bhí i mic léinn Chill Chainnigh agus eagraíodh an turas chun go gcuirfeadh siad aithne ar Ghael óga eile. Roimh dúinn an cuairt a thabhairt ar na mic léinn Feirsteacha, d’fhreastail ár ndaltaí ar “Black Cab Tour” chun tuiscint níos doimhne a fháil ar an gcomhthéacs ina mhaireann na Gael óga thuas ansin. Ina dhiaidh sin, ag meán lae rinne muid lón a glacadh i gcomhluadar na mic léinn Feirsteacha agus ina dhiaidh bhí lá scléip eagraithe dúinn. Bhí cluichí cispheile agus ‘dodgeball’ ann idir na daltaí agus cluiche ‘dodgeball’ idir na múinteoirí féin fiú amháin. Ní nach ionadh b’fhéidir gur tugadh léasadh cheart dos na Deisceartaigh. Bhíomar ana shásta ar fad leis an chaoi a raibh na daltaí ag meascadh agus ag baothchaint. Ar an mbus abhaile bhí mórlucht na ndaltaí ag triail canúint Feirsteach a chur ar a gcuid caint. Tá sé eagraithe againn go dtabharfaidh na hUltaigh cuairt orainn an bhliain seo chugainn.
Aitheantas buan do Ghaelcholáiste Chill Dara
Bealtaine 30, 2012
Tá aitheantas buan bronnta ag an Roinn Oideachais ar Ghaelcholáiste Chill Dara.
D’oscail an mheánscoil sa Nás i 2003 le naonúr daltaí agus fuair siad aitheantas sealadach i 2004. Beidh suas le 200 dalta ag freastal ar an scoil i mí Mheán Fómhair 2012.
“Is cinneadh fíorthabhachtach é seo a thugann aitheantas don éileamh ollmhór atá ar fud fad na tíre d’oideachas lánGhaeilge.” arsa Ard-Rúnaí an Fhorais Phátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra. “Tá an t-éileamh seo ag méadú gach uile bhliain agus go háirithe ag an dara leibhéal mar nach bhfuil a dhóthain soláthair ann.”
“Ba mhaith linn comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le gach duine atá bainteach leis an scoil a chinntigh ó bunaíodh é gur scoil den chéad scoth a bheadh ann.
Beidh scoileanna lánGhaeilge dara leibhéal faoin bhForas ag súil go mbeidh an cinneadh céanna a dhéanamh ag an Roinn Oideachais gan mhoill ar stádas a n-aitheantas féin, arsa Ó hEaghra.
“Tá buíochas ag dul don Roinn Oideachais as ucht a aithint go bhfuil an t-éileamh seo ann d’oideachas lánGhaeilge. Tá an dá scoil dara leibhéal de chuid an Forais Phátrúnachta, Meánscoil Gharman agus Gaelcholaiste Phort Láirge, fós ag feitheamh ar an dea-scéal céanna.”
Tá iarratais déanta ag an bhForas ar phátrúnacht le haghaidh ceithre scoil lánGhaeilge a bheidh lonnaithe i mBaile Brigín agus i nDún Droma i mBaile Átha Cliath, i gCarraig Uí Leighin i gCorcaigh agus iarratas faoi leith curtha isteach ar ghaelcholáiste do Mhaigh Nuad i gCill Dara.
D’éirigh leis an gcéad trí iarratas ach dhiúltaigh an Roinn Oideachais d’iarratas Mhaigh Nuad in ainneoin go raibh liosta éilimh a raibh níos mó ná 580 ainm bailithe leis ag iarraidh Gaelcholáiste sa cheantar.
www.gaelsceal.ie
Spriocdháta d’iarratais do Chlár an Bhrait Buí ar an 31 Bealtaine!
Bealtaine 30, 2012
Cláraigh anois do Chlár an Bhrait Buí a bheidh ar siúl ó Meán Fómhair 2012 go Meitheamh 2013.
Tá Gluaiseacht Taistealaithe na hÉireann ag iarraidh scoileanna nua a earcú a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh i gClár an Bhrait Buí sa tréimhse Meán Fómhair 2012 go Meitheamh 2013. Cuireann an clár comhionannas agus éagsúlacht chun cinn sna scoileanna. Tá tuilleadh eolais ar Chlár an Bhrait Buí ar fáil ar an láithreán gréasáin www.yellowflag.ie.
Bhí 3 ghaelscoil páirteach sa scéim anuraidh; Gaelscoil Riabhach, Co. na Gaillimhe, Gaelscoil an Bhradáin Feasa, Co. na Mí agus Gaelscoil Mhichíl Cíosóg, Co. an Chláir. Ba mhór le Gluaiseacht Taistealaithe na hÉireann níos mó scoileanna lán-Ghaeilge a mhealladh le páirt a ghlacadh ann. Tá lámhleabhar na scéime ar fáil i nGaeilge buíochas le tacaíocht ó COGG agus is féidir é a íoslódáil anseo: http://www.yellowflag.ie/images/misc/Irish_Travellers_v7_Irish.pdf.
Tá oiliúnóirí le Gaeilge ar fáil leis na ceardlanna a dhéanamh le scoileanna agus le tuismitheoirí chomh maith.
Tá foirmeacha iarratais ar fáil le híoslódáil ó láithreán gréasáin nua www.yellowflag.ie. Is é an dáta deiridh d’iarratais 31 Bealtaine, 2012, ach más mian leat fiú do spéis a léiriú ann thar ceann na scoile tá gach fáilte romhat teagmháil a dhéanamh le Paula Madden ar ríomhphost yellowflagprogramme@gmail.com nó ar 01 6796577.
Irish Traveller Movement
4-5 Eustace Street, D2
Tel: 01 6796577 or 0872410258
Campaí Samhraidh ar fud na tíre
Bealtaine 29, 2012
Is gearr go mbeidh scoileanna ar fud na tíre ag dúnadh don samhradh ach beidh deiseanna ag daltaí óga feabhas a chur ar a gcuid scileanna Gaeilge ag campaí samhraidh ar fud na tíre.
Feachtas
Lártíre-beidh Feachtas ag eagrú campa samhraidh do dhaltaí idir 10 agus 15 bliana d’aois i gcoláiste Naomh Fhinín sa Mhuileann gCearr i mí Iúil.
Beidh an campa samhraidh ar siúl ón 9 -13 Iúil agus beidh réimse leathan imeachtaí ann i rith na seachtaine mar shampla drámaíocht, ealaín, amhránaíocht agus spóirt éagsúla.
Tá tríocha spás ar an gCampa Samhraidh agus tá costas €70 an duine air. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Fheachtas ar 01 672 25940
Ógras
Ar fud na tíre-Tabharfar an deis do pháistí níos óige freastal ar champaí samhraidh a bheidh ar siúl ag an óg-eagraíocht Ógras i rith an tsamhraidh.
Bíonn roinnt mhaith de na campaí seo ar siúl i gCúige Laighean agus bíonn campaí eile ar siúl i Maigh Eo, i nGaillimh, i dTír Chonaill, i gCiarraí agus i nDoire.
Beidh go leor imeachtaí éagsúla ar siúl le linn na gcampaí samhraidh – ina measc beidh cluichí Gaelacha, cispheil, peil, drámaíocht, ceol, céilí, comhrá, ealaín agus cluichí boird.
Óige na Gaeltachta
Dún na nGall: Beidh campa samhraidh á reáchtáil i nGleann Cholm Cille in Ionad CLG naomh Columba. Beidh an Campa ar siúl ón 10.00am-3.00pm Breis eolais le fáil ó Sheán ag 0872441842 nó Síle 0749532956
Connacht/Laighean: Beidh campaí samhraidh ar siúl ar 16 Iúil – 20 Iúil i dTuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo. Beidh an Campa ar siúl ón 10.00am-3.00pm Breis eolas uaidh: Joanne ag 087-9092543 nó 091-506014
Na Déise: Reáchtálfar campa eile sa Rinn ón 16 Iúil – 20 Iúil
Corcaigh: Beidh Campaí Samhradh na Mumhan ar siúl i mí Iúil agus i mí Lúnasa. Cuirfear tús leo i mBéal Átha an Ghaorthaigh an tseachtain dar tús 9 Iúil agus beidh campa samhraidh eile ar siúl ón 23 Iúil – 27 Iúil ar Oileán Chléire. Ina dhiaidh sin beidh dhá champa samhraidh i gCúil Aodha ón 30 Iúil go dtí 10 Lúnasa.
Ciarraí: beidh campa samhraidh i gCorca Dhuibhne ón 13 Lúnasa – 17 Lúnasa Beidh an Campa ar siúl ón 10.00am-3.00pm gach lá. Breis eolais ó Debra ag 026-65883
Foilsithe ar Gaelport.com
Cá bhfuil an Obair?
Bealtaine 29, 2012
Is tráthúil ar fad téama an chláir raidió,’ Cá bhfuil an Obair’, sraith nua ina bpléifear deiseanna oibre in earnáil na Gaeilge.
Ghlac daltaí idirlín ó Choláiste Chillian, Cluain Dolcáin agus ó Mheánscoil Naomh Doiminic, Baile Formaid, Baile Átha Cliath a gcéad gcéimeanna mar thuairisceoirí raidió san earrach agus beidh toradh a gcuid oibre le cloisteáil sa tsraith raidió ‘Cá bhfuil an Obair’ an tseachtain seo.
Craolfar an tsraith ar an stáisiún raidió pobail West Dublin Access Radio. Beidh an chéad chlár le cloisteáil Dé Máirt 29 Bealtaine ar 10.30am. Leanfar leis gach lá an tseachtain seo ag an am sin agus beidh sé le cloisteáil ar an idirlíon ar www.wdar.ie.
Sraith raidió dátheangach is ea é ina bpléifear na deiseanna oibre atá ann in earnáil na Gaeilge. Díreofar ar réimsí éagsúla ina measc ateangaireacht, oideachas, cumarsáid agus na meáin agus cur chun cinn na Gaeilge.
Foilsithe ar Gaelport.com
Roma – ‘you’re the best’ teacher
Bealtaine 29, 2012
School’s girl power still going strong at 85
Bealtaine 29, 2012
Minister Sherlock announces new course for teachers of maths
Bealtaine 28, 2012
‘Childish political point scoring’ – SF hit back at Overend Irish school remarks
Bealtaine 28, 2012
Príomhoide Gaelscoile, Co. na Gaillimhe
Bealtaine 28, 2012
Tá príomhoide scoile á lorg ag Scoil Iognáid, Co. na Gaillimhe.
Is scoil lán-ghaelach Íosánach, Caitliceach í Scoil Iognáid (Uimhir Rolla: 19371Q). Tá an scoil faoi phátrúnacht Easpag na Gaillimhe.
Fáilteofar roimh iarratais ar ghnáth fhoirm iarratais do Phríomhoideacht Bhunscoile, atá ar fáil ó:
Peadar Ó hAilín, Uasal
Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta, (Scoil Iognáid)
f/ch. 10, Sráid Phroinsias, Gaillimh.
Tuilleadh eolais: 091-584491 nó peter@macdallen.ie
Caithfear iarrataisí a bheith curtha (tríd an bpost)roimh 5:00p.m. ar an Aoine, 8ú Meitheamh, 2012.