Méid an Téacs

Campa Samhraidh Feachtas sa Mhuileann gCearr

Bealtaine 22, 2013

8 Iúil 2013 – 12 Iúil 2013
Beidh Campa Samhraidh Feachtas 2013 á reachtáil sa Mhuileann gCearr, Co. na hIarmhí ag tús mí Iúil. Reachtáilfear Campa Feachtas, atá dírithe ar dhaltaí san aoisghrúpa 10-15 bliana d’aois, ón 8ú-12ú Iúil agus beidh an campa ar siúl i gColáiste Naomh Fhinín sa Mhuileann gCearr.

Eagraítear réimse leathan imeachtaí le linn na seachtaine do na daltaí agus dírítear ar eispéireas taitneamhach agus spraoiúil a chruthú le Gaeilge a fhoghlaim i suíomh atá neamhfhoirmeálta.

Reachtáiltear an campa óna 10r.n. go dtí a 3i.n. gach lá le rang Gaeilge ar maidin, imeachtaí ar nós drámaíocht, ealaíon, amhránaíocht, ceardlanna agus ceol san iarnóin chomh maith le comórtas spóirt le spóirt éagsúla ar nós peil, cispheil, corr agus sacar. Eagraítear turas lae ar an gcampa chomh maith.

Tá tríocha spás ar Campa Samhraidh agus tá costas €70 an duine ann. Beidh lascaine ann do theaghlaigh.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar Champa Samhraidh Feachtas téigh i dteagmháil leo ag:

Liam Ó Maolchluiche
Feachtas Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge
Oifig a 8,
Teach Coghill,
64 Sráid an Dáma,
BÁC 2.

Uimhir Theileafón: 087 9046136 / Ríomhphost: liam.feachtas@gmail.com

Online resource for Irish choirs is on-song

Bealtaine 22, 2013

Online resource for Irish choirs is on-song Soprano Deirdre Moynihan,centre,with Coláiste Choilm Ballincollig students Evan McCába, Ciara O’Hanlon, Aoife McPolin and Luke Gallagher
Launched during the Cork International Choral Festival earlier this month, Deirdre Moynihan’s Choirs CAN project is a free online resource for choirs and amateur singers. The resource taps soprano and fiddle player Moynihan’s experience in classical and traditional music.

Moynihan says of Choirs CAN, which she produces: “It began about 12 months ago, as an idea to bring traditional songs into the realm of choral music. I wanted to make it accessible for everyone, not just in Ireland, but to choirs all over the world. The idea was to provide practical tools for choirs and conductors.
“Having spoken to people about it, there was a general consensus that there is a lack of arrangements, so I consulted them to see what they’d need.

“They were excited about having more Irish music available to them.” Moynihan successfully applied for funding from the Arts Council of Ireland, through the Deis award and Forais na Gaelige.

Their support allowed her to make imaginative, four-part choral arrangements, of eight traditional songs, available on her website to amateur choirs. The downloads include not just sheet music, but recordings of all the works by Moynihan’s choir, Moving Voices, and audio-learning aids for singers who learn better by ear.

An Irish pronunciation guide is included for each song, too.
“It’s nice to have the recordings as a reference. I think, it makes them less daunting,” Moynihan says. Moynihan made four of the arrangements,
commissioning two each from composers Andrew Synott and Mark Armstrong.

“The brief, for all of us, was to arrange something that would be suitable for secondary school and non-professional adult choirs, and to maintain the integrity of the traditional song.
“Within the set, there’s a variety in terms of style and difficulty. I really do think there’s something there for everybody. There’s a lot of fun to be had with them and

I think choirs will really enjoy singing them,” Moynihan says. Some 500 singers took part in the first public performance from the collection, during the ‘big sing’ at Cork International Choral Festival on the May bank holiday. Members of choirs from Ireland and abroad joined the public at the annual event, which was conducted by John O’Brien. Conducting from the stage of Cork City Hall, O’Brien formed a choir in 45 minutes, from the singers filling the auditorium, to singing Moynihan’s arrangement of ‘Óró sé do Bheatha ‘Bhaile’.

The project injects accessible choral music into a repertoire that can stagnate, with the same pieces of music being performed time and again in competition and concert.

The songs chosen all come from the seminal publication, Cas Amhrán, by Micheál Ó
hEidhin, a former schools’ inspector of music who died last year. “It was a little bluebook produced by the Department of Education in the 1970s,”says Moynihan. “My father used to teach us songs out of it, and I do find, when I mention it as a source, it’s very recognisable to a lot of people.

It had over a hundred songs, with lovely illustrations.” Choirs CAN represents an effective model for making participatory music accessible to the public for free, demonstrating a use of public funds that merits further exploration.
“I can certainly see it expanding in the future,” Moynihan says. “It will be interesting to see how much choirs use the resource.

www.irishexaminer.com

Coláiste Samhraidh i mBaile Átha an Rí

Bealtaine 21, 2013

Beidh Coláiste na Toirbhirte, Baile Átha an Rí á reáchtáil ón 1ú – 12ú Iúil 2013 (Níl an cúrsa ar siúl Dé Sathairn nó Dé Domhnaigh)
Aoisghrúpa: 12 – 18 bliana d’aois
Eagraí: Coláiste Néifinn, www.ColaisteNeifinn.com

I measc na n-imeachtaí bíonn spórt: Cluichí Gaelacha, Sacar, Cispheil, Eitpheil, Rounders, Tarraingt Téide,Rugbaí agus eile Dráma, Díospóireacht, Damhsa, Amhránaíocht, Ceol, Tráth na gCeist agus Turas.

Is í an Ghaeilge gnáth-theanga an choláiste seo

Costas: Táille iomlán an chúrsa: €200 (€250 tar éis 20 Meitheamh)

Áirítear costas an turais air seo. Is gá éarlais €50 a íoc le háit a chur in áirithint do gach scoláire.

An bhfuil spéis agat ann?

Eolas: 087-3903994 / colaisteneifinn@gmail.com

Slua mór i láthair ag oscailt Ghaelscoil an Chuilinn

Bealtaine 21, 2013

Osclaíodh Gaelscoil an Chuilinn go h-oifigiúil in Iarthar Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite, 18 Bealtaine.

Bunaíodh an Ghaelscoil i mBaile an Tirialaigh i Meán Fómhair 2012 le rang amháin ina raibh 15 dalta. Ach tá forbairt shuntasach tagtha ar an ngaelscoil ó shin agus táthar ag súil le fáilte a chuir roimh 32 dalta nua a bheas sa rang naíonáin bheaga i mí Meán Fómhair seo chugainn.

Bhailigh slua breá le chéile an tseachtain seo caite, , idir mhuintir na scoile agus an pobal áitiúil, le hoscailt oifigiúil agus éachtaí na scoile a cheiliúradh. I measc an ghrúpa i láthair bhí na Teachtaí Dála Leo Varadkar, Joe Higgins, agus Patrick Nulty, agus na comhairleoirí áitiúla Michael O’Donovan agus Kieran Dennison. Bhí an laoch spóirt Mícheál Ó Muircheartaigh mar aoi speisialta ar an lá agus labhair an Teachta Dála áitiúil, Joan Burton thar ceann an Rialtais faoin bhfeabhas agus dul chun cinn atá bainte amach ag Gaelscoil an Chuilinn le bliain anuas agus leagadh béim ar thábhacht na Gaelscolaíochta sa cheantar.

Bhí príomhoide Ghaelscoil an Chuilinn, Fergus Ó Conghaile an-sásta leis an oscailt agus an méid daoine a bhí i láthair; “Bhí an t-uafás daoine ann i láthair ag an oscailt idir dhaoine cáiliúla agus thuistí na scoile is a leithéid. Tá mé iomlán sásta leis an bhfás atá tagtha ar an ngaelscoil go dtí seo in éineacht le cúnamh an phobail. Ba mhaith liom buíochas mhór a ghabháil leis an sagart agus an reachtaire áitiúil a thug beatha dúinn agus a chuir fáilte romhainn sa cheantar. Táimid ag súil amach anseo le fás na scoile, chomh maith le h-oscailt Naíonra an Chuilinn i mí Meán Fómhair”.

Tá beirt fostaithe ag Gaelscoil an Chuilinn i láthair na huaire, is iad sin príomhoide na scoile Fergus Ó Conghaile agus Nóinín Ní Ghoill, atá mar mhúinteoir ann. Cé go bhfuil an rang naíonáin bheaga líonta don bhliain seo chugainn, táthar fós ag clárú dhaltaí nua don rang naíonáin mhóra agus rang a haon.

“Fásann an dúchas sa bhfoghlaim” atá mar mhana ag Gaelscoil an Chuilinn, agus is cinnte go bhfásfaidh an dúchas níos mó le líon na ndaltaí ag méadú sa Ghaelscoil as seo amach.

Tá tuilleadh eolas ar Ghaelscoil an Chuilinn ar fáil ar gaelscoilanchuilinn@gmail.com nó ar 01-8262022.

Beidh Naíonra an Chuilinn ag oscailt ag tús na scoilbhliana seo chugainn. Tá tuilleadh eolais maidir leis na naíonra nua ar fáil ar naionraanchuilinn@gmail.com nó 085-7266455.

Foilsithe ar Gaelport.com

Uachtarán Nua ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Bealtaine 21, 2013

Cúis áthais do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge a fhógairt go bhfuil Deirbhile Nic Craith ceaptha anois ina hUachtarán ar an gComhdháil.
Ag cruinniú de Bhord na Comhdhála le deireanaí, ceapadh Nic Craith ina ról nua, mar Uachtarán ar scátheagraíocht na hearnála deonaí Gaeilge, d’aon ghuth.
Tabharfaidh Nic Craith taithí fairsing léi chuig a ról úr, le tréimhsí fada caite aici ag obair le heagrais Ghaeilge éagsúla, agus breis agus scór bliain caite aici ag obair mar Oifigeach Sinsearach le Cumann Múinteoirí Éireann.
Bhí sí ina comhalta ar Bhord na Comhdhála faoi dhó roimhe seo, i dtús thar ceann Gaelscoileanna Teoranta agus ansin thar ceann Feachtas.
Ceapadh í ina Stiúrthóir ar Ghaelscoileanna Teoranta sa bhliain 1988, agus mar oifigeach sa Rannóg Oideachais de chuid CMÉ i 1992. Is Oifigeach Oideachais agus Rúnaí í Deirbhile do Choiste Oideachais Chumann Múinteoirí Éireann.
Tagann Nic Craith i gcomharba ar Phádraig Mac Fhearghusa a chomhlíon ról an Uachtaráin ón bhliain 2011.
Ag labhairt faoin gceapachán dúirt Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Kevin De Barra, “Cuirfidh an ceapachán seo go mór le saineolas na Comhdhála i réimse an oideachais. Tá Foireann agus Bord na Comhdhála ar bís chun dul i mbun oibre le duine leis an oiread taithí agus saineolais le Deirbhile. Go maire sí a ról nua!”

Foilsithe ar Gaelport.com

Oifigeach Oideachais – CNCM

Bealtaine 21, 2013

Tá an CNCM ag lorg iarratas ar phost mar Oifigeach Oideachais a thacóidh leis an gComhairle chun curaclam agus treoirlínte a fhorbairt maidir le hOideachas ar Reiligiún agus Creidimh agus ar Eitic do bhunscoileanna na hÉireann.
Riachtanais
Ní mór na nithe seo a leanas a bheith ag iarrthóirí (ar an dáta deiridh ar a nglacfar le hiarratais chomhlánaithe):
-céim aitheanta nó cáilíocht choibhéiseach ghairmiúil nó mhúinteoireachta
-eolas cuimsitheach ar chóras oideachais na hÉireann, ar shaincheisteanna reatha curaclaim agus measúnachta, agus saineolas ar leith ar oideachas eiticiúil, reiligiúnach nó morálta i mbunscoileanna
-sárscileanna cumarsáide agus cur i láthair agus an cumas ábhar scríofa ar ardchaighdeán a sholáthar
-scileanna i dTeicneolaíocht Faisnéise agus Chumarsáide (TFC)
Inmhianaithe
-scileanna taighde ar a n-áirítear bailiú agus taifeadadh sonraí, anailísiú, achoimriú agus scríobh tuarascálacha
-taithí, mar cheannaire nó mar rannpháirtí, ar fhorbairtí nó ar thionscnaimh churaclaim agus/nó mheasúnachta
-cáilíocht iarchéime sa sainréimse nó i réimse atá gaolmhar léi.
-scileanna agus taithí ar a bheith ag obair le suíomhanna Gréasáin agus le meáin dhigiteacha
-scileanna bainistíochta tionscadail.
Ní mór an Clárú Earcaíochta a bheith comhlánaithe agus an fhoirm iarratais a bheith faighte ag recruitment@ncca.ie roimh 5 a chlog tráthnóna Dé hAoine an 31 Bealtaine 2013.
Féadfaidh tú ceist ar bith atá agat mar gheall ar an bpróiseas nó ar an ról a sheoladh chuig recruitment@ncca.ie

Foilsithe ar Gaelport.com

Gradam Speisialta do Raidió na Life as ‘Scoth na Seirbhíse le 20 Bliain’ & ‘Láithreán Gréasáin na Bliana’ ag Gradaim Chumarsáide 2013

Bealtaine 21, 2013

Bronnadh Gradam Speisialta ar Raidió na Life as Scoth na Seirbhíse le 20 Bliain (1993 – 2013) ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2013 ag ócáid i nGaillimh Dé hAoine seo caite 17ú Bealtaine. Ag ócáid stairiúil i stair 20 bliain an stáisiúin bronnadh duais ar Raidió na Life freisin do ‘Láithreán Gréasáin na Bliana’ dá suíomh idirlín nua-sheolta www.raidionalife.ie a seoladh le linn sheoladh bhliain cheiliúrtha ‘20 Bliain Beo’ an stáisiúin le linn Sheachtain na Gaeilge níos túisce i mbliana.

“Tá Raidió na Life ag treabhadh leo leis na blianta le scéalta na príomhchathrach a chur inár láthair trí mheán na Gaeilge agus tá ríméad orainn an t-aitheantas atá tuillte acu mar cheann de na stáisiúin raidió pobail is bisiúla agus is fuinniúla sa tír a thabhairt dóibh,” arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais.

Ag caint dó i ndiaidh don stáisiún an dá ghradam a thabhairt leo, dúirt Muiris Ó Fiannachta, Bainisteoir Raidió na Life: “Údar mórtais ar leith dúinn an t-aitheantas seo a fháil ó Oireachtas na Gaeilge leis an nGradam Speisialta atá bronnta acu orainn as scoth na seirbhíse raidió pobail a chur ar fáil do Ghaeil na hArdchathrach le scór bliain anuas. Ar ndóigh, tá Raidió na Life anois ar fáil ar fud na tíre agus ar fud na cruinne tríd an aip do ghutháin chliste atá ar fáil saor in aisce ó shiopaí Google Play & iTunes agus ar ndóigh trínár láithreán gréasáin www.raidionalife.ie. Táimid thar a bheith bródúil gradam Láithreán Gréasáin na Bliana a bhuachaint ag na Gradaim Chumarsáide i mbliana freisin, go háirithe agus é in ardchomhluadar sa rannóg céanna le gaelport.com ; meoneile.ie; beo.ie agus láithreán chlár Cúla 4 TG4, www.tg4.ie/ie/programmes/cula4.html.”

Bliain éachtach a bhí ann go dtí seo do Raidió na Life agus iad ag ceiliúradh fiche bliain beo ar an aer. Bronnadh gradam ‘Stáisiún Raidió na Bliana’ orthu i nGradaim na Meán Ceilteach (‘Celtic Media Awards’) 2013 an mhí seo caite ag searmanas in Abertawe (Swansea) na Breataine Bige le linn Fhéile na Meán Ceilteach 2013. Déanann an fhéile sin ceiliúradh ar na meáin a chuireann teangacha & cultúir na dtíortha Cheilteacha chun cinn. Is é Raidió na Life an chéad stáisiún raidió pobail le gradam ‘Stáisiún Raidió na Bliana’ a bhuachaint i stair 34 bliain na féile – gradam atá buaite ag stáisiúin mhóra ar nós RTÉ Radio 1 & RTÉ Raidió na Gaeltachta roimhe seo. Bhí RnaG, BBC Radio Wales, BBC Radio Cymru & BBC Raidio nan Gàidheal ainmnithe taobh le taobh le buaiteoirí Raidió na Life i mbliana.

“Ag amanna bíonn sé deacair do Raidió na Life agus muid ag treabhadh linn le díreach triúr ball foirne lánaimseartha agus duine amháin páirtaimseartha agus muid ag iarraidh seasamh taobh le taobh leis na stáisiúin mhóra go mbíonn na scórtha nó na céadta fostaithe go lánaimseartha acu. Mar stáisiún pobail is ar bhonn deonach a ghlacann craoltóirí RnaL páirt sa stáisiún agus glacann 100-150 craoltóir deonach páirt sa stáisiún seo gach uile sheachtain den bhliain, le gan ach triúr foirne lánaimseartha agus maor deireadh seachtaine páirtaimseartha againn. Is éacht é an méid a bhainimid amach nuair a smaoiníonn tú air!

Gabhaimid buíochas ar leith le Foras na Gaeilge a chuireann maoiniú riachtanach ar fáil dúinn le tionscnamh Raidió na Life a choinneáil ag imeacht ó bhliain go bliain. Táimid thar a bheith buíoch don aitheantas a thugtar dúinn leis na gradaim ar nós Gradaim Chumarsáide an Oireachtais agus Gradaim na Meán Ceilteach agus táimid an-dearfach faoi thodhchaí an stáisiúin,” a dúirt Muiris.

Tá grianghraif ó Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais le feiceáil ag: http://www.seanomainnin.com/p815111731

Faoi Raidió na Life:
Tá Raidió na Life ag soláthar seirbhís raidió pobail lán-Ghaeilge do mhórcheantar Átha Cliath ar bhonn oideachasúil agus pobail ó 1993 mar stáisiún pobail sainspéise.

Tá cáil ar an stáisiún as ard-chaighdeán na gclár cainte a fhreastalaíonn ar réimse leathan aoisghrúpaí & sainspéiseanna i measc lucht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus a thugann dearcadh eile ar chúrsaí nuachta is cúrsaí cultúrtha d’éisteoirí. Aithnítear an stáisiún as ucht a réimse eicléictiúil ceoil, lena n-áirítear popcheol, rac-cheol, ceol traidisiúnta, snagcheol, ceol ailtéarnach, reggae, ceol clasaiceach, ceol domhanda, ceol leictreonah/damhsa, dord & droma, hip hop, r’n’b srl. – agus na cláir go léir curtha i láthair trí Ghaeilge.

Tá cúpla míle craoltóir deonach tar éis taithí chraolacháin a fháil le RnaL thar na blianta, ina measc Sharon Ní Bheoláin, Aoibhinn Ní Shúilleabháin, Aedín Gormley (RTÉ Lyric FM), Clíona Ní Chíosáin (Aifric TG4), Aodhán Ó Ríordáin TD, Rónán Ó Muirthile (Láithreoir ‘Splanc’ ar Newstalk & Léiritheoir Teilifíse), Cormac Ó hEadhra (Cormac ag a 5, RnaG); Cearbhall Ó Síocháin (RTÉ RnaG), Fachtna Ó Drisceoil (RTÉ/RnaG), Barbara Nic Dhonnachadha (i102-104), Darragh Ó Tuama (Newstalk), Maggie Bhreathnach (Red Shoe Productions), Tristan Rosenstock (Láithreoir Imeall ar TG4) agus neart eile nach iad. Craolann RnaL 7 lá sa tseachtain ar 106.4FM in Átha Cliath agus beo ar líne ag raidionalife.ie.

Bronnadh An Gradam Pobail ar an stáisiún sa Bharr 50 Gnó le Gaeilge 2010 agus bhuaigh sé Duais Údarás Craolacháin na hÉireann don Stáisiúin Raidió Pobail is fearr i gComórtas Náisiúnta Ghlór na nGael sa bhliain chéanna.

Faigheann an stáisiún tacaíocht airgeadais ó Fhoras na Gaeilge.

Campaí Samhraidh Ógras 2013

Bealtaine 21, 2013

1 Iúil 2013 – 2 Lúnasa 2013

Beidh Campaí Samhradh Ógras ar siúl arís i mí Iúil agus Lúnasa in ionad éagsúla timpeall na tíre. Beidh campaí lae ar siúl i gceantair éagsúla i gcúige Laighean, i gCo. Mhaigheo, Co. na Gaillimhe, i nDún na nGall, Ciarraí agus Doire.

Mar chuid lárnach de na campaí samhraidh bíonn neart imeachtaí á reáchtáil ina measc bíonn cluichí boird, ealaíon, ranganna, tóraíocht taisce, comhrá, cispheil, peil, drámaíocht, ceol céilí, turas lae agus neart spraoi.

Tá liosta de n hionad agus data ar fáil ar: www.ogras.ie

Beidh míle fáilte roimh pháistí aois 7-11 bliain d’aois

Costas €55 an páiste
Má dhéanann níos mó ná gasúir amháin as aon teaghlach freastal ar an gcampa is costas de €50 tá i gceist do ghasúr.

Tuilleadh eolais ar fáil óna sonraí teagmháil seo a leanas:
Ógras
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2

Guthán: 01 4751487 / Ríomhphost: eolas@ogras.ie

Campaí Samhraidh Locha Riach 2013

Bealtaine 21, 2013

6 Lúnasa 2013 – 17 Lúnasa 2013
Beidh Campaí Samhraidh Locha Riach ar siúl i gCo. na Gaillimhe idir 6ú agus 10ú agus 12 agus 17ú Lúnasa 2013. Tá campa samhraidh ar siúl anois don dara bliain déag as a cheile i mBaile Locha Riach in oirthear na Gaillimhe.
Beidh go leor craic agus spraoi ag an champa samhraidh i mBaile Locha Riach arís i mbliana. Cosnaíonn sé €45 ar pháiste in aghaidh na seachtaine agus €90 ar feadh coicíse.

Tá lacáiste ar fáil do theaghlaigh.

Mar chuid lárnach de na campaí samhraidh bíonn neart imeachtaí á reáchtáil ina measc bíonn Scéalaíocht, ealaín agus ceol, drámaíocht, spóirt agus spraoi, agus amhránaíocht mar aon le turas lae agus neart spraoi.
Beidh míle fáilte roimh pháistí aois 7-11 bliain d’aois
Is féidir clárú anois

Tá tuilleadh eolais ar fáil thíos ó Ruth, Gaeilge Locha Riach, ar 091 870718 nó seol ríomhphost chuig oifig@lochariach.com
Suíomh gréasán: www.lochariach.com

SPRAOI ag Tuistí agus Leanaí don Samhradh

Bealtaine 21, 2013

Tiocfaidh SPRAOI, an grúpa dátheangach Tuistí/Leanaí, le chéile arís an Satharn seo chugainn, 25 Bealtaine ag 11 a chlog ar maidin.

Bunaíodh SPRAOI an samhradh seo caite agus tagann an grúpa le chéile gach dara Dé Sathairn in Ionad Phobal Darach Úr.

Bíonn tae agus caife do na tuismitheoirí agus comhrá dátheangach ar siúl acu fhad is a bhíonn na páistí ag spraoi. Cuirtear fíorchaoin fáilte roimh éinne go bhfuil suim acu Gaeilge a labhairt lena bpáistí agus iad i suíomh spraíúil, neamhfhoirmiúil. Ní gá a bheith líofa sa Ghaeilge ach díreach suim agus sásta triail a bhaint aisti!

Costas €3 an chlann a bhíonn le n-íoc agus bíonn tae/caifé/brioscaí chomh maith le sú do na páistí san áireamh sa chostas sin. Eagraithe i gcomhar le Comhluadar Teo tá an grúpa SPRAOI oiriúnach d’éinne le páistí suas go 5 bliana d’aois. Tiocfaidh an grúpa le chéile ar an 25ú Bealtaine, 8ú & 22ú Meitheamh agus an 6ú agus 20ú Iúil. Tá gach eolas ar fáil ó Emma i nGlór Cheatharlach ar (085) 1340047. Bígí linn agus beidh fáilte roimh cách!

www.carlow-nationalist.ie

« Previous PageNext Page »